Cúrsaí Gaeltachta do Dhaoine Fásta

Categories
  • Cúrsaí do dhaoine fásta
  • Cúrsaí sa Ghaeltacht
Cláraigh

Tá na cúrsaí seo á reáchtáil i nGaoth Dobhair, ceann de na ceantair Ghaeltachta is láidre sa tír. Bíonn ranganna an chúrsa ar siúl in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge (F92 V2AW an Eircode nó ‘Ionad na hOllscoile’ de réir Google Maps). Tá radharcanna ann nach bhfuil le sárú in áit ar bith, idir chnoic, tránna agus lochanna. Tá sé suite ar chósta thiar thuaidh Dhún na nGall agus tá sé ina cheantar láidir Gaeltachta.

Maireann na cúrsaí seacht lá ag tosú Dé Domhnaigh agus ag críochnú ar an Satharn. Beidh am saor agat gach tráthnóna chun dinnéar a fháil agus feicfidh tú ar an sceideal go bhfuil rud éagsúil ar siúl nach mór gach oíche. Tá gach imeacht istoíche roghnach ach molaimid go mór duit freastal orthu. Maidir le lón, brisfimid idir 13.00-14.00 gach lá agus de ghnáth tógann daoine a gcuid lóin isteach leo mar tá caintín againn san Acadamh ach díreach do chupán tae agus caife. Seans nach mbeadh an t-am agat dul go café áitiúil le linn na huaire sin, mar sin molaimid go dtabharfaidh tú lón leat gach lá. Tá ollmhargadh áitiúil darb ainm Gallagher’s Foodstore chun bia a cheannach. Níl aon leabhar le ceannach agat don chúrsa seo ach molaimid go dtógann tú fillteán agus leabhar nótaí leat ionas gur féidir leat fillteán foghlamtha a chur le chéile i rith na seachtaine. Is féidir leat teacht ar amchlár na seachtaine ANSEO.

Tá seacht leibhéal ar fáil ar na cúrsaí agus leanann ár gcúrsaí leibhéil TEG, is féidir tuilleadh eolais a fháil fúthu sin anseo. Muna bhfuil tú cinnte faoi do leibhéal féin is féidir an Triail TEG a dhéanamh ANSEO. Léigh tríd na ráitis thíos agus má oireann ceann acu do leibhéal Gaeilge reatha molaimid go roghnaíonn tú an ceann sin.

1. Complete Beginners (A0) – “I am a complete beginner, I know one phrase but nothing else”

2. Beyond Beginners (A1) – “I’m beyond beginner, I’ve studied Irish before and understand the basics, but still fairly basic level”

3. Improvers (A2) – “Tuigim go leor as Gaeilge, I’m a bit rusty and I want to solidify the basics and focus on more conversation and some grammar”

4. Pre-Intermediate (A2-B1) – “Tuigim an-chuid, ach ba mhaith liom snas a chur ar mo chuid Gaeilge”

5. Intermediate (B1) – “Táim ag iarraidh barr feabhais a chur ar mo chuid Gaeilge idir labhairt agus scríobh”

6. Pre-Advanced (B2) – “Táim nach mór líofa ach ba mhaith liom barr feabhais a chur ar mo chuid Gaeilge”

7. Advanced (C1) – “Tá ardchaighdeán Gaeilge sa chomhrá agam, ba mhaith liom díriú ar chúrsaí aistriúcháin agus ar phíosaí gramadaí níos dúshlánaí”

Is gá do rannpháirtithe an chúrsa a gcuid lóistín féin a shocrú agus tá go leor roghanna ar fáil sa cheantar. Is féidir leat teacht ar liosta lóistín agus tuilleadh eolais ANSEO.

Tá táille seirbhíse €10 leis an gcóras clárúcháin – a chiallaíonn go mbeidh €260 mar phraghas iomlán

Beidh an clárúchán do chúrsaí 2026 oscailte i mí Feabhra 2026. Más maith leat nasc a fháil don chlárúchán nuair a osclófar é, le do thoil LÍON AN FHOIRM SEO CHUN DO SPÉIS A LÉIRIÚ.

Tá uasmhéid 120 duine againn ar gach cúrsa. NÓTA: Tá lascaine 10% as táille an chúrsa ar fáil d’einne a bhfuil cárta mic léinn bailí acu, éinne atá ag fáil pinsin nó daoine ag cuartú poist.

Tá cúrsaí Gael Linn i nDún na nGall aitheanta ag an Roinn Oideachais agus sásaíonn siad an riachtanas gur gá do mhúinteoirí a oileadh lasmuigh den Stát freastal ar chúrsa aitheanta Gaeltachta Beidh léachtaí/ceardlanna do mhúinteoirí amháin chomh maith leis an ngnáthchlár oibre.

Is féidir teagmháil a dhéanamh linn do thuilleadh eolais trí ghlaoch a chur ar 01 675 1200  trí rphost ian@gael-linn.ie  tabhair cuairt orainn 35 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2. 

Tá liosta curtha le chéile againn anseo de na cúrsaí Gaeltachta ar fad atá ar fáil agus a bhíonn ar siúl sa tír do dhaoine fásta. Más rud é go bhfuil tú ag iarraidh canúint faoi leith a fhoghlaim, ceann nua a thriail nó taisteal do cheantar Gaeltachta nua, tá roinnt roghanna ann más duine fásta thú, ábhar oidí nó tuismitheoir.