Bhí ócáid iontach ann ar an Satharn 31 Deireadh Fómhair ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne nuair a thug foireann Ollscoil na Gaillimhe Corn The Irish Times/Gael Linn abhaile leo tar éis a mbua i gCraobh na hÉireann de Chomórtas Díospóireachta Tríú Leibhéil Gael Linn 2026. Fuair Neasa Ní Ifearnáin agus Neans Nic Dhonncha an ceann is fearr ar Eimear Nic Dhonnchadha agus Rónán Ó hIcí ón gColáiste Ollscoile, BÁC a bhí sa dara háit. Bhí foirne páirteach freisin ó Ollscoil Uladh Mhic Aoidh agus ón Institiúid Oideachais, Marino. D’fhreastail suas le 300 duine ar an ócáid agus b’é Donnchadha Ó Murchú ó Nuacht RTÉ/RnaG a bhí mar aoichainteoir agus a bhronn na duaiseanna. Tá an comórtas seo á reáchtáil ag Gael Linn ó 1976 agus tá tuilleadh ghrianghraif le feiceáil ó chraobh na bliana seo agus ó na craobhacha eile ar fad thar na mblianta ar chartlann Gael Linn ANSEO
Corn Díospóireachta ar ais in Ollscoil na Gaillimhe
