
Do na daoine óga ar fad amuigh ansin, idir bhuachaillí agus chailíní, a bhíonn ag déanamh aithris ar Bhrian Tyers, Mac Dara Mac Donnchadha nó Marty Morrissey, tá Gael Linn ag tabhairt seans daoibh bhur dtráchtaireacht féin a chur os comhar an phobail trí pháirt a ghlacadh sa chomórtas seo atá ainmnithe i gcuimhne ar an dtráchtaire cáiliúil Micheál Ó Muircheartaigh a thug an-tacaíocht d’obair Gael Linn i gcónaí.
I gcomhar le Nemeton, an comhlacht léiriúcháin teilifíse a bhíonn i mbun craolta ar chluichí CLG, agus Oifigeach na Gaeilge, Páirc an Chrócaigh, cuirfear físeán ar fáil den 8 nóiméad deireanach de chluiche peile nó iománaíochta cáiliúil, ach ní bheidh aon fhuaim leis an bhfíseán.
Cuirtear ainmneacha na n-imreoirí ar fáil agus fágfar faoin iomaitheoir a thráchtaireacht féin a thaifeadadh, bunaithe ar an aicsean a tharlaíonn san 8 nóiméad deireanach sin (5 nóiméad dóibh siúd atá cláraithe i Rannóg A)
Tosóidh gach píosa tráchtaireachta leis na focail ‘Fáilte romhaibh isteach a dhaoine uaisle, agus tagann sibh chugainn le 8/5 nóiméad fágtha sa chluiche seo idir A agus B’ Leanfaidh an tráchtaire ar aghaidh go dtí deireadh an chluiche.
Cuirtear an nasc chuig an fhíseán a roghnófar agus tabharfar treoir d’iomaitheoirí conas a dtaifid a cheangal leis an bhfíseán sin tar éis dóibh an fhoirm iontrála a líonadh.
Sinsear: 7- 8 nóiméad
Sóisear: 5 nóiméad
Rannóg A: Bunscoil
Rannóg B: Ranganna na Sraithe Sóisearaí
& GCSE
Rannóg C: Ranganna Ardteiste, Idirbhliain san áireamh, agus Ranganna A leibhéal
*NB*: Is comórtas aonarach é an Comórtas Tráchtaireachta.
Is féidir le daoine aonair cur isteach ar an gcomórtas ach ní mór do dhuine fásta i.e. múinteoir nó tuismitheoir/caomhnóir a bheith ag tacú leis an iarratas agus a bheith sásta a bheith mar theagmhálaí ag Gael Linn.
Is féidir le scoileanna nó le clubanna roinnt iarratais a dhéanamh le chéile do dhaltaí ach ní mór do mhúinteoir ón scoil nó duine fásta ón gclub a bheith ag tacú leis na hiarratais agus a bheith sásta a bheith mar theagmhálaí ag Gael Linn.
BUAITEOIR NÁISIÚNTA
Bronnfar an duais seo don iarracht is fearr as na hiontrálacha ar fad, beag beann ar an rannóg atá i gceist.
-Duais Airgid
- Seal a chaitheamh i mbosca tráchtaireachta TG4 ag cluiche le linn Sraith Peile/Iomána 2025.
- 4 thicéad do Mhúsaem Pháirc an Chrócaigh agus do thuras na staide.
- 5 ticéad iontrála do chluiche sraithe peile nó iománaíochta 2026 de rogha an bhuaiteora.
Chomh maith leis sin, beidh duaiseanna don 3 iarracht is fearr i ngach rannóg:
An 1ú Áit i ngach rannóg:
- Duais Airgid.
- 4 ticéid do Mhúsaem Pháirc an Chrócaigh agus do thuras na staide.
- 5 ticéid iontrála do chluiche Sraithe peile nó iománaíochta 2026 de rogha an bhuaiteora.
An 2ú hÁit i ngach rannóg:
- Duais Airgid.
- 4 thicéad do Mhúsaem Pháirc an Chrócaigh agus do thuras na staide.
- 5 thicéad iontrála do chluiche sraithe peile nó iománaíochta 2026 de rogha an bhuaiteora.
An 3ú hÁit i ngach rannóg:
- Duais Airgid.
- 5 thicéad iontrála do chluiche sraithe peile nó iománaíochta 2026 de rogha an bhuaiteora.
Tá comórtais den chineál seo thar a bheith tábhachtach do dhaoine óga an lae inniu go háirithe agus an suim a chuireann siad i gcluichí Chumann Lúthchleas Gaeil!