Is méala mór do Bhord agus d’fhoireann Gael Linn Gabriel Rosenstock, file, scríbhneoir, scríbhneoir aistí, aistritheoir agus fear domhainmhachnaimh, a bheith imithe ar shlí na fírinne.
Do Gael Linn, bhíodh sé ag moltóireacht ar feadh na mblianta ar chomórtais liteartha Slógadh agus bhíodh sé i mbun ceardlann don eagraíocht go minic fosta. Scríobh sé téacs do leabhar ar Slógadh ina raibh grianghraif Bill Doyle sa bhliain 1980. Anuas air sin, chaith sé tamall ag obair don nuachtán Anois.
Ba mhaith linn ár gcomhbhrón ó chroí a chur in iúl dá theaghlach agus dá chairde go léir.
Suaimhneas síoraí dá anam uasal.
Grianghraif i) Ag Slógadh Náisiúnta 1980 i nGaillimh, Bill Doyle, grianghrafadóir, Máirtín Ó Siadhail, Gael Linn, John Wilson, TD, Gabriel Rosenstock & Micheál Ó Riain, Aer Lingus & ii) Ceardlann scríbhneoireachta idir lámha ag Gabriel Rosenstock, Eoghan Ó Tuairisg agus Rita Kelly ag Slógadh
