Is liosta le háireamh iad na tionscnaimh uile ar thug an eagraíocht fúthu ó bunaíodh í sa bhliain 1953, roinnt mhaith acu dírithe ar dhaoine óga.

Baineann go leor de na grianghraif leis na comórtais díospóireachta, Slógadh, Siansa, Scoláireachtaí Trí Mhí agus eile

Tugann na gailearaithe éagsúla léargas ar obair na heagraíochta le blianta anuas agus léiríonn siad freisin an oiread daoine a bhfuil cáil bainte amach acu i réimsí éagsúla den saol, a thosnaigh amach le scéimeanna Gael Linn. Ábhar mórtais do Gael Linn é go bhfuil an-chuid acu seo fós ag plé le cúrsaí Gaeilge.

Slógadh

Cuireadh tús le Slógadh i 1970. Bhí sé bunaithe ar Eistedfodd na Breataine Bige agus lean an fhéile go 2001.

Le linn an ama sin bhí sé aitheanta mar an fhéile ba mhó san Eoraip a bhí ag freastal ar an óige.
Bain sult as na ghrianghraif agus tá lánchead aon cheann acu a íoslódáil.

Féach ar na grianghraif

Díospóireachtaí

Cuireadh tús leis na díospóireachtaí scoile i 1960 agus tá rath orthu go fóill. Sa ghailearaí seo tá pictiúir de fhoirne a ghlac páirt idir 1960 agus 2005. Ó 2006 tá Comórtas Uí Chadhain ann do na scoileanna lán-Ghaeilge agus Comórtas An Phiarsaigh do na scoileanna eile.

Féach ar na grianghraif

Scannánaíocht

Thosaigh aistear scannánaíochta Gael Linn in 1960 le ‘Mise Éire’ a rianaigh stair na hÉireann ó c.1890 go dtí 1917. Ina dhiaidh sin, bhí scannáin staire, eolais agus eile a léirigh saol sóisialta na tíre i rith na seascaidí agus seachtóidí.Ar cheann de na gnéithe is suntasaí, bhí an sraith nuachtscannáin ‘Amharc Éireann’ a taispeánadh i bpictiúrlanna timpeall na tíre agus atá fós ina fhoinse thábhachtach ar stair shóisialta. Féach orthu anseo

Féach orthu

Cúrsaí Trí Mhí

Chuir GL tús le scoláireachtaí trí mhí gaeltachta do pháistí bunscoile i 1955. Bhídís ag fanacht le teaghlaigh áitiúla (duine i ngach teach) agus ag freastal ar bhunscoileanna áitiúla. Ar feadh roinnt blianta sna 60í bhíodh coláiste samhraidh ag GL sa Cheathrú Rua, Col. Mhac Dara, agus ní raibh cead ag aon pháiste freastal air muna raibh cúrsa trí mhí déanta acu roimhe sin.

Féach orthu

Crannchur Gael Linn

Bhí sé mar sprioc ag Gael Linn i 1953 tabhairt faoi thograí ar mhaithe le cur chun cinn na Gaeilge. Chuige sin bhí gá le hairgead a bhailiú ón bpobal mar nach raibh an tacaíocht ar fáil ón rialtas. Bhí linnte i Sasana a bhí bunaithe ar na cluichí sacair agus chinn Gael Linn ar a leithéid a bhunú in Éirinn, bunaithe ar thorthaí na gcluichí gaelacha. Lean crannchur Gael Linn, i bhfoirmeacha éagsúla, go dtí 2023.

Féach orthu

Daoine Aitheanta

Is iomaí duine a ghlac páirt in imeachtaí Gael Linn agus a bhain cáil amach ar bhealach éigin ina dhiaidh sin, go leor acu sna meáin chumarsáide agus i saol an cheoil. Mar shampla bhuaigh Dara Ó Briain, Mary Hanafin agus Evanne Ní Chuilinn craobh na hÉireann sna díospóireachtaí agus i measc na gceoltóirí a bhuaigh duaiseanna i Slógadh bhí an grúpa Clannad, baill de na Hothouse Flowers, Dolores Ó Ríordan, Kila, agus na céadta eile a bhfuil aithne mhór orthu.

Féach orthu