Scéim Scoláireachtaí do Dhaoine Fásta 2026
- Cúrsaí do dhaoine fásta
- Cúrsaí sa Ghaeltacht

Is áthas linn a fhógairt go bhfuil ár scéim scoláireachtaí do dhaoine fásta atá á maoiniú ag Foras na Gaeilge oscailte anois agus táimid ag glacadh le hiarratais. Is deis í seo do dhuine fásta atá ag iarraidh freastal ar chúrsa Gaeltachta an samhradh seo iarratas a chur isteach chun scoláireacht ar luach €200 a fháil chun cuid de chostais an chúrsa Gaeltachta sin a chlúdach.
Le cur isteach ar an scéim ní gá ach trí cheist a fhreagairt:
1. Cé thú féin agus cén taithí atá agat leis an teanga?
2. Cén fáth go bhfuil tú ag iarraidh freastal ar chúrsa Gaeltachta an samhradh seo agus cén cúrsa atá ar intinn agat?
3. Cén fáth go bhfuil scoláireacht de dhíth ort agus cén chaoi a gcuideodh an tacaíocht mhaoinithe seo leat?
Ní gá ach brú ar an gcnaipe ‘Cuir isteach‘ thuas chun d’iarratas a dhéanamh.
Spriocdháta na scéime chun iarratas a chur isteach ná 17:00 ar an Déardaoin 21ú de mhí Lúnasa 2026 – ní ghlacfar le hiarratais i ndiaidh an dáta seo.
Ní bhainfidh Gael Linn mí-úsáid as do shonraí pearsanta ach díreach chun teagmháil a dhéanamh leat maidir le d’iarratas. Muna bhfuil seoladh ríomhphoist in úsáid agat is féidir d’iarratas in éindí le do chuid sonraí pearsanta (ainm, uimhir, seoladh baile srl.) agus freagraí na dtrí cheist a chur chuig an seoladh: Oifigeach Aosoideachais, Gael Linn, 35 Sráid an Dáma, BÁC 2, D02 H797.
Déanfar na hiarratais ar fad a phróiseáil agus déanfar teagmháil le hiarratasóirí rathúla ag deireadh mhí Lúnasa 2026.
Ní féidir ach le duine aonair amháin cur isteach ar scoláireacht amháin, agus ní bhronnfar scoláireacht ar dhuine faoi leith dhá bhliain as a chéile ionas go bhfuil seans ag daoine eile scoláireacht a fháil.
Má tá ceisteanna agat nó tuilleadh eolais de dhíth ort, is féidir teagmháil a dhéanamh le ian@gael-linn.ie