Bronnadh Trófaí Gael Linn agus seic ar €2,500 ar an ngrúpa AISTEAR, a bhí ar bís deis a fháil seinm sa Cheoláras Náisiúnta os comhair slua breá de 1,000 duine. Bhí ard-oíche go deo ag an lucht féachana a tháinig ó gach cearn den tír chun tacú leis na daoine óga ildánacha seo.
Tá comórtas Siansa Gael Linn ar cheann de phríomhchomórtais cheoil agus amhránaíochta traidisiúnta sa tír. Comórtas a chothaíonn dlúthcheangal idir an Ghaeilge, an ceol agus an óige atá i Siansa. Bunaíodh an comórtas sa bhliain 2001, agus reáchtáiltear é le tacaíocht ó RTÉ Raidió na Gaeltachta, Irish Music Magazine agus Molscéal TG4.
Bhí sárchaighdeán ceoil ann agus ghlac sé tamall ar na moltóirí, Bernadette Nic Gabhann, Edel Fox agus Oisín Morrison na buaiteoirí a roghnú. Bhí dul chun cinn suntasach le feiceáil sna grúpaí ar fad ó ghlac siad páirt sna ceardlanna réigiúnda níos luaithe sa bhliain. Bhí AISTEAR san iomaíocht le seacht ngrúpa eile; ‘Léas’, Co. Chorcaí; ‘Cludhmór’, Co. an Chláir; ‘Neart’, Baile Átha Cliath; ‘Lonrach’, Co. Loch Garman; ‘Teorainn’, Co. Chiarraí & Co. Chorcaí; ‘Beomhar’, Co. Laoise & Uíbh Fháilí; agus ‘Taisce’, Co, na Gaillimhe
Bhí géariomaíocht eatarthu don duaischiste €4,500 agus is ar na ceoltóirí iomráiteacha Edel Fox, Oisín Morisson agus Bernadette Nic Gabhann a thit sé buaiteoirí chomórtas na bliana seo a roghnú. Bhí an-cheiliúradh i measc a lucht tacaíochta nuair a fógraíodh gurb iad ‘AISTEAR as Contae an Chláir a thug leo an phríomhdhuais. Ochtar ceoltóirí óga atá sa ghrúpa; Conall Ó Dorchaidhe, Ciarán Ó Braonáin, Diarmuid Ó Slatara, John Eibhúd, Ruaidhrí Mac Gearailt, Clodagh Ní Chinnéide, Ava Ní hAodhagáin agus Tara Ní Bhaoighill.
Rinne Molscéal sruthú beo ar an cheolchoirm agus ar chainéal YouTube Gael Linn fosta anseo
Is go Contaetha Laoise agus Uibh Fháillí a chuaigh an dara háit agus bronnadh €1,250 ar an ngrúpa BEOMHAR, baill an ghrúpa; Polly Ní Nualláin, Lila Ní Nualláin, Lucy Ní Mhaolmhuaigh, Áine Ní Chinnsealaigh, Fionnán Ó Daltúin. Taidgh Ó Daltúin, Seaic Ó hUiginn,agus Kieu Ní Chonraí.
Chuaigh an tríú háit, agus duais de €750, chuig TEORAINN, as Contaetha Chiarraí agus Chorcaí, baill an ghrúpa: Timmy Keane, Sean Butler, Finín O’Connell, Eoin Foley, Vy ha O’Leary, Hayley Holly, Mahilet O’Leary, agus Cieran Vaquero.
Anuas air sin, bhronn Cathaoirleach Gael Linn, Wayne Mac Feilimí, duais chuimhneacháin ar gach ceoltóir a bhí páirteach sa gCraobh.
Ba é Tristan Rosenstock, RTÉ Raidió na Gaeltachta, a chuir an oíche i láthair, agus rinne an stáisiún craoladh beo arís i mbliana.
Agus é i mbun cainte, dúirt Gearóid Mac Donncha, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta:
‘Tá RTÉ Raidió na Gaeltachta an-bhuíoch do Ghael Linn a eagraíonn an comórtas iontach seo do cheoltóirí óga agus an deis a thugann siad dúinn a bheith mar urraitheoirí ar an gcomórtas. Is pribhléid dúinn é go mbíonn muid in ann cabhrú leis na ceoltóirí óga seo, ag cur a gcuid ceoil ar ardán náisiúnta agus idirnáisiúnta sa chraoladh a dhéanann muid ar an raidió agus ar an idirlíon. Ba mhaith linn comhghairdeas a dhéanamh leo ar fad, lena dtuismitheoirí agus múinteoirí mar tá turas fada tugtha acu ar fad chun an stáitse seo a bhaint amach’
Ag cur clabhsúr le himeachtaí na hoíche, mhaígh Réamonn Ó Ciaráin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn, go gcuireann sé an-áthas go deo air tallann na ndaoine óga seo a fheiceáil ar cheann de na stáitsí is mó sa tír.
“Bíonn Craobhchomórtas Siansa i gcónaí ar cheann de bhuaicphointí na bliana do Gael Linn. Bíonn scoth an cheoil, an léirithe agus na tallainne i measc na n-iomaitheoirí. Tá buíochas mór ag dul do na meantóirí a chuireann iliomad uair an chloig oibre isteach ag ullmhú na ngrúpaí seo don chomórtas agus, ag an am chéanna, ag láidriú ceol traidisiúnta na tíre i measc an aosa óig.”
Ghabh sé buíochas le Gearóid Mac Donncha as tacaíocht leanúnach RTÉ Raidió na Gaeltachta, le Tristan Rosenstock as an oíche a chur i láthair, le Robert Heuston agus Deirdre Ní Chróinín as an Irish Music Magazine, le Molscéal TG4, leis na moltóirí, leis an gCeoláras Náisiúnta agus le foireann iontach Gael Linn.
Tá léirithe na grúpaí uile a ghlac páirt i gCraobh Siansa Gael Linn 2026 le feiceáil ar YouTube Gael Linn anseo
