

Ceol ar an bhFeadóg Stáin
€14.99
Tá an t-albam seo ar fáil i bhformad crua amháin faoi láthair.
In stock
Cur Síos
Ball de chlann cheolmhar Uí Bhriain ó Bhaile Átha Cliath ab ea Donncha. D’fhoghlaim sé féin agus a chuid deartháireacha Mick, Tom, Andrew agus John a gcuid ceoil óna n-athair Dinny. In ainneoin go raibh an galar diostróife mhatánach air, d’éirigh le Donncha barr feabhais a bhaint amach ar an bhfeadóg stáin. Sa bhliain 1979, d’eisigh Gael Linn fadcheirnín leis a thuill ardmholadh agus tá dlúthdhiosca á eisiúint anois ar a bhfuil roinnt traiceanna breise a thaifead Raidió na Gaeltachta. Cailleadh Donncha i1990 agus é in aois 30.
Ceol feadóige den scoth atá le cloisteáil ar an albam seo – ‘The Dublin Reel’, ‘The Ivy Leaf’ agus ‘Seán sa heo’, píosa a thaitin go mór le Donncha. Paddy Glackin a rinne léiriú ar an albam agus dúirt sé ina leith:
Aoibhneas na beatha an tréith is suntasaí sa chnuasach seo. Castar gach fonn le dearfacht agus le stuaim– tréithe nach mbíonn ach ag an té a thuigeann idir áilleacht agus chruálacht an tsaoil.
Seinneann clann Dhonncha ar dhá thraic agus ar ‘The Maid of Mont Cisco’, tá tionlacan ar an ngiotár ag Mark Kelly, cara mór Donncha. Ar an traic deiridh, cloistear Johnny Connolly ag seinm ‘An Chathaoir Rotha Scaoilte’, an port a chum Charlie Lennon in onóir do Dhonncha
1 The Girl that Broke my Heart / Seán sa Cheo (ríleanna)
2 Brendan Coombe’s / Port Uí Chaoimh (poirt)
3 The Boyne Hunt / Mairí ar an gCarraig (ríleanna)
4 Thomond Bridge / An Londubh (cornphíopaí)
5 Port Sonny Brogan / Tatter Jack Walsh (poirt)
6 The Maple Leaf / The Man of Aran (ríleanna)
7 The Maid of Mont Cisco (ríl)
8 Ríl Tom Martin / Green Fields of Rossbeigh / Jenny Picking Cockles (ríleanna)
9 Ríl Dharach de Brún / Slán le hÉirinn (ríleanna)
10 Ní ar Chnoc nó ar Ísleacht (fonn mall)
11 Trim the Velvet/ Scaipeadh na gCleití (ríleanna)
12 The Butcher’s March / The Queen of the Rushes (poirt)
13 Kitty Gone a’Milkin’ The Flogging Reel (ríleanna)
14 Sporting Paddy / Ríl Josie McDermott (ríleanna)
15 Cornphíopa Loch Garman /Dunphy’s (cornphíopaí)
16 Richard Dwyer’s / Spike Island Lasses (ríleanna)
17 Dublin Reel/Ivy Leaf
18 Seán sa Cheo/Dunmore Lasses
19 Tom Billy’s Jig
20 Port Tom Mór/ The Flying Wheelchair


