Bunaíodh Gael Linn i 1953 ar mhaithe le fiontair úra a chur chun cinn chun leasa na Gaeilge. Leanann an comhlacht leis an bhfealsúnacht fiontraíochta a chur chun cinn tríd an réimse leathan d’imeachtaí a dtugann foireann Gael Linn fúthu ó bhliain go bliain.
Is í príomhaidhm na heagraíochta ná an Ghaeilge agus a hoidhreacht a chothú agus a chur chun cinn ar fud na hÉireann i réimsí polasaí agus pobail, mar theanga bheo agus mar spreagadh féiniúlachta. Cuimsíonn gníomhchlár Gael Linn trí phríomhréimse; an réimse oideachais, gníomhaíochtaí chun tácú le húsáid na Gaeilge agus réimse gnó na heagraíochta.
FÓGRA
|
Siansa Gael Linn 2013 - athchraoladh ar TG4!
Má chaill tú an clár iontach faoi Siansa Gael Linn 2013 ar TG4 le déanaí, ná bí buartha!
Beidh se á athchraoladh ag an stáisiún ar an Domhnach, 26 Bealtaine ag 8 p.m. -
scoth an cheoil agus na hamhránaíochta traidisiúnta ó ocht ngrúpa - scaip an scéal ar chairde agus gaolta…agus bain sult as !
Craobh Siansa Gael Linn 2013
|
Eolas:
Gael Linn, 35 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2
Tel: 01.6751200
Rphost: eolas@gael-linn.ie
Gael Linn, 20 Bóthar na hEaglaise, Ard Mhacha BT61 7Qz
Tel: 048 37522162
Rphost: info@gael-linn.net