

Port na bPúcaí
€14.99
Tá an t-albam seo ar fáil i bhformad crua amháin faoi láthair.
In stock
Cur Síos
Ar an albam seo cloistear an Riadach féin i mbun ceoil le linn a cheolchoirm taifeadtha deireannach i mí Márta 1971. Cloistear rianta eile a taifeadadh i mí Bealtaine 1971, cúig mhí roimh a bhás anaibí in aois 40 bliain agus cinn eile fós ón mbliain 1966. Ábhar é seo nár chualathas cheana!
Cruthaíonn an Riadach ceo meala agus é ag seinm a chuid cóiriúchán féin d’fhoinn mhóra ar an bpianó agus ar an gcruitchorda.
Ar an albam aoibhinn seo cloistear Seán Ó Riada ag seinm leithéidí: Do Bhí Bean Uasal, Carraig Donn agus Sliabh na mBan, chomh maith le foinn a chuir an Riadach féin os comhair an phobail den chéad uair: Aisling Gheal, Port na bPúcaí agus Cois an Ghaorthaigh.
Ina theannta sin, cloistear sraith de ghearrphíosaí ceoil a bhfuil téama an tírghrá mar shnaidhm eatarthu. Mar mhír spéisiúil sa bhreis, cloistear an Riadach ag aithris scéal seanchais. Ar leabhrán 12 leathanach tugtar cúlra na bpíosaí ceoil.
Is mór mar a chuireann an t-albam seo le clár saothar an Riadaigh. Seo an cnuasach is mó dá dá bhfuil ann agus ceol aonair á sheinm aige – cnuasach eisiach den mháistir é féin ag seinm na bpíosaí ab ansa leis.
Bhí ról lárnach ag Seán Ó Riada maidir le ceol traidisiúnta na hÉireanna a chur chun cinn san aois seo caite. Trína chuid ceoil do na scannáin Mise Éire agus Saoirse?, rinne sé spiorad mhuintir na hÉireann a athbheochan agus, lena ghrúpa Ceoltóirí Chualann, rinne sé claochló ar conas mar a chuirtear an ceol i láthair an phobail.
1. Do Bhí Bean Uasal
2. Carraig Donn
3. An Chúilfhionn
4. An Buachaill Caol Dubh
5. Port na bPúcaí
6. Aisling Gheal
7. Codlaigí Éiníní
8. The Three Sea Captains
9. The Garden of Daisies
10. Limerick’s Lamentation/
Marbhna Luimnigh
11. Cois an Ghaorthaigh
12. Bean an Fhia Rua
13. The Collier’s Reel
14. Cath Chéim an Fhia
15. Cáit Ní Dhuibhir
16. Óró ‘sé do Bheatha Abhaile
17. Maidin Luan Cincíse
18. The Rights of Man
19. Príosún Chluain Meala
20. An tSeanbhean Bhocht
21. An Droimfhionn Donn Dílis
22. Ó’Bhean a’ Tí, Cén Bhuairt Sin Ort?
23. Sliabh na mBan
24. M’Uilleagán Dubh Ó
25. ‘Carthaigh na gCeann’ (seanchas)


