Dolores Keane

Is méala mór do Gael Linn go bhfuil Dolores Keane imithe ar shlí na fírinne. Ar lipéad Gael Linn a thaifead Dolores cuid dá luathshaothar lena clann, Muintir Chatháin (1985), agus le John Faulkner, Sail Óg Rua (1983). Lena guth uathúil bhí sí in ann brí ar leith a chur i liricí na n-amhrán óna repertoire mór. Bhí a stíl amhránaíochta fréamhaithe i dtraidisiún sean-nóis iarthar na tíre. D’éirigh léi aird athnuaite a mhealladh d’amhráin ó thobar saibhir a dúchais. Thuill sí an clú a bhí uirthi mar dhuine de na hamhránaithe ba cheannródaíche i gceol traidisiúnta na hÉireann.

Déanann Bord agus foireann Gael Linn comhbhrón lena muintir ar fad.

‘Raghad chun coille is caithfead ann deireadh mo shaoil,

San áit ná beidh éinne, ag éisteacht le ceol na n-éan;

Fé bhun an chrainn chaorthainn, mar a bhfásann ann féar go leor,

Ag tabhairt taithneamh don duine úd, ‘sé Jimmy mo mhíle stór.’ (Jimmy Mo Mhíle Stór – Amhrán ón Traidisiún a chan Dolores ar an albam Sail Óg Rua)