
Is í aidhm Tráth na gCeist Gael Linn ná seans a thabhairt do dhaoine óga in iarbhunscoileanna Chúige Uladh atá ag foghlaim Gaeilge, an teanga a chluinstin agus a úsáid ar bhealach taitneamhach, tairbheach, spraíúil, agus tacaíocht a thabhairt do na múinteoirí Gaeilge agus dá saothar.
Beidh Tráth na gCeist ar siúl in 8 n-ionad ar fud Chúige Uladh. Bronnfar duaiseanna ar na foirne a thagann sa chéad áit agus an dara háit sa dá roinn (Meánscoil agus Scoil Ghramadaí). Rachaidh na foirne sa chéad áit agus sa dara háit ar aghaidh chuig craobh réigiúnach agus eagrófar í seo nuair a bheidh na buaiteoirí ar eolas againn.
Bíonn 4 dalta ar gach foireann agus is féidir le hiarbhunscoil ar bith i gCúige Uladh foirne a iontráil ó na ranganna sóisearacha. Beidh teorainn leis an líon foirne gur féidir le scoil a iontráil (20 Foireann). Tá an comórtas dírithe orthu siúd i mbliain 10, ach glactar le daltaí as bliain 8 nó bliain 9 chomh maith.
Bronntar duaiseanna ar gach ball foirne den dá fhoireann is airde marc sa dá roinn (Meánscoil agus Scoil Ghramadaí).
Chun foirne a iontráil agus an táille de £5/€5 an fhoireann a íoc, CLÁRAIGH ag barr an leathanaigh agus lean na treoracha chun an fhoirm a líonadh agus chun é a sheoladh ar aghaidh chugainn ar líne. An dáta deiridh iontrála is ea 24 Meán Fómhair 2025.
30.09.25 – Dún Dealgan, An Lisdoo
02.10.25 – Doire, Óstán an Whitehorse
08.10.25 – Iúr Cinn Trá, Óstán an Canal Court
16.10.25 – An Chorr Chríochach, Óstán an Glenavon, Lá 1
17.10.25 – An Ómaigh – Scoil na mBráithre Críostaí
22.10.25 – Naomh Comgall, Béal Feirste (Uasmhéid de 20 Foireann an scoil)
23.10.25 – An Chorr Chríochach, Óstán an Glenavon, Lá 2
Rachaidh na buaiteoirí ó achan rannóg fríd chuig craobh Tráth na gCeist i mí Eanáir 2026.
Tuilleadh eolais faoi Tráth na gCeist
Tuilleadh Eolais ó Phóilín – poilin@gael-linn.ie
Gael Linn, Aonach Mhacha, 74-76 Sráid na nGall, Armagh, UK, BT617LG.