Oideachas
Is gné lárnach de shaol aon teanga í an oideachas. Tá teagmháil luath agus rialta riachtanach chun na bunchlochanna riachtanacha a thógáil. Chun go mairfidh teanga, ní mór í a fhoghlaim, a fhorbairt agus a labhairt i ngach cuid den tsochaí. Tá ról lárnach ag Gael Linn i dtaca le hobair na scoileanna, ag soláthar deiseanna praiticiúla chun an Ghaeilge a labhairt.
Tobar Taighde
Mar chuid de na feidhmeanna atá leagtha orainn mar cheanneagraíocht, tá: Oideachas in Earnáil an Bhéarla- taighde agus áiteamh i leith theagasc na Gaeilge, tacaíocht do mhúinteoirí agus soláthar áiseanna.
Foilsítear aon phíosaí taighde de chuid Gael Linn mar chuid den ‘Tobar Taighde’. Is féidir teacht ar na píosaí taighde a bhfuil baint ag Gael Linn leo thíos.
Tuilleadh Eolais
Acmhainní Teagaisc
Cuirimid réimse leathan acmhainní ar fáil chun cabhrú le teagascóirí agus foghlaimeoirí de gach aois. Tá lán-chead iad a íoslódáil, a úsáid agus a roinnt.
Tuilleadh Eolais
An Gréasán
Tá An Gréasán do Mhúinteoirí Gaeilge ann le tacú le múinteoirí Gaeilge agus le hionadaíocht a dhéanamh ar a son. Cuirtear deiseanna teacht le chéile, plé, foghlama agus eile ar fáil.
Gréasán do mhúinteoirí, eagraithe ag múinteoirí atá ann, le gach duine ag obair le chéile ar bhonn deonach ar leas na teanga. Bí páirteach agus gníomhach linn.
Cabhraigh linn cabhrú leatsa – cláraigh mar bhall linn inniu.
Cláraigh Inniu