Cúrsaí ar líne

Categories
  • Ar Líne
  • Cúrsaí do dhaoine fásta
Cláraigh

Tá rogha idir cúrsa lae nó oíche ar líne a dhéanamh linn agus leibhéil éagsúla ar fáil. Thíos feicfidh tú costas, fad, na foirmeacha cláraithe agus leibheál do na cúrsaí in éineacht leis an am, lá agus dáta tosaithe. Déantar na ranganna ar an ardán Zoom agus tá sé riachtanach go bhfuil do chuntas Zoom féin agat chun páirt a ghlacadh sa rang agus is féidir cuntas a chruthú saor in aisce anseo. Freisin roinntear nótaí agus ábhair ranga ar Google Drive. Seans go mbeidh athrú le dátaí i rith an chúrsa mar gheall ar Laethanta Saoire Bainc.

Leanann ár gcúrsaí leibhéil TEG, is féidir tuilleadh eolais a fháil fúthu sin anseo. Muna bhfuil tú cinnte faoi do leibhéal féin is féidir an Triail TEG a dhéanamh anseo.

Le clárú ní gá duit ach cliceáil ar ‘cláraigh’ thuas. Líon isteach do chuid sonraí, roghnaigh do chúrsa ón liosta, agus gheobhaidh tú rphost uainn i ndiaidh tamaillín le deimhniú go bhfuil tú cláraithe. Tá táille seirbhíse de €5 leis an gcóras clárúcháin seo.

Nóta: Tugaimid lascaine de 10% d’aon duine atá ag filleadh chugainn, duine atá mar mhac léinn lán-aimseartha, duine dífhostaithe nó pinsinéir seanaoise.

The focus on comhrá – it made it a lot less intimidating and I was amazed how much vocab came back to me over the 6 weeks.

Na gnéithe den chúrsa a thaitin liom ná go raibh an rang an-bheag. Chomh maith leis sin bhí mé an-sásta go raibh béim mhór ar scileanna labhartha.”

I felt very lucky to be with a lovely group of learners and our teacher was very friendly, knowledgeable and approachable.”

Bhain mé taitneamh as caint le daoine eile gach seachtain, bhí an múinteoir suimiúil agus spreagúil, agus bhí na ceachtanna ábhartha.”

Má tá aon cheist agat maidir le do leibhéal féin a roghnú, déan teagmháil le hIan ag ian@gael-linn.ie nó eolas@gael-linn.ie.