Tá Bord agus foireann Gael Linn go mór faoi bhrón agus Seán Ó Sé, duine de na hamhránaithe traidisiúnta is fearr agus is mó cáil sa tír, imithe ar shlí na fírinne.
Dúirt Wayne Mac Feilimí, Cathaoirleach Bhord Gael Linn, ‘Bhí tionchar mór ag Seán Ó Sé ar cheol na hÉireann. Bhí tallann as cuimse aige mar amhránaí agus mar oirfideach. Chuir sé comaoin mhór orainn mar a bheith dílis don eagraíocht agus mar shaibhreas mór amhránaíochta a d’fhág sé mar oidhreacht ag pobal na hÉireann.’
Bhí cáil air mar chuid amhránaíochta le Seán Ó Riada agus le Ceoltóirí Chualann agus bhí dúil as cuimse ag pobal na hÉireann ar an leagan iontach den amhrán An Poc ar Buile a thaifead sé ar lipéad Gael Linn sa bhliain 1962 .
Ba é an t-amhránaí don choirm cheoil íocónach Ó Riada sa Gaiety sa bhliain 1969 ar eisigh Gael Linn taifead beo di ar albam a bhfuil an-tóir air go fóill.
Lean teagmháil Sheáin le Gael Linn ar aghaidh breis agus trí scór bliain. Is iomaí coirm cheoil a rinne sé don eagraíocht. Ar an 24 Márta 2023, chuir sé an lucht éisteachta faoi dhraíocht nuair a chan sé agus a sheanchara Peadar Ó Riada á thionlacan sa Sugar Club i mBaile Átha Cliath do 70 bliain Gael Linn.
Tá an-ghean agus meas ag gach duine san eagraíocht ar Sheán. Fear mór cuideachta a bhí ann agus scéal aige d’achan duine agus ar achan amhrán. Bhí sé lán fuinnimh agus bhí intleacht mhór aige.
Guíonn Bord agus foireann Gael Linn comhbhrón ó chroí lena mhuintir agus lena chairde go léir ag an am bhrónach seo. Ar dheis Dé go raibh a anam uasal.
