Ar an gCéadaoin, 21 Eanáir 2026 thug foirne díospóireachta ó scoileanna lán-Ghaeilge éagsúla ó cheann ceann na tíre aghaidh ar Ostán Athlone Springs i mBaile Átha Luain, Co. na hIarmhí chun dul san iomaíocht i gCraobh na hÉireann de Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain.
Tá Comórtas Uí Chadhain á reáchtáil ag Gael Linn d’iar-bhunscoileanna a ndéantar an teagasc iontu trí Ghaeilge, agus bhí suas le 50 foireann páirteach ann ó thús na scoilbhliana seo. Eagraítear an comórtas le hurraíocht ó Fhoras na Gaeilge.
Dhá dhíospóireacht, Sóisear agus Sinsear, a bhí ann ar an gCéadaoin agus ba é Cormac Ó Dúlacháin AS, Cathaoirleach – Cumann Barra na Gaeilge a bhí mar aoichainteoir ag an ócáid. Tá sean taithí ag Cormac ar chomórtais díospóireachta Gael Linn mar gur ghlac sé fhéin páirt iontu ina óige.
Thug Coláiste Chroí Mhuire, an Spidéal Corn Uisne leo chomh maith le príomhdhuais an chomórtais, arbh fhiú €1000 í. Bhí ardchaighdeán amach is amach sa chraobh, le géariomaíocht idir Scoil Mhuire, Béal Átha ‘n Ghaorthaidh; Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua agus Coláiste Eoin, Baile Átha Cliath.
An rún a bhí faoi chaibidil acu ná ‘Táimid ródhian ar ár gcuid polaiteoirí in Éirinn’.
Ag leibhéal na Sinsir, thug Gaelcholáiste Phort Láirge; Gaelcholáiste Luimnigh; Meánscoil Gharman, Inis Córthaidh agus Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Na Doirí Beaga aghaidh ar a chéile ag plé an rún ‘Is fiú saothar na coiriúlachta’. Bhí géarchomórtas ann idir na foirne agus iad beagnach ar chomhmharcanna ag an deireadh. Gan aon amhras, bhí jab iontach deacair le déanamh ag an gcúigear moltóir ar an oíche, sin iad; Eileen Mc Evilly, Féilim Mac Donncha, Liam Mac a’ Mhaoir, Áine Hensey agus Fergus Ó Conghaile.
Sa deireadh thiar thall, bhí muintir Ghaelcholáiste Luimnigh chun tosaigh. Éacht amach is amach a bhí i gceist agus Corn Gael Linn buaite acu, an chéad uair riamh a d’éirigh leis an scoil an comórtas mór le rá seo a bhuachan. Níl aon amhras ach go raibh an duaischiste de €1000 tuillte acu. Dóibh siúd nach raibh ábalta freastal ar an ócáid, craoladh na díospóireachtaí beo ar leathanach YouTube agus is féidir breathnú siar orthu ar leathanach Gael Linn.
Tuilleadh Eolais: Sinéad Ní Mhaidín 0870578801, sinead@gael-linn.ie
