Ceol agus Scannánaíocht Gael Linn ag Fleadh Cheoil na hÉireann

Mar chuid de Sheachtain na Gaeilge reáchtálfar an cur i láthair bríomhar ‘Ceol agus Scannánaíocht Gael Linn’ ag Fleadh Cheoil na hÉireann, Béal Feirste. Bígí linn ar bhóithrín na smaointe agus muid ag amharc siar ar Chartlann Ceoil Gael Linn le Marcas Ó Murchú, ceoltóir agus craoltóir aitheanta ó Bhéal Feirste, agus deis amharc ar mhíreanna scannánaíochta ó Amharc Éireann á cur i láthair ag Réamonn Ó Ciaráin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn. Beidh an bhéim ar oidhreacht shaibhir Gael Linn i gCúige Uladh. Beidh an ócáid seo ar siúl Dé Luain 3ú Lúnasa, An MAC, Béal Feirste, ar 13:00.