

Laoch na Laochra
€35.00
Tá an t-albam seo ar fáil i bhformad crua amháin faoi láthair.
In stock
Cur Síos
Leabhar 280 leathanach, iomlán daite le clúdach crua a insíonn scéal iomlán Chúchulainn scríofa ag Réamonn Ó Ciaráin agus é maisithe go hálainn le healaín Dhara Vallely.
Ó mhórchorpas na Rúraíochta a thagann scéalta an leabhair ealaíonta seo. Insíonn Laoch na Laochra scéal Chúchulainn, ó choimpeart go bás. San athinsint dhílis seo i gcanúint Uladh, tá réamhscéalta na Tána agus Táin Bó Cuailgne í féin. Tá an téacs anchumhachtach agus soléite. Sa 7ú céad a scríobh manaigh an béaloideas ársa seo ar phár den chéad uair. Bhí féith na cumadóireachta iontu siúd a bhreac síos na scéalta agus eolas maith acu ar an cheantar inar tharla na heachtraí eipiciúla seo. Dála na manach léannta sin, tá saineolas ar an cheantar seo, seanUlaidh go príomha ag an ealaíontóir, Dara Vallely, ós den cheantar sin iad ar aon. Is siombail chumhachtach é Cúchulainn den chrógacht, den dílseacht, d’ealaíontacht na troda, den áilleacht agus d’éirim intinne. Tá spiorad Chúchulainn i ndiaidh laochra, réabhlóidithe, lucht éigse, lucht spóirt agus ceannairí a spreagadh le breis agus míle bliain in Éirinn.


