Gael Linn
Le 25 bliain ar an mbóthar a cheiliúradh, chuaigh Ceolfhoireann Cheolchoirme RTÉ agus an stiúrthóir ceoil Karen Ní Bhroin i gcomhar le Téada le ceolchoirm dhraíochtúil a chur ar an ardán sa Cheoláras Náisiúnta. Le rogha agus togha dá gcuid ceoil le ceathrú céid agus é léirithe go speisialta don cheolfhoireann den chéad uair ag Ryan Molloy, Michael Keeney agus Mathew Berrill. Deis a bhí sa cheolchoirm seo athchuairt a thabhairt ar chuid de na píosaí is ansa le Téada agus iad a chloisteáil as an nua. Taifeadadh beo den cheolchoirm sin atá san albam seo, agus leoga bhí ról mór ag an lucht féachana iad féin ar an oíche. Bhí an halla lán le cairde, le teaghlach na mball, le ceoltóirí, agus le lucht tacaíochta. Thug an ócáid deis do Téada buíochas a ghabháil le mórán daoine a chabhraigh leo a dturas ceoil a mhúnlú agus a leathnú le cúig bliain is fiche anuas. Beimid siad buíoch díobh go deo.
Chuimhnigh siad freisin orthu siúd atá imithe ar shlí na fírinne. Bhí Séamus Ó Beaglaoich go mór chun tosaigh ina smaointí mar chaith sé 12 bliana ar chamchuairt leis an mbanna agus sheinm Oisín The Clothier’s March go speisialta dó. Suaimhneas síoraí go raibh aige.
Thóg a gcuid ceoil Téada chuig áiteanna nár shamhlaigh siad riamh go bhfeicfidís, ó fhoraois bháistí Bhoirneo go hIargúil na hAstráile agus tá stampaí ar a bpasanna ó Mheiriceá go dtí an tSiombáib, agus gach áit idir eatarthu. Tá siad i ndiaidh bualadh leis an oiread sin daoine spreagúla agus iad ag seinm leis an mbanna, a thacaíonn, nó a chuireann an ceol chun cinn agus tá siad an-bhródúil as a bheith mar chuid den phobal sin. Ach ba ébhuaicphointe a ngairme é taibhiú i mBaile Átha Cliath le Ceolfhoireann Cheolchoirme RTÉ, díreach 25 bliain tar éis dóibh a gcéad taibhiú beo mar bhanna a bheith acu i gCeanncheathrú HotPress i mBaile Átha Cliath i mí Feabhra 2001. Thug an chloch-mhíle seo agus, go deimhin, an t-albam seo – deis dóibh machnamh a dhéanamh ar cheathrú céid ar aistear le chéile mar bhanna. Agus is féidir é a achoimriú in aon fhocal amháin. Buíochas!
Tá Téada an-bhuíoch díobh ar fad a bhíonn ag éisteacht lena gceol.
Is féidir teacht ar Orchestrating 25 ar na príomhardáin dhigiteachta ar lipéad clúiteach Gael Linn anseo
Tuilleadh Eolais faoi Téada: https://linktr.ee/teada
