Ar an gCéadaoin, 25ú Márta 2026, thug foirne díospóireachta ó scoileanna éagsúla timpeall na tíre aghaidh ar Óstán Green Isle i gCluain Dolcáin, Co. Átha Cliath chun dul san iomaíocht i gCraobh na hÉireann de Chomórtas Díospóireachta an Phiarsaigh.
Ba í Áine Ní Ghlinn, Uachtarán an Oireachtais 2026, a bhí mar aoichathaoirleach ar an ócáid. Thréaslaigh sí leis na rannpháiritithe uilig as na scileanna maithe díospóireachta a bhí acu agus léirigh sí an-spéis sna tuairimí a bhí acu ar na hábhair a pléadh.
I gCraobh na Sóisear, labhair foirne ó Choláiste Pháirc Mhucrois, BÁC agus Meánscoil Loreto, Leitir Ceanainn ar son an rúin, agus bhí foirne ó An Scoil Idirmheánach, Cill Orglan mar aon le Scoil Pháirc Sandford, Raghnallach ina choinne. Chuaigh foireann Meánscoil Loreto go mór i gcionn ar an lucht éisteachta lena n-argóintí mealltacha, agus bhí sceitimíní áthais ar na baill, Kate, AmyRose, agus Elina, nuair a fógraíodh gurbh acu a bhí an bua á thabhairt leo!
Ag leibhéal na Sinsir, is foirne ó Scoil Pháirc Sandford, Raghnallach, Scoil Mhuire, Béal na mBuillí, Coláiste Ráth an Dúin, Gleann na gCaorach BÁC agus Coláiste na Toirbhirte, Durlas a bhí san iomaíocht. Ba iad foireann Coláiste Ráth an Dúin – Connie, Iseult, agus Cillian a d’ardaigh an corn ar deireadh. Éacht amach is amach a bhí i gceist agus Corn Gael Linn buaite acu.
Dóibh siúd nach raibh ábalta freastal ar an ócáid, craoladh na díospóireachta beo ar leathanach YouTube agus is féidir breathnú siar orthu anseo.
