Oidhreacht
Bíonn toradh ar obair Gael Linn
D’oibrigh bunaitheoirí Gael Linn amach go luath nach raibh rath ar chultúr na ngearán. B’fhearr leo an chéad chéim a ghlacadh iad féin agus an chéim eile ina dhiaidh sin. Bíonn toradh ar obair Gael Linn an mana a bhí acu. Tá oidhreacht shaibhir chultúrtha a bhfuil tábhacht náisiúnta agus idirnáisiúnta ag baint léi tiomsaithe ag Gael Linn ón bhliain 1953.
Stair Gael Linn
Achoimre ar bhuaicphointí i scéal na heagraíochta
- 1953
- Grúpa de iarchéimithe ón eagraíocht An Comhchaidreamh, agus Dónall Ó Móráin agus Riobárd Mac Góráin ina measc, a bhunaigh Gael Linn i 1953. Ceapadh Riobard mar an chéad bhainisteoir lánaimseartha. Chaith an bheirt acu a saolta ag obair leis an eagraíocht ina dhiaidh sin. (fch. Pic.) >> Bhí smaointe cinnte ag na bunaitheoirí faoi cad ba ghá a dhéanamh chun an Ghaeilge a chur ar bhonn slán agus, thairis sin, bhí barúil láidir acu faoi conas a d'fhéadfaí teacht thar an tseanchonstaic - ganntanas airgid. Cuireadh tús le Linnte Peile, bunaithe ar chluichí Gaelacha. >> Craoladh clár raidió seachtainiúil urraithe ar Raidió Éireann, mar a tugadh ar an Stáisiún Náisiúnta Raidió an tráth sin. D’fhógair an clár torthaí na linnte gach seachtain agus chuir sé imeachtaí Gaeilge chun cinn ar fud na tíre. >> Síníodh Gníomhas Iontaobhais idir An Comhchaidreamh agus seisear a ceapadh ina gCaomhnóirí (Iontaobhaithe). Ba iad seo, i ndáiríre, an chéad Bhord de chuid Gael‑Linn.
- 1954
- Ag Ollchruinniú an Chomhchaidrimh mí Iúil 1954, mhaígh Dónall Ó Móráin go raibh timirí ag an eagraíocht i ngach cearn den tír. Ba bheag brabús a rinne na linnte sa chéad dá bhliain áfach, agus ní raibh d’acmhainn ag na Caomhnóirí ach deontais bheaga a bhronnadh. Tugadh airgead le haghaidh scoláireachtaí Gaeltachta d’Ógra Éireann, don Gharda Síochána, agus do chraobhacha áirithe de chuid Chonradh na Gaeilge. Faoi dheireadh 1954, áfach, bhí £3,000 sa bhanc ag Gael Linn agus measadh gur leor é chun tabhairt faoi scéimeanna dá gcuid féin. >> I mí an Mheithimh d'eisigh an eagraíocht fógra faoin teideal 'Beidh Amharclann Ghaeilge Againn'. Ní raibh an t-airgead ann go fóill ach bhí súil ag na Stiúrthóirí go mbeidís in ann tabhairt faoi scéim amharclannaíochta ar ball. >> Bhog an fhoireann isteach in oifigí nua ag 44 Sráid Chill Dara, áit ar fhan siad go 1959.
- 1955
- Bunaíodh scéim scoláireachta Gaeltachta trí mhí do pháistí bunscoile. Chaith 32 páiste an téarma ón gCáisc go dtí an samhradh i gceantair éagsúla Gaeltachta. (fch pic.) >> Bronnadh deontas ar bhunaitheoirí Scoil Lorcáin, Baile na Manach, Baile Átha Cliath. >> Bunaíodh amharclann Ghaeilge i Halla an Damer, ar Fhaiche Stiabhna i mBaile Átha Cliath. Amharclann leath‑ghairmiúil/amaitéarach, bunaithe ar obair dheonach a bhí inti. Aisteoirí Chéitinn a chuir tús leis an chéad séasúr dramaíochta ar 14 Samhain le trí ghearrdhráma. Cuireadh tús le Club Dramaíochta freisin agus bhí saorchead isteach ag baill a d’íoc deich scilling mar tháille ballraíochta, chuig gach dráma ar feadh bliana. >> Cuireadh tús le scéim laghdú luacha faoina bhfaigheadh baill de Linnte Gael-Linn laghdú ar earraí de dhéantús na hEireann i siopaí a bhí luaite ar na bileoga a thugadh na timirí do na baill gach seachtain.
- 1956
- Cuireadh Oícheanta Seanchais ar bun i mBaile Átha Cliath mar chuid d’fhéile An Tóstal. Bhí scéalaíocht traidisiúnta agus amhránaíocht sean‑nóis ag croílár na n‑imeachtaí seo. Reáchtáladh na hoícheanta seo go bliantúil go dtí 1960. (fch. pic.) >> D’oscail Gael-Linn oifig ar Shráid an Chapaill Bhuí i gCorcaigh. >> Bhunaigh Gael-Linn scéim scoláireachta dhá mhí do pháistí meánscoile Thuaisceart Eireann le tréimhse a chaitheamh i nGaeltacht Thír Chonaill. Ag an am ní raibh aon choláiste samhraidh curtha ar bun ag Gael-Linn agus d’fhreastail formhór bhuaiteoirí na scoláireachtaí sin ar Choláiste Bhríde i Rann na Feirste. >> Ag léiriú Aisteoirí Ghaoth Dobhair de ‘Oíche Fhéil’ Mhichíl’ sa Damer, an léiriú deiridh den séasúr ar 7 Aibreán, ghabh Dónall Ó Móráin buíochas le gach éinne a chuidigh leis an Chlub Dramaíochta cúig chéad ball a chlárú ina chéad bhliain.
- 1957
- Tá ceirníní Gael-Linn ar na seoda is mó i gcoróin na heagraíochta. Sa bhliain 1957 chuir Gael Linn na ceirníní tosaigh amach - seancheirníní 78 c.s.n. Bhí amhrán ar an sean-nós ar thaobh amháin de gach ceirnín agus ceol uirlise traidisiúnta ar an taobh eile. Agus bhí clúdaigh deá dheartha orthu, maille le focail na n-amhrán, rud a bhí neamh-choitianta ag an am (fch pic.) >> Cuireadh tús le sraith féilte drámaíochta Gaeilge. Mar thoradh air sin, bunaíodh An Chomhairle Náisiúnta Drámaíochta, eagraíocht a bhí dírithe ar dhrámaíocht Ghaeilge a chur chun cinn ar bhonn náisiúnta. >> Rinneadh cinneadh ionad próiseála éisc agus glasraí a bhunú i gCama, i nGaeltacht na Gaillimhe. Ceannaíodh cúig bhád iascaigh chósta, a tugadh ar léas ceannacháin do na hiascairí áitiúla i gCarna.
- 1958
- Ceannaíodh eastát 135 acra i dTeileann i ndeisceart Dhún na nGall, ina raibh feirm chaorach/muc agus cearta iascaireachta chuig aibhneacha agus lochanna áitiúla agus Bá Theileann, go príomha chun slí bheatha na n-iascairí bradán áitiúla a chosaint. Díoladh an fheirm ina dhiaidh sin, agus díoladh na cearta iascaireachta le hÚdarás na Gaeltachta chun leasa comharchumann áitiúil. >> Bunaíodh institiúd teagaisc Gaeilge, Foras na Gaeilge, chun cúrsaí Gaeilge a eagrú do dhaoine fásta agus do dhaoine óga. >> Léiríodh dráma cáiliúil Bhreandáin Uí Bheacháin, 'An Giall', den chéad uair riamh i Halla an Damer. (fch. pic.) >> Cheannaigh Gael-Linn bloc oifigí trí stór ag barr Shráid Grafton, Baile Átha Cliath, le húsáid mar a gceanncheathrú nua. >> Eisíodh an chéad fhadcheirnín riamh ar lipéad Gael-Linn, le Tomás Ó Súilleabháin agus ceolfhoireann éadrom Raidió Éireann.
- 1959
- Cuireadh Amharc Éireann, nuachtscannán seachtainiúil le tráchtaireacht Ghaeilge ar fáil i bpictiúrlanna Rank ar fud na tíre. Taispeánadh breis agus 260 eagrán thar thréimhse cúig bliana. (fch. Pic.) >> Rinne Gael‑Linn aighneachtaí chuig an gCoimisiún Teilifíse, a bunaíodh chun moltaí a dhéanamh maidir le bunú an chéad stáisiúin teilifíse in Éirinn. Níor éirigh le hiarratas Gael‑Linn. Chinn an Rialtas comhlacht leathstáit a bhunú chun an tseirbhís nua a reáchtáil, Teilifís Éireann. >> Bunaíodh Cabaret Gael‑Linn, clár siamsaíochta ina raibh ceol, amhránaíocht agus damhsa traidisiúnta. Cuireadh léirithe ar stáitse in óstáin agus in ionaid turasóireachta ar fud na tíre. >> Bunaíodh Coláiste Chomáin, iar‑bhunscoil i Ros Dumhach, i nGaeltacht Mhaigh Eo.
- 1960
- Eisíodh Mise Éire, an chéad scannán lánfhada i nGaeilge, agus an chéad scannán dá leithéid bunaithe ar nuachtchláracha cartlainne. Bhí ceol a bhfuil cáil mhór air anois le Seán Ó Riada mar thionlacan ann. Dhírigh an scannán ar throid na hÉireann ar son neamhspleáchais ón naoú haois déag go 1917. (fch. pic.) >> Rinneadh infheistíocht i monarcha próiseála feamainne, Tora Toinne Teo., ar an gCeathrú Rua. >> Bhuaigh foireann ó Chlochar Loreto, Leitir Ceanainn an chéad Chraobh den gcomórtas díospóireachta nua a cuireadh ar bun don scoilbhliain 1959/1960. >> D’oscail Gael-Linn oifig i Sráid na nGall in Ard Mhacha. >> Léirigh Aisteoirí an Damer an ceoldráma ‘Spailpín a Rún’ a scríobh Seán Ó Riada, mar chuid d’Fhéile Amharclainne Átha Cliath.
- 1961
- Ag leanúint Mise Éire, tháinig an scannán Saoirse? amach, scannán lánfhada eile a chlúdaigh an tréimhse ó 1917 go 1922. (fch. pic.) >> Cuireadh scéim bheachaireachta ar bun i gCúil Aodha agus i gCorca Dhuibhne >> Eisíodh fadcheirnín leis an bpíobaire Séamus Ennis agus d'eisíodh ceirnín teagaisc le dul leis an leabhar 'Teach Yourself Irish'. >> Ceannaíodh trálaer dara láimhe, 'An Ros Nuala', le hoibriú fé bhainistíocht Gael-Linn (Carna) Teo. >> D’fhoilsigh 'The Sunday Review' cartún i mí an Mheithimh 1961 ina raibh fear ag cáineadh a chuid compánach óil sa teach tábhairne, agus an ceannlíne seo leis: ‘Mura bhfuil Gael-Linn in ann fear a chur chuig an ngealach, ní bheidh aon duine eile in ann é a dhéanamh!’
- 1962
- Ceannaíodh leapacha oisrí i mBá Chill Chiaráin, chun próiseáil éisc i gCarna a threisiú. >> Ceannaíodh áitribh i mBaile an Fheirtéaraigh agus i nDún Chaoin, i nGaeltacht Chorca Dhuibhne, chun laethanta saoire Gaeltachta a fhorbairt. >> Ghlac Gael‑Linn cúram agus bainistíocht ar shiopa chomharchumainn sa Rinn, i nGaeltacht Phort Láirge. >> Ionchorpraíodh an eagraíocht mar Gael‑Linn Teoranta, comhlacht faoi theorainn ráthaíochta gan scairchaipiteal.>> I measc na gceirníní a tháinig amach ar lipéad Gael-Linn bhí dhá cheann le Seán Ó Riada agus Ceoltóirí Chualann, ‘Reachaireacht an Riadaigh’ agus ‘The Playboy of the Western World’. (fch. pic.)
- 1963
- Ceannaíodh Inisfree Handknits Teoranta, comhlacht a tháirg éadaí lámh cniotáilte traidisiúnta, chomh maith le siopa miondíola i mBaile Átha Cliath — The Donegal Shop, suite sa Creation Arcade ar Shráid Grafton. (fch. pic.) >> Eisíodh scannán teagaisc gearr ar scileanna sa pheil Gaelach, Peil. >> Mar fhiontar nua tiomsaithe airgid, cuireadh Biongó ar bun in áiteanna éagsúla i mBaile Átha Cliath agus in ionaid eile ar fud na tíre. Reáchtáladh an chéad seisiún riamh de Bingo Gael –Linn i gcathair Chorcaí! >> Bunaíodh club óige do scoláirí a bhain tairbhe as scoláireachtaí Gaeltachta de chuid Gael‑Linn roimhe sin. >>>> Ceapadh Dónall Ó Móráin ina Cheannasaí ar Gael-linn agus ceapadh Riobard Mac Góráin ina Cheannasaí Cúnta.
- 1964
- Glacadh mór‑scair i gcomhlacht déantúsaíochta troscáin, John Hogg & Co. Ltd., a bhí ag trádáil faoin ainm Crannac, san Uaimh, Co. na Mí. >> Eisíodh scannán teagaisc gearr ar scileanna iománaíochta le laoch na hiomána ag an am, Christy Ring. (fch. pic.) >> Chuaigh Gael-Linn i ngleic le tionscal an phopcheoil go luath sna seascaidíidí agus d’eisigh siad sraith ceirníní singil i nGaeilge le hamhránaithe a bhí go mór i mbéal an phobail ag an am, Ray Donnelly, Seán Fagan, Sonny Knowles, Johnny Christopher, agus Joe Lynch. I measc na hamhráin a bhí ar na ceirníní bhí ‘Palabra d’Amour’, ‘Neillí Mhicí Óig’, ‘An bhfuil an fonn sin ort?’, ‘Bí Liom’, ‘Olagón’ agus ‘Fill’. Ní raibh an díolachán ró-mhaith ar na ceirníní ach den chéad uair riamh bhí an pointe déanta go bhféadfaí aon chineál seánra a chanadh agus a chur i láthair i nGaeilge.
- 1965
- Bunaíodh Coláiste Mhac Dara, coláiste samhraidh do scoláirí a ghnóthaigh scoláireachtaí trí mhí Gaeltachta ó Gael‑Linn roimhe sin, sa Cheathrú Rua, i nGaeltacht na Gaillimhe. (fch. pic.) >> Taispeánadh an gearrscannán Rhapsody of a River, a dhírigh ar fhorbairt shóisialta in Éirinn agus a ndearna An Roinn Gnóthaí Eachtracha comisiúiniú air, ag Féile Scannán Chorcaí.>> Eisíodh fadcheirnín de scéalta Dhiarmuid 'ac Choitir agus ceirníní nua seinmsínte de Nioclás Tóibín agus de Sheán 'ac Dhonncha. Chuir Roinn na gCeirníní rompu mar sprioc luach £2,000 a dhíol ar mhargadh na Nollag i gcomparáid le £1,000 an bhliain roimhe sin!
- 1966
- Eisíodh An Tine Bheo, scannán cuimhneacháin speisialta ar Éirí Amach 1916, a choimisiúnaigh Coiste Iubhaile 1916, agus taispeánadh é i bpictiúrlanna ar fud na hÉireann. (fch. pic.). Cuireadh an dráma 'Macalla' le Diarmaid Ó Súilleabháin ar ardán sa Damer agus d'eisíodh ceirnín le Seán Mac Réamoinn '1916: Mar a Cumadh an Aisling' mar ghnéithe de chomóradh Iubhaile 1916 freisin. >> Bunaíodh Irlandia, comhlacht margaíochta speisialta chun troscán Crannac agus táirgí Éireannacha eile a chur ar an margadh sa Ríocht Aontaithe. >> Bunaíodh Miotalra, gnólacht miotalóireachta i gCarna, i gcomhpháirtíocht le comhlacht i mBaile Átha Cliath, a tharraing siar ón ghnó ina dhiaidh sin.
- 1967
- Eisíodh gearrscannán ar an fhéile cheoil thraidisiúnta, Fleá Ceoil, a ghnóthaigh gradam ag Féile Scannán Bheirlín. >> Bunaíodh Cara‑Chumann Gael‑Linn, cumann cairdiúil a d’fheidhmigh mar uirlis infheistíochta don eagraíocht. >> Ceannaíodh mór‑scair i Glens of Antrim Tweed Co. Ltd., i gCushendall, Contae Aontroma. >> Chun tacú leis an teanga, d’ullmhaigh an Roinn Oideachais leabhrán chun cabhrú le lucht féachana sraith teilifíse nua dar teideal ‘Buntús Cainte’, agus d’ullmhaigh Gael-Linn taifead fuaime chun cur leis an tsraith. Bhí ‘Buntús Cainte’ dírithe ar thosaitheoirí agus ar dhaoine fásta a raibh páistí ar scoil acu. (fch pic.). >> Tháinig dhá cheirnín le Seán Ó Riada, Seán Ó Sé agus Ceoltóirí Chualann amach, ‘Ceol na nUasal’ agus ‘Ding Dong’,
- 1968
- Ceannaíodh agus athchóiríodh Ósta John Devoy, teach tábhairne agus bialann cheadúnaithe i mBaile Eoin, Co. Chill Dara. (fch. pic.) >> Ar iarratas ó Chlann na hÉireann, ghlac Gael‑Linn cúram ar bhrú, darbh ainm Brú na Mí, i nGaeltacht Bhaile Ghib i gCo. na Mí. Reáchtáladh cúrsaí samhraidh ann ar feadh dhá bhliain. >> Bhí Gael‑Linn lárnach i mbunú comhfhiontair le Gaeltarra Éireann agus trí pháirtí eile i dtionscal na n‑óstán. Bunaíodh Gaeltearmann Teoranta leis an aidhm sraith óstán ardchaighdeáin a fhorbairt i gceantair Ghaeltachta, ag tosú le Cathair Uí Dhónaill, i gCiarraí. >> Eisíodh Capallology, gearrscannán greannmhar faoi spóirt eachaíochta in Éirinn, a bhuaigh Gradam “Monaco” ag Féile Scannán na Bruiséile. >> Tháinig an ceirnín ‘Trup trup a Chapaillín’ le Cantairí Óga Átha Cliath amach.
- 1969
- Bunaíodh Slógadh, féile ealaíne don aos óg ina raibh babhtaí cáilithe áitiúla agus craobh‑chomórtas náisiúnta mar bhuaicphointe. Bhí réimse leathan comórtais i Slógadh a bhain le gach gné de na healaíona, drámaíocht, ceol, amhránaíocht, agus seanchas. >> Dúnadh siopa an chomharchumainn sa Rinn, agus rinneadh iarrachtaí cabhrú leis an bpobal coiste forbartha áitiúil a bhunú. >> I Márta 1969, i gcomhar le S. Ó Riada agus Ceoltóirí Chualann chuir Gael-Linn ceolchoirm ar stáitse sa Gaeity i gcuimhne ar an bhfile Ultach, Peadar Ó Doirnín. Is clasaic ag lucht ceoil an lae inniu an taifeadadh a rinneadh ar an cheolchoirm agus a heisíodh ar album i 1971, agus breathnaítear ar an ócáid féin mar chlochmhíle i nua-stair an cheoil thraidisiúnta. (fch. pic.) >> Díoladh na háitribh a bhí ag Gael-Linn i mBaile an Fheirtéaraigh agus i nDún Chaoin le fear gnó áitiúil.
- 1970
- Reáchtáladh an chéad Slógadh Náisiúnta i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, agus thug Gael Linn fadcheirnín amach ina dhiaidh sin le roinnt de na ceoltóiri agus amhránaithe a bhí tar éis páirt a ghlacadh. I measc na mbuaiteoirí ag an gcéad Slógadh Náisiúnta bhí an grúpa Clannad ó Ghaoth Dobhair i nGaeltacht Thír Chonaill. >> Ar an 28 Meitheamh reáchtáil Gael-Linn, S. Ó Riada agus Ceoltóirí Chualann ceolchoirm cheiliúrtha in onóir an chumadóra Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin i Halla na Cathrach, Corcaigh. Ní raibh an rath céanna air is a bhí ag an gceolchoirm sa Gaiety an bhliain roimhe sin ach ba ócáid speisialta é agus déanadh taifeadadh ar ábhar luachmhar ar an oíche a cuireadh ar an bhfadcheirnín 'Ó Riada' ina dhiaidh sin.
- 1971
- Tháinig an gearrscannán Pobal amach, scannán a bhí bunaithe ar shaol mhuintir na hÉireann. >> Bunaíodh Eachtra, cúrsa samhraidh eachtraíochta do dhéagóirí sa Cheathrú Rua, i gConamara. I measc na ngníomhaíochtaí bhí snámh, tarrtháil uisce, rianadóireacht, cadhcáil agus bádóireacht. (fch. pic.) >> Díoladh scaireanna Gael‑Linn i gCrannac. >> Eisíodh an t-albam iomráiteach ‘Ó Riada sa Gaiety’ le Seán Ó Riada, Seán Ó Sé agus Ceoltóirí Chualann, mar aon le taifeadadh de Sheosamh Ó hÉanaí, an t-amhránaí aitheanta sean-nóis. >> Bhásaigh Seán Ó Riada gan choinne ar 3 Deireadh Fómhair 1970 agus gan é ach 40 bliain d’aois.
- 1972
- Díoladh Ósta John Devoy, an teach tábhairne agus bialann i mBaile Eoin, Co. Chill Dara. (fch. pic.) >> Rinneadh socrú leis an Roinn Oideachais agus le Coiste Gairmoideachais Chontae Mhaigh Eo, lena nglacfadh an Coiste freagracht as feidhmiú agus maoiniú Choláiste Chomáin mar ghairmscoil. Bunaíodh coiste bainistíochta, ina raibh ionadaithe ón Roinn, ón gCoiste Gairmoideachais agus ó Ghael‑Linn. >> Rinneadh socrú comhpháirtíochta nua le Gaeltarra Éireann agus le Portarlington Engineering Products Ltd. maidir leis an ngnó miotalóireachta Miotalra, i gCarna. >> I measc na gceirníní nua a tháinig amach bhí ‘Máire Ní Scolaí’, ‘Skara Brae’, ‘Ceolta Uladh’ (Gerry Hicks), agus ‘Tony McMahon’.
- 1973
- Tugadh cuireadh don gearrscannán nua ‘Páistí ag Obair’ páirt a ghlacadh i bhFéile Scannán Londain, agus fuair sé ainmniúchán Oscar ina dhiaidh sin. Eisíodh scannán nua eile ‘Mótar Mó Chroí’ freisin. >> Aistríodh an coláiste samhraidh, Col. Mhac Dara go Machaire Rabhartaigh i nDún na nGall. (fch. Pic.) >> Aistríodh Eachtra, an cúrsa eachtraíochta go Gort a’ Choirce i nDún na nGall freisin. >> Rinneadh athchóiriú ar The Donegal Shop, an siopa i Sr. Grafton, B.Á.C., agus osclaíodh siopa ceoil nua, Fónódisc ar an láthair céanna. >> I measc na dtaifeadtaí a eisíodh bhí ‘Ceol Potter’ le Ceolfhoireann Éadrom RTÉ, ‘An Bóthar Cam’ le Ceoltóirí Laighean, ‘Rann na Feirste’, le amhránaithe áitiúla, ina measc Aodh Ó Duibheannaigh agus Neilí Ní Dhomhnaill, agus ‘An Ciarraíoch Mallaithe’ le Máire agus Séamus Ó Beaglaoich.
- 1974
- Eisíodh ‘Poc ar Buile’, scannán greannmhar faoi ghalf, le tráchtaireacht ó Niall Tóibín. >> Chomh maith leis an gcúrsa Eachtra i nGaeltacht Dhún na nGall, eagraíodh an dara cúrsa i gCorca Dhuibhne. >> Tháinig an t-albam Clannad 2 amach, agus an ceirnín singil 'An Damhán Alla' leis an ghrúpa ‘Na Cloigne Folmha’. >> Rinne Gael-Linn ceiliúradh ar 21 bliain a bhunaithe ag ócáid in Ireland House, Baile Átha Cliath, áit ar tugadh suntas don méid a bhí bainte amach go dtí sin. (fch. pic.). >> Tháinig Banc Aontas Éireann (AIB) ar bord mar urraitheoir ar an gcomórtas díospóireachta, urraíocht a lean go 1998. >> Chun seans a thabhairt do dhaltaí a bhí páirteach in imeachtaí Gael-Linn bualadh le chéile níos rialta agus a gcuid Gaeilge a chleachtadh bunaíodh scéim nua a chuir tús le clubanna óige timpeall na tíre.
- 1975
- Mar thoradh ar chomhfhiontar le Linguaphone, forbraíodh agus seoladh cúrsa nua féin‑fhoghlama Gaeilge. >> Osclaíodh coláiste samhraidh i mBaile Bhuirne, in iarthar Chorcaí. Bhí sé lonnaithel i bhfoirgneamh Choláiste Íosagáin, tógtha ar chíos ó Bhráithre de la Salle, ach i 1986 bhog sé go dtí an mheánscoil áitiúil Coláiste Ghobnatan. >> Ceannaíodh ceithre sheanphictiúrlann i mBaile Átha Cliath: The Cabra Grand, The Whitehall Grand, The Deluxe agus The Strand. Bhí trí cinn díobh seo ar cíos ag Gael‑Linn mar ionaid biongó le blianta fada roimhe sin. (fch. pic.) >> Eisíodh an fhadcheirnín ‘Tríona’ le Tríona Ní Dhomhnaill >> Bhronn Ollscoil na hÉireann dochtúireacht oinigh ar Dhónall Ó Móráin.
- 1976
- Cuireadh comórtas díospóireachta trí Ghaeilge ar bun do mhic léinn tríú leibhéal, le h-urraíocht ó The Irish Times. Foireann ón gColáiste Tráchtála, Rath Maoinis a bhuaigh an chéad chraobh. >> (fch. pic.) I measc na gceoltóirí agus na n-amhránaithe ar eisíodh a gcuid ceirníní ar lipéad Gael-Linn i 1976 bhí Micheál Ó Súilleabháin, Caitlín Maude, Aodh Ó Duibheannaigh, Seán Bán Mac Grianna, agus Seosamh Ó hÉanaí. Eisíodh albam leis an chuid is fearr de Shlógadh ’76 dar teideal ‘Bualadh Bos’ agus albam le Ceoltóirí Laighean dar teideal ‘The Star of Munster’ freisin.
- 1977
- Ceannaíodh uimhreacha 26 agus 27 Cearnóg Mhuirfean, mar cheanncheathrú nua Gael‑Linn. (fch. pic.) >>Tar éis trí bliana taighde, arna chur i gcrích i gcomhar le hOllscoil na Gaillimhe, rinneadh cinneadh tús a chur le forbairt na leapacha oisrí i mBá Chill Chiaráin, gar do Ros Muc i gConamara, a ceannaíodh ar dtús i 1962. >> Díoladh Pictiúrlann an Deluxe. >> I measc na gceoltóirí agus na n-amhránaithe ar eisíodh a gcuid ceirníní ar lipéad Gael-Linn i 1977 bhí Mairéad Ní Dhomhnaill, Jackie Daly agus Séamus Creagh, Mick Mulcahy, Pádraig Ó Carra, Paddy Glackin, Dermot O’ Brien, Micheál Ó Súilleabháin agus Nóirín Ní Riain, agus Clannad leis an t-albam ‘Dúlamán’.
- 1978
- I dtreo dheireadh na bliana, cuireadh deireadh le cur chuige na linnte peile mar a bhí, agus bunaíodh struchtúr nua, Cairde Gael‑Linn, mar bhunús do chrannchur míosúil do bhaill. (fch. pic.) >> I measc na gceoltóirí agus na n-amhránaithe ar eisíodh a dtaifid ar lipéad Gael-Linn i 1978 bhí Nioclás Tóibín, Seán de hÓra, P.J. Hernon, Nóirín Ní Riain, mar aon le halbam leis an chuid is fearr de Slógadh ‘78 agus albam curtha le chéile ag Ciarán Mac Mathúna dar teideal ‘Mo Cheol Thú’. >> Bhí an Slógadh Náisiúnta ar siúl i mbaile Loch Garman agus mhair sé ó Luan go Domhnach. Mar chuid den fhéile bhí ceolchoirm ag Clannad ar cheann de na hoícheanta. Ghlac cuid de cheoltóirí Slógadh páirt freisin i Slógadh Samhraidh sa ‘Hollow’ i bPáirc an Fhionnuisce, Baile Átha Cliath.
- 1979
- Chuir an comhlacht teicstílí, Glens of Antrim Tweed Co. Ltd., i gCushendall, Contae Aontroma, deireadh lena thrádáil. (fch. pic.) >> Aistríodh siopa ceoil Gael‑Linn, Fónódisc, go háitribh nua ar Shráid an Diúc, i mBaile Átha Cliath. I measc na dtaifead a eisíodh i 1979 bhí ‘Aifreann 2’ (S.Ó Riada), ‘Donncha Ó Briain’, ‘John Doherty’, ‘Ceol is Cibeal Chúil Aodha’, agus ‘An Fhidil 1’. Eisíodh ceirnín singil freisin leis an amhránaí aitheanta ó Bhéal Feirste Albert Fry freisin ar a raibh dhá amhrán ‘Mheall sí lena glórtha mé’ agus ‘Síos an tSliabh’. Eisíodh ceol na dtrí scannán, Mise Éire, Saoirse?, agus An Tine Bheo i bhformáid CD.
- 1980
- Tar éis leachtú Irish Record Factors, rinne Gael‑Linn cinneadh gníomhaireacht dáilte nua a bhunú i gcomhar le Mulligan Records. >> Bunaíodh An Coláiste Ard‑Rúnaíochta, coláiste rúnaíochta trí Ghaeilge, le soláthar a dhéanamh de rúnaithe oilte a bhí in ann feidhmiú trí mheán na Gaeilge. >> Dúnadh The Donegal Shop, an siopa i Creation Arcade ar Shráid Grafton, agus díoladh an léas ar an áitreabh. >> De réir chinneadh Údarás RTÉ deireadh a chur le cláir urraithe, craoladh clár raidió seachtainiúil Gael‑Linn don uair dheireanach ar an 29 Nollaig. >> Bhí Slógadh tagtha chun cinn mar fhéile ollmhór le deich mbliana anuas agus bhí Slógadh Náisiúnta 1980 ar siúl i nGaillimh. (fch. pic.)
- 1981
- Dúnadh siopa ceoil Gael‑Linn, Fónódisc, agus díoladh an léas ar na háitribh ar Shráid an Diúc, i mBaile Átha Cliath. ( fch. pic.) >> Ionchorpraíodh an eagraíocht tacaíochta Cairde Gael‑Linn mar chomhlacht. >> D’eagraigh Gael‑Linn seimineár i mBaile Átha Cliath ar staid na dteangacha neamhfhorleathana san Eoraip, go háirithe i gcomhthéacs tuarascála a cuireadh faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa go gairid roimhe sin. >> I measc na gceirníní a tháinig amach ar lipéad Gael-Linn i 1981 bhí ‘Rince Gréagach’ (Philip King agus Peter Browne), ‘Farewell but Whenever’ (Treasa O’ Driscoll), ‘Tommy Peoples’, agus ‘Cry of the Mountain’ (Micheál Ó Súilleabháin).
- 1982
- Foilsíodh doiciméad ar an oideachas dar teideal 'The Future of the Irish Language in the Irish Education System'. >> Thar thréimhse roinnt blianta, bhí an eagraíocht an‑ghníomhach i gcur chun cinn na dteangacha Eorpacha mionlaigh, agus bhí baill foirne de chuid Ghael‑Linn lárnach i mbunú An Bhiúró Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathana. (fch. pic.) >> Foilsíodh doiciméad eile ar raidió áitiúil, The Future of Irish Local Radio. >> Tharraing Mulligan Records siar ón socrú dáilte ceirníní le Gael‑Linn. Lean Gael‑Linn ar aghaidh ag dáileadh a lipéid féin agus lipéid eile.
- 1983
- I measc na gceirníní a tháinig amach ar lipéad Gael-Linn i 1983 bhí an ceirnín Sail Óg Rua leis an amhránaí iomráiteach Dolores Keane, in éineacht le John Faulkner. Seoladh freisin an t-albam Ceol Aduaidh le Mairéad Ní Mhaonaigh agus Frankie Kennedy a aithnítear mar albam ceannródaíoch i gceol traidisiúnta na hÉireann. Ceirníní eile a tháinig amach an bhliain sin ná; ‘Tráth’ (Barry Ronan), ‘Port an Phíobaire’ (Johnny Keenan), Croch Suas É’ (Frankie Gavin), agus ‘Éistígí Seal’ (Matt Cranitch. (fch. pic.) >> I gcomhar le Coiste Ghairmoideachais Loch Garman reáchtaladh cúrsa eachtraíochta (Eachtra) in Ionad Eachtraíochta Shíol Bheagáin sa chontae sin i rith an tsamhraidh.
- 1984
- Bhunaigh Gael-Linn nuachtán seachtainiúil nua, Anois. Ba é seo an chéad nuachtán Gaeilge i bhformáid tablóide agus an chéad cheann a d’úsáid cló lándaite. Dáileadh an foilseachán nua ag Newspread Ltd., mórdháileoir náisiúnta nuachtán agus irisí. Bunaíodh agus ionchorpraíodh comhlacht ar leith, Anois Teo., chun an foilseachán a riar. (fch. pic.) >> Díoladh an fheirm mhuc i dTeilinn, Co. Dhún na nGall. >> Reáchtáladh an cúrsa Eachtra deireanach ar Oileán Acla. Bhí costas na gcúrsaí sin ró‑ard don mhargadh sa timpeallacht eacnamaíoch chrua a bhí i réim ag an am. Dúnadh An Coláiste Ard‑Rúnaíochta, an coláiste rúnaíochta trí Ghaeilge, tar éis athrú beartais ag AnCO, an ghníomhaireacht stáit um oiliúint scileanna fostaíochta.
- 1985
- Drochbhliain a bhí ann d'fhoireann Gael-Linn mar gur bhásaigh Pól Mac Giolla, a bhí ag obair do Slógadh, i dtimpist bóthar agus gan é ach ina thríochaidí. (fch. Pic.) >> I measc na gceirníni a tháing amach i 1985 bhí 'I gCnoc na gCraí', (Noel Hill agus Tony McMahon), 'Jimmy mo mhíle stór', (Jimmy Crowley) agus 'Deora an Deoraí' (F. Gavin, P. Brock, C. Lennon). >> Eagraíodh an Slógadh Náisiúnta sa Mhuileann gCearr den chéad uair riamh. >> D’fhág Bibi Baskin a post mar eagarthóir ar an nuachtán ‘Anois’ chun post a ghlacadh in RTÉ, agus ceapadh Tomás Mac Síomóin ina háit. Laghdaíodh líon na leathanach sa nuachtán ó 20 go 16 de bharr deacrachtaí airgeadais. Chomh maith leis sin, thug Gael-Linn iasacht do ‘Anois Teoranta’ agus laghdaigh siad an cíos ar a n-oifigí chun cabhrú leis an nuachtán maireachtáil.
- 1986
- I measc na gceirníní a tháinig amach ar lipeád Gael-Linn i 1986 bhí 'Omós do Joe Cooley', 'Mary O' Hara sa Ghaileirí Náisiúnta', 'Bruach na Beirtri' (Seán Mac Donnchadha, Johnny Mháirtín Learaí), 'Sin Mar A Bhíonn' (Na Fíréin), 'Coumíneol' (Eoin Duignan), agus 'Sing Along Linn' (Máirtín Ó Díomsaigh) (fch. pic.) >> Chun díolachán an nuachtáin ‘Anois’ a chur chun cinn rinneadh socrú iris dar teideal ‘Authentik na Gaeilge’, iris a bhí dírithe ar fhoghlaimeoirí na Gaeilge agus a d’ullmhaigh Roinn na dTeangacha i gColáiste na Tríonóide, a dháileadh in éineacht leis an nuachtán gach seachtain.
- 1987
- Toisc gur shocraigh Coláiste na Tríonóide gan ‘Authentik na Gaeilge’ a fhoilsiú a thuilleadh, chinn Gael-Linn foilseachán nua a sheoladh chun cabhrú le mic léinn Ardteistiméireachta na Gaeilge, dar teideal ‘Dréimire’. Foilsíodh é seo i sé chuid i rith na bliana acadúla i gcomhar le ‘Anois’. Is é Éamonn Ó Tuathail a chuir ‘Dréimire’ in eagar, le cúnamh ó Áine Ó Cuirreáin. (fch. pic.) >> Díoladh na leapacha oisrí i mBá Chill Chiaráin, gar do Ros Muc i gConamara, le hÚdarás na Gaeltachta. >> I measc na gceirníní a eisíodh bhí ‘Macalla 2’, ‘Seana Choirce’ (Breandán Ó Beaglaoich), ‘Ó na Sceirdí Aniar’ (Seosamh Mac Donncha), ‘Go mBeannaítear Duit’ (Cór Chúil Aodha), ‘Donal Lunny’, ‘Ó Riada Retrospective’ agus 'Mise Éire' (Elmer Bernstein).
- 1988
- Ceapadh Dónall Ó Móráin, duine de bhunaitheoirí Gael‑Linn agus Ceannasaí lánaimseartha ón mbliain 1963, ina Chathaoirleach ar an gcomhlacht. Ceapadh Brian Mac Aonghusa ina Phríomhfheidhmeannach nua. (fch. pic.) >> I measc na gcéirníní a tháinig amach i 1988 bhí 'Na Saighneáin' (Kevin agus Séamus Glackin), 'Portráid' (Seán Maguire), agus 'Cruit' (Patrick Cassidy). >> D’éirigh Tomás Mac Síomóin as an eagarthóireacht ar ‘Anois’ chun filleadh ar a phost mar léachtóir agus ceapadh Micheál Mac Aonghusa ina áit.
- 1989
- Díoladh an iar‑phictiúrlann The Strand, a bhí in úsáid mar ionad biongó ag Gael‑Linn. >> Ag teacht le spéis leanúnach Gael‑Linn maidir le cur chun cinn na Gaeilge sna meáin chraolta, ceannaíodh scaireanna i Clare FM agus i Raidió Pobail Chiarraí. Mar thoradh ar seo tugadh suíochán ar Bhord an dá stáisiúin do Gael‑Linn. (fch. pic.) >> Bunaíodh Gradam Gael‑Linn, duais bhliantúil don scoláire a ghnóthaíonn na torthaí is airde sa scrúdú Ardleibhéil (A‑Level) Gaeilge i dTuaisceart Éireann. >> Eisíodh na ceirníní 'Plancstaí Bhaile na bPoc' (Muintir Uí Bheaglaoich), 'Solas Gorm' (T. Mac Dhonnagáin), 'Béal a' Mhúrlaigh' (PJ & Marcus Hernon), 'Siúil Uait' (Seán Ryan), 'Ceol Tigh Neachtain' agus 'Vox de Nube' (Nóirín Ní Riain).
- 1990
- Cuireadh tús le cúrsa samhraidh Gaeltachta do dhaoine fásta i nGaoth Dobhair, i nGaeltacht Dhún na nGall. >> Reáchtáladh an 20ú Slógadh Náisiúnta i nDurlas Éile, Co. Thiobraid Árann. Tar éis dó a bheith ag tacú go mór le Slógadh ar feadh na mblianta ba í 1990 an bhliain dheireanach don Uachtarán Pádraig Ó hIrghile a bheith i láthair le haghaidh shearmanais Bhronnta na nDuaiseanna. Chun an ócáid a chomóradh rinne Cathaoirleach Gael-Linn, Dónall Ó Móráin, bronnadh speisialta air. (fch. pic.). >> I measc na gceirníní a tháinig amach bhí 'Mick Mulcahy & Cairde' (Mick O' Connor, Joe Rynne, Mel Mercier), 'The Missing Reel/An Ríl ar Lár' (Séamus Maguire, John Lee) agus 'Smaointe' (Deirbhile Ní Bhrolacháin).
- 1991
- Bhí Baile Átha Cliath mar Chathair Chultúir na hEorpa don bhliain. Mar chuid de chlár imeachtaí na bliana, d’eagraigh Gael‑Linn ceolchoirm mhór san Olympia. Bhí Clannad, The Hothouse Flowers, Dónal Lunny agus a chairde páirteach, chomh maith le daoine óga ó Slógadh. >> Eagraíodh freisin Éigse / scoil deireadh seachtaine, Féile Zozimus, i gceantar na Liberties i mBaile Átha Cliath, dírithe ar chultúr thraidisiúnta na cathrach san ochtú agus sa naoú haois déag. Reáchtáladh an fhéile seo go bliantúil ar feadh ceithre bliana ina dhiaidh sin. >> Cuireadh tús le scéim nua - Tráth na gCeist Gael‑Linn - sraith quizboird do dhaltaí iar‑bhunscoile ar fud Thuaisceart Éireann, agus tá an-rath ar an scéim ó shin. (fch. pic.) >> Eisíodh an scannán Mise Éire i bhformáid físe VHS.
- 1992
- Craoladh Fios, tráth na gceist raidió trí Ghaeilge do scoileanna iar‑bhunscoile i dTuaisceart Éireann, arna eagrú ag Gael‑Linn, ar BBC Radio Ulster. >> Díoladh na cearta iascaigh i gCuan Theilinne agus sna haibhneacha agus lochanna áitiúla le hÚdarás na Gaeltachta. >> Ghlac Gael‑Linn cúram ar choláiste samhraidh Gaeltachta do dhéagóirí, Coláiste Ríocaird Bairéid, in Eachléim, i nGaeltacht thuaisceart Mhaigh Eo. (fch. pic.) >> I measc na halbaim a tháinig amach ar dhlúthdhiosca bhí, 'Feadóga Stáin 2' (Mary Bergin), '1691' (Na Casadaigh), 'Mo Chairdín' (Paul Brock), 'The Belfast Harp Festival' (Gráinne Yeats), 'Blas na Meala' (Pádraig Mac Mathúna), agus 'Michael Coleman 1891- 1945'.
- 1993
- Craoladh sraith de chláir thráth na gceist raidió trí Ghaeilge do dhaoine fásta ar RTÉ Radio 1, arna eagrú ag Gael‑Linn, faoin teideal Ceist Agam Ort. Mhair sé ar feadh roinnt blianta ina dhiaidh sin. (fch. pic.) >> Craoladh tráth na gceist raidió den chineál céanna do dhaoine fásta ar BBC Radio Ulster, arna eagrú ag Gael‑Linn, faoin teideal Freagair. >> Cuireadh sraith quizboird trí Ghaeilge ar bun do dhaltaí bunscoile sinsearaí sa Phoblacht. Eagraíodh na himeachtaí seo sna blianta ina dhiaidh sin faoin teideal Spraoicheist. >> Ceannaíodh iar‑phictiúrlann mhór i mBaile Átha Cliath, The Crumlin Superbowl agus deineadh athchóiriú uirthi mar ionad biongó. >> Chuir Gael‑Linn trealamh stiúideo ar fáil do stáisiún nua raidió Gaeilge i mBaile Átha Cliath, Raidió na Life. >> Bhronn Comhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais dochtúireacht ar Riobard Mac Góráin.
- 1994
- Seoladh Staighre, foilseachán nua chun tacú le scoláirí an Teastas Shóisearaigh. Foilsíodh é i sé chuid thar an mbliain, cosúil le Dréimire. (fch. pic.) >> Foilsíodh leabhrán dátheangach, Irish Works : An Ghaeilge ar do Shonsa, a mhínigh buntáistí na Gaeilge do dhaoine óga ó thaobh oideachais, fostaíochta agus féiniúlachta de. >> I gcomhar le ‘Gradaim Scannán agus Físe na nÍosánach’ bhronn Gael‑Linn duaiseanna speisialta don scannán is fearr i nGaeilge agus don úsáid is fearr de cheol traidisiúnta Gaeilge i bhfuaimrian scannáin. >> Eisíodh na dlúdhioscaí seo a leanas, 'Cóisir' (Máire O' Keefe), 'A Stór 's a Stóirín' (P. Ní Uallacháin), 'Dúchas Ceoil' (Lennon Family), 'Ceol na Gealaí' (Dordán), 'Cliaraí Ceoil' (Seán Ryan) agus 'Taobh na Gréine' (Seosaimhín Ní Bheaglaoich).
- 1995
- Ceannaíodh dhá áitreabh ar Shráid Cecilia, i mBarra an Teampaill, Baile Átha Cliath, leis an aidhm ionad cultúir Ghaeilge a fhorbairt. >> Cuireadh clár speisialta ar fáil dar teideal An Enrichment Programme in Gaelic Studies, mar mhodúl roghnach do dhaltaí sinsearacha i scoileanna áirithe i dTuaisceart Éireann nach raibh Gaeilge ar fáil iontu de ghnáth. Bhí ocht léacht i mBéarla sa chlár agus foilsíodh na léachtanna seo i 1997. Sa bhliain 2015 foilsíodh leagan uasdátaithe faoin teidil Aspects of a Shared Heritage. (fch. pic.) >> Díoladh Inisfree Handknits Teo., an comhlacht a tháirg éadaí cniotáilte láimhe traidisiúnta. >> Seoladh na dlúthioscaí seo a leanas, 'Séideán Sí' (P. Glackin, R. Hannan), 'Ceol Inné Ceol Inniu' (Carl Hession), agus 'Many's a Wild Night' (Jackie Daly).
- 1996
- D’éirigh Brian Mac Aongusa as oifig an Phríomhfheidhmeannaigh, agus ceapadh Herman Ó Briain ina ionad. (fch. pic.) >> Seoladh an tríú foilseachán nua, Céim, do dhaltaí na hArdteistiméireachta gnáthleibhéal agus do dhaltaí na hIdirbhliana. >> Thit an teacht isteach ó Bingo Gael Linn go mór de bharr an chosc ar thabac sna hallaí. >> Tar éis gur theip ar Anois conradh nua a ghnóthú ó Bhord na Gaeilge, tháinig deireadh lena fhoilsiú. Lean na foilseacháin oideachais Dréimire, Staighre agus Céim ar aghaidh. >> Bunaíodh cúrsa Gaeilge speisialta do mhúinteoirí bunscoile a bhí oilte lasmuigh den Stát. >> Seoladh na dlúthioscaí seo a leanas, 'An Dara Craiceann' (P. Ní Uallacháin), 'An Bodhrán' (Colm Murphy), agus 'Aoife' (Aoife Ní Fhearraigh)
- 1997
- De dheasca easpa tacaíochta stáit don ionad Gaeilge beartaithe i mBarra an Teampaill, díoladh na háitribh ar Shráid Cecilia mar chuid de chomhfhiontar le Óstlann Dhuibhlinne Teo., chun óstán agus ionad siamsaíochta Gaeilge a bhunú ansin. >> Cuireadh tús le scéim nua, Abair, comórtas cainte poiblí trí Ghaeilge do dhaltaí iarbhunscoile i dTuaisceart Éireann, mar rogha eile seachas díospóireachtaí foirne. (fch. Pic.) >> Atheagraíodh an córas tiomsaithe airgid Cairde Gael‑Linn, agus cuireadh líonra dlúth gníomhairí féinfhostaithe ar bun ar fud na tíre. >> Reáchtáladh an Slógadh Náisiúnta i gCeatharlach den chéad uair riamh agus cuireadh fáilte mhór roimh an Taoiseach John Bruton a thug cuairt ar an fhéile. >> Seoladh na dlúthdhioscaí seo a leanas, ‘Trá’ (Carl Hession), agus ‘Whistle Stop’ (Brian Hughes).
- 1998
- Cuireadh Féile Peile Gael‑Linn ar bun le féile trialach i Ráth Chairn, Co. Na Mí thar trí lá, féile do dhaltaí ó bhunscoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna. Reáchtáladh comórtas sraithe sa pheil agus neart imeachtaí spraíúla san oíche. Sna blianta ina dhiaidh sin, d’fhorbair an scéim agus eagraíodh cúig fhéile dhá lá ar leith ar fud na tíre, ceann i ngach cúige, ach dhá cheann i gCúige Mumhan. (fch. pic.) >> Cuireadh cúrsa bunscileanna sna meáin, Tús na Cumarsáide, ar fáil do dhaltaí Idirbhliana. Chlúdaigh an cúrsa eolas bhunúsach faoin bpreas clóite agus faoin gcraoltóireacht, chomh maith le bunghnéithe léiriúcháin clár raidió. >> I gcomhar le Údarás na Gaeltachta agus le Cumas Teo., rinne Gael‑Linn chomh-urraíocht ar chúrsa drámaíochta do chlubanna óige Gaeltachta. >> Tháinig deireadh le hurraíocht Bhanc AIB ar na comórtais díospóireachta ach lean na comórtais ar aghaidh.
- 1999
- Ceannaíodh léas ar 3 Sráid Dásain, Baile Átha Cliath, leis an aidhm ionad Gaeilge le caifé agus seomraí ranga a oscailt ann. Osclaíodh an bhliain ina dhiaidh sin é faoin ainm TríD ( fch. pic.). >> I mí Bealtaine bhunaigh an Coimisiún Raidió agus Teilifíse Neamhspleách, i gcomhar le Bord na Gaeilge/Foras na Gaeilge, Coiste Comhairleach um Chláir Ghaeilge. Bhí ionadaithe ón IRTC, ó Bhord na Gaeilge/Foras na Gaeilge, ó Gael Linn agus ó chúig stáisiún neamhspleácha ar an gcoiste. >> Chuir Gael Linn deireadh lena gcuid seisiúin biongó, agus ligeadh na trí halla ar léas gearrthéarmach le comhlacht biongó gairmiúil. >> Eagraíodh Lethanta Eolaíochta trí Ghaeilge do dhaltaí scoileanna lán‑Ghaeilge, i gcomhar leis an bPláinéadlann i gCathair Ard Mhacha. Soláthraíodh fuaimrian Gaeilge do cheann de na taispeántais closamhairc.
- 2000
- Foilsíodh doiciméad pholasai nua oideachais, ina raibh moltaí suntasacha chun feabhas a chur ar theagasc na Gaeilge sna bunscoileanna. >> Mar chuid de chomhfhiontar le Granada Learning, seoladh clár scríbhneoireachta idirghníomhach ar CD‑Róm, An Scríbhneoir Óg / Young Writer’s Workshop. >> Thug Gael‑Linn aistriúchán Gaeilge ar dhráma Martin McDonagh, The Beauty Queen of Leenane, chuig Amharclann Samuel Beckett, Coláiste na Tríonóide, BÁC, áit ar léiríodh é do lucht féachana lán‑tí thar chúig léiriú. >> Iarradh ar Gael Linn cúram a ghlacadh de Bhréagchúirt Uí Dhálaigh, comórtas cúirte bhréige trí Ghaeilge do mhic léinn dlí, agus tá sé mar cheann de scéimeanna Gael Linn ó shin. (fch. pic.) >> Tharraing Gael Linn siar ó Bhord Bhainistíochta Choláiste Chomáin, i Ros Dumhach, Co. Mhaigh Eo.
- 2001
- Fuair iar-Cheannasaí agus duine de bhunaitheoirí Gael-Linn, Dónall Ó Móráin, bás ar 11 Eanáir, in aois a 77 bliain. >> Eagraíodh sraith laethanta eolaíochta ag Ionad Fionnachtana Loch nEathach ar Oileán Oxford. >> Foilsíodh polasaí nua Gaeltachta. >> Bhog an eagraíocht isteach ina ceanncheathrú nua i 35 Sráid an Dáma. (fch. pic.) >> Tháinig deireadh le Slógadh, agus seoladh scéimeanna nua, Siansa, Seoid, Comórtas Clár Raidió, agus Coirm ina measc >> Go luath sa bhliain, b’éigean go leor d’imeachtaí Gael-Linn a chur ar ceal de bharr ráig den ghalar crúibe agus béil. >> Bhuaigh Gael-Linn i dTuaisceart Éireann Gradam Eorpach do chur chun cinn teangacha i gcomórtas a h-eagraíodh mar chuid de ‘2001-Bliain Eorpach na dTeangacha’. >> Mar chuid d’athbhrandáil na heagraíochta, cruthaíodh lógó nua agus chaill Gael-Linn a fleiscín!!
- 2002
- Tháinig Antoine Ó Coileáin i gcomharbacht ar Herman Ó Briain mar phríomhfheidhmeannach. (fch. pic.) >> An grúpa ‘Seansúil’, Craobh Sheáin Uí Threasaigh CCÉ, BÁC, a bhuaigh an chéad Chraobh de Siansa a reáchtáladh i nGaillimh. D'éirigh go han-mhaith leis na scéimeanna nua eile ar fad ar cuireadh tús leo le linn na scoilbhliana sin. >> De bharr fás na gaelscolaíochta tháinig deireadh le scéim na scoláireachtaí Gaeltachta trí mhi ar cuireadh tús leis i 1955. >> D'fhoilsigh Institiúid Teangeolaíochta Éireann, i gcomhar le Gael Linn, an leabhar ‘Gaeilge agus Fáilte: A First Course in Irish Language and Culture for Adults’ le Annette Byrne. >> In ómós do Dhónall Ó Móráin bhunaigh a chlann agus Gael Linn sparántacht do mhac léinn a dhéanfadh staidéar ar an bhéaloideas. >> Seoladh dhá CD nua, 'Sorcha' (Sorcha Ní Ghuairim), agus 'An Dealg Óir' (P. Ní Uallacháin).
- 2003
- D’eagraigh Gael Linn neart imeachtaí ceiliúrtha agus an eagraíocht ag comóradh caoga bliain ar an saol. Reáchtáladh an príomhócáid i gCaisleán Bhaile Átha Cliath agus d’fhreastail Uachtarán na hÉireann, Mary McAleese, uirthi, mar aon le go leor daoine ó saol na Gaeilge, agus cairde de chuid na heagraíochta. Bhí clúdach cuimsitheach ar na h-ócáidí ceiliúrtha ar fad ar na meán cumarsáide éagsúla i rith na bliana >> I gcomhar leis an gCoimisiún Neamhspleách Raidió agus Teilifíse, rinneadh dlúthdhiosca le frásaí gearra Gaeilge dar teideal ‘Blúiriní Gaeilge Gael Linn’ a thaifeadadh agus a scaipeadh ar gach stáisiún raidió áitiúil ar fud na tíre le craoladh go laethúil. Na craoltóirí Mairéad Ní Ghormáin agus Hector Ó hEochagáin a bhí le cloisteáil ar an dlúthdhiosca agus bhí an-tóir ag roinnt de na staisiúin air.
- 2004
- Seoladh cnuasach d’ábhar na gcéirníní 78 a eisíodh idir 1957 agus 1961 ar dhá dhlúthdhiosca maraon le leabhrán eolais faoin teideal ‘Seoltaí Séidte’ (fch. pic.) >> Seoladh dlúthdhiosca leis an ngrúpa Téada dar teideal ‘Lá an Dreoilín’ freisin. >> Arna eagrú ag Gael Linn agus Comunn na Gaidhlig agus le maoiniú ó Colmcille, tharla an chéad fhéile den scéim ‘Ri Chéile’ thar 3 lá i nDún Éadainn. Ar feadh roinnt blianta thug an ócáid le chéile buaiteoirí chomórtais díospóireachta agus óráidíochta Gael Linn agus buaiteoirí chomórtais díospóireachta Chomunn na Gàidhlig in Albain. Rinne na scoláirí díospóireacht lena chéile sa dá theanga agus ghlac siad páirt i réimse gníomhaíochtaí cultúrtha agus spraíúla eile.
- 2005
- Tar éis comhráití le RTÉ Raidió 1 socraíodh ar quizchlár i nGaeilge a chraoladh sa bhfómhar, faoin teideal 'Buille Faoi Thuairim', sraith a bheadh eagraithe ag Gael Linn, le RTÉ i mbun léiriúcháin. Cathal Póirtéir a bhí mar léiritheoir agus mar láithreoir. Cuireadh foirne le chéile ó 16 de chlubanna agus cumainn éagsúla ar fud na tíre agus déanadh formhór na mbabhtaí a thaifeadadh le linn an tsamhraidh, ach amháin an dá leathchraobh agus an Chraobh. Déanadh taifeadadh orthu sin ag ócáid ag Oireachtas na Samhna agus lean an nós sin ar feadh roinnt blianta. >> Eisíodh dhá dhlúthdhiosca nua i 2005, ‘An Áit a bhfuil do chroí’ le Niamh de Búrca agus ‘Áilleacht-Beauty’ le Pádraigín Ní Uallacháin
- 2006
- Déanadh cinneadh an comórtas díospóireachta d’iarbhunscoileanna a roinnt ina dhá chuid, Comórtas Uí Chadhain do na scoileanna lán-Ghaeilge agus Comórtas an Phiarsaigh do na scoileanna eile. >> Bhí éileamh an-mhór ar áiseanna teagaisc nua de chuid Gael Linn, ach go háirithe ‘Buntús Ceoil’ agus ‘Gaeilge Bheo’. >> Cuireadh na scannáin ‘Mise Éire’ agus ‘An Tine Bheo’ ar fáil i bhfoirm DVD. >> Tháinig an iris cheoil ‘Irish Music Magazine’ ar bord mar urraitheoir poiblíochta do Siansa. >> I mí Márta, d’eagraigh an Ceoláras Náisiúnta ceolchoirm i gcomhar le Gael Linn mar chuid den tsraith ‘Tradfest na Féile Pádraig’ agus d’eagraigh siad ceolchoirm eile i mí Lúnasa i gcomhar le Gael Linn ag comóradh seachtó cúig bliana ó rugadh Seán Ó Riada.
- 2007
- Bhásaigh Riobard Mac Góráin, iar-Cheannasaí agus duine de bhunaitheoirí Gael Linn. Bhuail buille trom eile an fhoireann i dtreo dheireadh na bliana nuair a fuair duine dá mbaill, Mártain Ó Siadhail, bás freisin tar éis tinneas ghearr. >> Ghlac Gael Linn le tairiscint chun coláiste Gaeilge nua a chur ar bun i mBun an Inbhir i dTír Chonaill. D’fhreastail 122 dalta ar an gcéad chúrsa agus tá an-rath ar an gcoláiste ó shin. (fch. pic.). >> Rinneadh taifeadadh ar 12 chlár don quizsraith 'Buille Faoi Thuairim' i rith an tsamhraidh agus tosnaíodh á gcraoladh ar RTÉ Raidió 1 ar 4 Lúnasa. >> Mar gheall ar an éileamh a bhí ar thicéid do Chraobh Siansa san Ionad Ealaíona sa Mhuileann gCearr b'éigean go leor daoine a chur ó dhoras agus bhí sé soiléir go mbeadh gá bogadh go h-ionad i bhfad níos mó.
- 2008
- Mar chomóradh 50 bliain ar an gcéad léiriú de dhráma Bhreandáin Uí Bheacháin, An Giall, sa Damer i 1958, rinne Aisteoiri Bulfin léiriú ar an dráma sa Damer ón 13 go 15 Meitheamh. Chomh maith leis sin d'fhoilsigh Gael Linn an leabhar 'An Damer – Stair Amharclainne' le Mairéad Ní Chinnéide. >> Cuireadh tús le Bewleys@6!, seisiún míosúil i mBewley’s ar Shráid Ghrafton a thug ardán do cheoltóirí agus amhránaithe, idir óg agus aosta, agus a reáchtáladh go hiomlán i nGaeilge. (fch. pic.) >> Reáchtáladh deireadh seachtaine chultúrtha do dhaoine fásta i Ráth Chairn. >> Mar gheall ar an éileamh ollmhór a bhí ar thicéid le cúpla bliain roimhe sin, socraíodh ar Chraobh Siansa a aistriú go dtí an Cheoláras Náisiúnta do 2008 agus na blianta ina dhiaidh sin.
- 2009
- Don dara bhliain as a chéile reáchtáladh deireadh seachtaine chultúrtha do dhaoine fásta i Ráth Chairn. D'éirigh chomh maith sin leis gur bheartaigh Gael Linn ócáid bhliantúil a dhéanamh de. >> De bharr nach raibh an Cheoláras Náisiúnta ar fáil do Chraobh Siansa d'éirigh leis an bhfoireann Halla na Coirme in Ollscoil Luimní a chur in áirithe don bhliain sin amháin agus d'éirigh thar cionn leis mar ócáid. >> Láinséaladh album nua le Áine Ní Cheallaigh, 'Binneas Thar Meoin' ag ócáid le linn Oireachtas na Gaeilge i Leitir Ceanainn >> Rinneadh urraíocht ar dhuais don ábhar oide a ghnóthaigh an chéad áit sa Ghaeilge i gColáiste Hibernia, ag súil go leanfadh an nós gach bliain ina dhiaidh sin. >> Tuairiscíodh go raibh lucht éisteachta thar a bheith sásúil ag an quizchlár seachtainiúil 'Buille Faoi Thuairim ar RTÉ Raidió 1.
- 2010
- Tháinig deireadh leis an tsraith cláir 'Buille Faoi Thuairim' tar éis cúig bliana nuair a chinn RTÉ Raidió 1 gan dul ar aghaidh leis. >> Sa chéad leath de 2010, eagraíodh cúig chúrsa scannánaíochta seachtaine san Eachléim le grúpaí ó Bhaile an Mhóta, ó Bhéal a’ Mhuirthid, ón Spidéal agus ón gCeathrú Rua. Chomh maith leis sin reáchtáladh modúl scannánaíochta ar an dá chúrsa samhraidh i gColáiste Riocaird Bairéid. (fch. pic.) >> Maidir leis na cúrsaí do dhaoine fásta a eagraítear gach bliain, eagraíodh 11 chúrsa sa Cheannáras le linn na bliana 2010 agus cuireadh sainchúrsaí ar fáil do Choláiste na Tríonóide, do Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus don Údarás um Shábháilteacht Bóithre.
- 2011
- Reáchtáladh féile 'Ri Chéile 2011', an fhéile bhliantúil a thug cainteoirí díospóireachta le chéile ó Éire agus Alba i gCluain Dolcáin, Co. Átha Cliath agus chuir na cuairteoirí an-suim san obair atá ar bun ansin chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Moladh an scéim seo i bPairlimint na hAlban as an nasc a chruthaigh sé idir dhaoine óga a labhair Gaeilge agus Gaedhlig na hAlban . (fch. pic ) >> Bhí líon mór mic léinn tríú leibhéal ag freastal ar fhéile an Oireachtais gach bliain, agus chun imeacht fiúntach oideachasúil a chur ar fáil dóibh le linn a dtréimhse ann, chinn Gael Linn an comórtas díospóireachta tríú leibhéal a athbhunú sa bhliain 2011. Reáchtáladh babhtaí réamhcháilithe i mí Dheireadh Fómhair agus reáchtáladh an chraobh le linn na féile. D’éirigh thar cionn leis agus is mórócáid é anois ag an Oireachtas gach bliain. Ba fhoireann ó UCD a bhuaigh sa bhliain 2011.
- 2012
- Ceann de na comórtais a bhíodh á reáchtáil ag Gael Linn ná comórtas Clár Raidió dírithe ar scoláirí na hIdirbhliana. I mí Aibreáin, ghlac ionadaithe ó na trí scoil a bhí san iomaíocht do na duaiseanna náisiúnta páirt sa chlár 'SBB Tráthnóna' le Seán Bán Breathnach ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Craoladh na cláir ina dhiaidh sin ar an stáisiún. >> D'éirigh chomh maith sin le Craobh Siansa sa Cheoláras Náisiúnta gur léirigh TG4 spéis i gclár teilifíse a dhéanamh de Chraobh 2013. >> Déanadh atheisiúint ar an album 'Aislingí Ceoil' (Iarla Ó Lionáird, Tony McMahon, Noel Hill) agus tuairiscíodh go raibh an chuid is mó de chatalóg ceoil Gael Linn anois ar fáil le híoslódáil go digiteach ar i-tunes agus a leithéidí.
- 2013
- Mar chuid de cheiliúradh 60 bliain Gael Linn foilsíodh an leabhar Scéal Ghael Linn, le Mairéad Ní Chinnéide (fch pic.). Reáchtáladh ceolchoirm cheiliúrtha sa Cheoláras Náisiúnta i mí Mheán Fómhair, ina raibh an grúpa 'T with the Maggies' agus an grúpa 'Téada' páirteach. >> Chraol TG4 clár teilifíse bunaithe ar Chraobh Siansa 2013 sa Cheolaras Náisiúnta. >> Cuireadh tús le scéim phíolóiteach a thabharfadh aitheantas do bhunscoileanna T2 as a gcuid iarrachtaí an Ghaeilge labhartha a chur chun cinn, bunaithe ar an nósmhaireacht brat a bhronnadh ar scoileanna ag deireadh na bliana mar a bhí á dhéanamh ag dreamanna eile ar nós An Brat Glas. Cuireadh tús le cainteanna le Foras na Gaeilge d'fhonn maoiniú a fháil don scéim nua seo.
- 2014
- Seoladh an scéim Gaelbhratach do bhunscoileanna go hoifigiúil i ndiaidh scéim phíolótach an-rathúil, le ball foirne lánaimseartha amháin, maoinithe ag Foras na Gaeilge. (fch. pic.) >> Mar thoradh ar phróiseas le comhordú agus atheagrú a dhéanamh ar obair na 19 n-eagraíocht Ghaeilge a bhí á maoiniú acu d’fhógair Foras na Gaeilge ar an 17 Eanáir 2014, na sé cheanneagraíocht a ghlacfadh freagracht as sé mhór-réimse oibre. Ainmníodh Gael Linn mar cheanneagraíocht agus ‘Oideachas in earnáil an Bhéarla agus d’aosaigh, agus deiseanna úsáide do dhaltaí scoile’ faoina chúram. Tugadh cúram 'An Fáinne' agus dáileadh na mbileoga Aifrinn do Gael Linn freisin mar chuid den socrú nua, cúraimí a bhíodh ar Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge. >> Reáchtaladh an fhéile 'Ri Chéile' deireanach i nGlascú tar éis do Chomunn na Gaidhlig tarraingt amach as an socrú de bharr fadhbanna maoinithe. Thosnaigh an scéim i 2004.
- 2015
- Ceapadh an dara duine ar fhoireann Gaelbhratach le cúram a dhéanamh den scéim ag an dara leibhéal. Bronnadh an chéad bhratach riamh faoin scéim ar S.N. Dhroichead an Bhuitléaraigh, Co. an Chabháin i mí Márta agus i mí Aibreán bhronn an Taoiseach, Éanna Ó Cionnaith bratacha ar c. 40 scoil ag ócáid mhór i mBaile Átha Cliath. > > Tharla an chéad Chraobh de 'Scléip' tar éis gur bhronn Foras na Gaeilge an cúram reáchtála ar Gael Linn. Rinneadh athraithe ar leagan amach na gcomórtas chun go mbeadh an bhéim ar an gceol agus an amhránaíocht chomhaimseartha. (fch. pic.) >> Reáchtáladh ócáid cheiliúrtha i mBaile Bhúirne ag comóradh 40 bliain de Choláiste Bhaile Bhúirne. >> D'fhoilsigh Gael Linn an leabhar 'Laoch na Laochra', scéal Chú Chulainn, scríofa ag duine den fhoireann Réamonn Ó Ciaráin. >> Tháinig deireadh le Coláiste Riocaird Bairéid tar éis socrú a rinneadh le Coláiste Uisce na tithe a bhí in úsáid ag Gael Linn a ghlacadh.
- 2016
- Mar chuid de chomóradh 1916 bhí léiriú de 'Mise ÉIre' le ceol agus tráchtaireacht beo sa Cheoláras i mí Eanáir agus i mí Dheireadh Fómhair eagraíodh ONÓIR, ceolchoirm de shaothar nua le Peadar Ó Riada ann. >> Den chéad uair riamh bhuaigh an scoil chéanna, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, an dá chorn, sóisearach agus sinsearach ag Craobh na hÉireann de Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain. >> Bronnadh GRADAM TG4, Gradam speisialta mar chuimhneacháin ar 1916, ar Gael Linn mar dhearbhú ar an méid atá déanta acu chun fís chultúrtha laochra 1916 a chur i gcrích. >> Eisíodh na halbaim nua 'IMLÉ', 'Áille na hÁille' le Charlie Lennon, 'Tús Nua' le Gatehouse agus 'Tuille agus Trá' le Micheál Ó hAlmhain. >> I gcomhar le hOireachtas na Gaeilge reáchtáladh 'Galf as Gaeilge' don dara bliain as a chéile ar ghalfchúrsa Thobar Dhún Mhuire i gCill Dara. (fch. pic.)
- 2017
- Ba ócáid stairiúil í Craobh na hÉireann de Chomórtas Díospóireachta an Phiarsaigh 2017. Eagraíodh an Chraobh in Áth Luain ar an 15 Márta tar éis c. 40 réamhbhabhta ar fud na tíre roimhe sin. I gCraobh na Sinsear, bhuaigh Coláiste Pobail Átha Luain den chéad uair riamh tar éis dóibh a bheith páirteach sa chomórtas le níos mó ná fiche bliain, agus cúpla chraobh caillte acu le linn na mblianta sin freisin! Bhí ríméad an domhain orthu agus lean an cheiliúradh ar feadh seachtaine! (fch. pic.) >> I gcomhar le Coláiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste, Foras na Gaeilge, CCEA agus NICILT reáchtaladh ceardlann do mhúinteoirí bunscoile ó thuaidh i mí na Samhna.
- 2018
- Bhunaigh Gael Linn 'An Gréasán', gréasán do mhúinteoirí Gaeilge ag leibhéal iarbhunscoile, le tacaíocht a chur ar fáil maidir le teagasc agus foghlaim na Gaeilge. (fch. pic.) >> Eagraíodh sraith cainteanna sa cheannáras, dírithe ar fhoghlaimeoirí fásta agus lucht na Gaeilge san ardchathair faoin teidil 'Mo Scéal Féin - Caint agus Comhrá'.. >> Níorbh fhéidir dul ar aghaidh leis an gcoláiste samhraidh i mBaile Bhúirne mar gheall ar easpa leapacha agus in ainneoin iarrachtaí dhaoine áitiúla, le cabhair ó Gael Linn, cúrsa dá gcuid féin a reáchtáil theip orthu faraor. >> Eagraíodh oíche cheiliúrtha san Óstán Imperial i gCorcaigh i mí Bealtaine, áit ar bunaíodh Gael Linn 65 bliain roimhe sin. Ba é Seán Ó Sé príomhréalt na hoíche. >> D'fhoilsigh Coiscéim an leabhar 'Riobard Mac Góráin, Ceannródaí Ildánach' le Máire Nic Fhinn, iarfhostaí de chuid Gael Linn.
- 2019
- De bharr dea-thuairiscí óna gcuid cigirí thoiligh An Roinn Oideachais agus Eolaíochta maoiniú a chur ar fáil do Gaelbhratach a chuir ar chumas Gael Linn beirt eile a cheapadh ar an bhfoireann, ag cur leis an mbeirt a bhí ann cheana féin. >> Don chéad uair riamh, mar thacaíocht dóibh siúd atá ar a ndícheall ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn sa Ghaeltacht bheag seo, thug Gael Linn ceann de fhéilte peile na Mumhan go hUíbh Ráthach i gCiarraí Theas agus d'éirigh go hiontach leis. (fch. pic.)
- 2020
- Osclaíodh an cultúrlann 'Aonach Mhacha' i gcathair Ard Mhacha. Gael Linn, i gcomhar le Cairde Teo. a bhunaigh 'Aonach Mhacha' agus is ann atá oifigí Gael Linn (Tuaisceart Éireann) ó shin. (fch. pic.). >> Tháinig Covid 19 i mí an Mhárta agus cuireadh formhór ghníomhaíochtaí na heagraíochta ar ceal. D'oibrigh an fhoireann ón mbaile agus bhí siad an-nuálach maidir le himeachtaí a chruthú ar líne ar nós ceolchoirmeacha seachtainiúla le ceoltóirí, amhránaithe agus seanchaithe aitheanta faoin teideal ‘Teach le Chéile’, tráth na gceist ar líne do pháistí bunscoile agus go leor eile. Reáchtáladh Bréagchúirt Uí Dhálaigh agus ceann nó dhó eile d'imeachtaí bliantúla Gael Linn ar líne freisin agus d'éirigh go maith leo.
- 2021
- De bharr Covid, lean an treocht i dtreo gníomhaíochtaí ar líne ar aghaidh i 2021 agus bhí an-tóir ar chuid acu. Bhí an t-ádh ar an eagraíocht go raibh baill foirne ann a raibh scileanna ar leith acu i réimsí na craoltóireachta, na meán ar líne agus na teicneolaíochta i gcoitinne. I measc na scéimeanna nua bhí an comórtas tráchtaireachta a bunaíodh i gcomhar le Páirc an Chrócaigh, agus leis an gcomhlacht Nemeton a chuir cóipeanna de chluichí a craoladh beo ar an dteilifís ar fáil gan fuaim ionas go bhféadfadh na hiomaitheoiri óga a gcuid tráchtaireachtaí féin a chur leo. >> I gcomhar leis an Irish Heart Foundation rinne foireann Gaelbhratach aistriúchán ar an gclár ‘Bizzy Breaks’ do bhunscoileanna faoin teideal ‘Sosanna Spleodracha’.
- 2022
- Chuaigh Príomhfheidhmeannach Gael Linn Antoine Ó Coileáin ar scor tar éis 20 bliain seirbhíse agus tháinig Réamonn Ó Ciaráin, iarbhainisteoir ar Gael Linn i dTuaisceart Éireann ina áit. >> Ag tógáil ar an taithí a fuarthas le linn Covid, craoladh go leor de chraobhacha na gcomórtas éagsúla do scoileanna beo ar Facebook nó YouTube cé go raibh an lucht féachana beo ar ais. D’fhéach breis is 5,000 duine ar Chraobh Scléip agus d’fhéach breis is 2,000 ar Chraobh na hÉireann de Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain chun Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua a fheiceáil ag buachan an dá chraobh, sóisear agus sinsear mar a rinne siad cheana i 2016. >> Foilsíodh an leabhar ‘Gael Linn i gCúige Uladh: Slis den Saol 1953-1970' leis an Dr. Pádraig Ó Baoighill.
- 2023
- Mar chuid den gceiliúradh a bhain le comóradh 70 bliain Gael Linn eagraíodh ceolchoirm den scoth sa Sugar Club i mBÁC. D'fhoilsigh an iris Comhar eagrán speisialta ag ceiliúradh na heagraíochta freisin. Rinne an comhlacht Aniar clár teilifíse ar stair na heagraíochta do TG4, dírithe den chuid is mó ar chúrsaí ceoil agus chraol RTÉ RnaG clár speisialta freisin. Bhí réamhléirithe den gclár teilifíse san IFI agus ag Oireachtas na Samhna agus craoladh um Nollaig é. (fch. pic.) >> Thoiligh An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta airgead mhór a chur ar fáil do Gael Linn chun forbairt a dhéanamh ar an scéim Gaelbhratach ag an dá leibhéal. Fostaíodh deichniúir sa bhreis agus iad lonnaithe i réigiúin éagsúla timpeall na tíre.
- 2024
- Cuireadh tús le scéim phíolótach i dTuaisceart Éireann faoin teideal 'Scoil Spreagtha'. Tá an scéim ar aon dul le Gaelbhratach agus é dírithe ar tacaíocht a thabhairt do mhúinteoirí i mbunscoileanna i dTuaisceart Éireann. >> Fuair iar-Phríomhfheidhmeannach Gael Linn, Herman Ó Briain bás i mí na Nollag. >> Rinne Coláiste Mhachaire Rabhartaigh ceiliúradh ar an 50 bliain a bhí bainte amach aige. >> Ag Oireachtas na Samhna seoladh Cartlann Ghrianghraif Gael Linn, bailiúchán de na mílte ghrianghraif a tógadh ag imeachtaí agus ócáidí éagsúla sna blianta ó bunaíodh an eagraíocht. Tá an chartlann le feiceáil ar shuíomh gréasáin Gael Linn. (fch. pic.) >> Bogadh craobh ‘Scléip’ go dtí an halla mór sa Helix chun freastal ar an méadú i líon na n-iomaitheoirí agus a lucht tacaíochta.
- 2025
- I mí Mheán Fómhair ghlac Gael Linn páirt i Mórshiúl na Gaeilge in éineacht leis na heagraíochtaí móra Gaeilge eile, ag éileamh tuilleadh tacaíochta don Ghaeilge. (fch pic.). >> Déanadh ath-bhrandáil ar an gcomórtas tráchtaireachta do dhaoine óga faoin ainm 'Comórtas Tráchtaireachta Mhichíl Uí Mhuircheartaigh', in ómós don dtráchtaire cáiliúil a rinne a chuid féin ar son cur chun cinn na Gaeilge agus a bhí ina chara dhílis ag Gael Linn. >> Bhí ról lárnach imeartha ag Gael Linn san 'Athbhreithniú Straitéiseach ar Churaclum an Tuaiscirt' agus mar chuid den mholadh go mbeadh 'Teangacha seachas an Béarla' á mhúineadh.
- 2026
- Fuarthas maoiniú buan ón Roinn Oideachais i dTuaisceart Éireann don scéim ‘Scoil Spreagtha’. Chuir sé seo ar chumas Gael Linn beirt eile a fhostú chun an scéim a reáchtáil, agus tá cúram ‘An Gréasán’, an gréasán tacaíochta do mhúinteoirí Gaeilge ag an dara leibhéal fud fad na tíre, ar na fostaithe breise seo freisin. >> Eisíodh dhá albam nua ar lipéad Gael Linn, 'Tríú' leis an ngrúpa 'Gatehouse' agus 'Orchestrating' leis an ngrúpa 'Téada'. >> D'fhógair Gael Linn go raibh líon na ndaoine ar an mbuanfhoireann anois ag 30, ardú de c.66% le cúpla bliain anuas, a bhuí leis na scéimeanna Gaelbhratach agus Scoil Spreagtha don chuid is mó.










































































Ceol
Tá breis agus 300 foilseachán ceoil i gcatalóg Gael Linn. I measc na gceoltóirí a thaifead le Gael Linn tá Seán Ó Riada, Skara Brae, Mary Bergin, Dolores Keane, Clannad, Micheál Ó Súilleabháin, Peadar Ó Riada, Aoife Ní Fhearraigh srl.
Tá céatadán ard den cheol seo ar fáil anois ar ardáin dhigiteacha ar fud na cruinne. Tá cuid dó le digitiú go fóill.
Imeachtaí
Ar cheann de na gnéithe is tábhachtaí den oidhreacht a bhaineann le Gael Linn is é an líon ard daoine a bhí páirteach in imeachtaí Gael Linn agus a chuaigh ar aghaidh le héachtaí a dhéanamh sa saol poiblí agus sa saol príobháideach. Is cinnte go raibh, go mbíonn agus go mbeidh rath ar obair Gael Linn.
Ábhar Teagaisc
Gael Linn a rinne na taifid don chúrsa teagaisc Buntús Cainte agus cé gur foilsíodh mar chuid de chlár teilifíse ar RTÉ i lár na 60í den chéad seo caite tá rath ar na taifid seo go fóill agus iad ar fáil ar ardáin dhigiteacha ag Gael Linn.
Leanann obair Gael Linn ag tiomsú oidhreachta a thacaíonn le láidriú agus leathnú na Gaeilge. Tá sé seo déanta againn trí leabhair a fhoilsiú, ceol a thaifead, closleabhar a choimisiúnú, foilseacháin oideachasúla a fhorbairt agus ár láithreacht a mhéadú ar na meáin shóisialta.

Scannánaíocht
Tá traidisiún fada ag Gael Linn maidir le scannáin a fhorbairt. Tá 3 phríomhscannán úrnua, 34 gearrscannán agus os cionn 264 scéal nuachta ar fáil go sábháilte i gCartlann Institiúid Scannán Éireann (IFI). Bhí an-chlú ar Mise Éire, an chéad fadscannáin i nGaeilge a léirigh Gael Linn leis an stiúrthóir, George Morrison. I gcomhar le IFI beidh bailiúchán Amharc Éireann á chur ar fáil ar fud na cruinne i nGaeilge agus i mBéarla go luath. Tá an tábhacht ag ceannródaíocht Gael Linn sa scannánaíocht ó thaobh stair shóisialta na hÉireann ó 50í agus 60í an chéid seo caite ar aghaidh.
D’oibrigh Gael Linn le roinnt de mhórphearsana scannánaíochta na hÉireann ar nós George Morrison, Louis Marcus agus Colm Ó Laoighre.
Amharc Éireann