Ag Obair Linn
Fáilte go leathanach gairmeacha Gael Linn, áit a bhfuilimid tiomanta do chur chun cinn na Gaeilge agus an chultúir trí scéimeanna agus cláir nuálacha. Bímid i gcónaí sa tóir ar dhaoine paiseanta a roinneann ár luachanna agus atá ag iarraidh cabhrú linn ár spriocanna a bhaint amach.
Daoine paiseanta a roinneann na luachanna céanna linn
Is iad na príomhaidhmeanna atá ag Gael Linn ná daoine a chumasú chun taithí dhearfach a bheith acu leis an nGaeilge agus an bealach a éascú dóibh teacht ar an iliomad deiseanna a bhaineann leis an teanga go sóisialta agus go proifisiúnta.

Ár gCroí-phrionsabail
In Gael Linn, mairimid de réir na bprionsabal seo a leanas:
Cé muid?
Is foireann muid a léiríonn na tréithe seo a leanas:
- Spreagúil
- Spreagaimid a chéile agus an pobal chun ár spriocanna a bhaint amach.
- Cruthaitheach
- Cuireann ár gcruthaitheacht borradh faoinár dtionscadail agus faoinár dtionscnaimh, ag tabhairt smaointe úra chun beatha.
- Cineálta
- Treoraíonn cineáltas agus meas ár n-idirghníomhaíochtaí le comhghleacaithe agus leis an bpobal.
- Iontaofa
- Is tréith lárnach í an iontaofacht. Is féidir leat brath orainn chun torthaí a sheachadadh.
- Fuinniúil
- Is é ár ndíograis agus ár bhfuinneamh a thiomáineann ár rath.
- Réiteach-dhírithe
- Téimid i ngleic le dúshláin go díreach agus aimsímid réitigh éifeachtacha.
- Tuisceanach
- Cuirimid luach ar chomhbhá agus ar thuiscint inár gcaidreamh go léir.
- Eagraithe
- Tá eagrúchán agus éifeachtúlacht lárnach dár n-oibríochtaí.
- Proifisiúnta
- Tá gairmiúlacht le feiceáil inár n-iompar agus inár n-eitic oibre.
- Dearfach
- Cuidíonn dearcadh dearfach linn constaicí a shárú agus rath a bhaint amach.
- Praiticiúil
- Táimid pragmatach agus dírithe ar réitigh phraiticiúla.
Bí mar chuid den fhoireann
Má tá tú paiseanta faoin nGaeilge agus faoin gcultúr, agus má bhaineann ár bprionsabail agus ár luachanna leat, tugaimid cuireadh duit deiseanna fostaíochta linn a fhiosrú. Le chéile, is féidir linn tionchar dhearfach a imirt agus saibhreas na Gaeilge a chur chun cinn.
Féach ar ár bhfolúntais reatha agus cuir isteach ar phost inniu le bheith mar chuid de Gael Linn, mura bhfeiceann tú folúntas reatha atá oiriúnach duit ach más mian leat a bheith ag obair linn, seol do shonraí chuig ad@gael-linn.ie.
Oibrímis le chéile chun todhchaí níos gile a chruthú don teanga agus don chultúr Gaeilge.
Oscailtí Reatha
English below
An Ról
Beidh an Ceannasaí Airgeadais ag stiúradh straitéis agus bainistíocht airgeadais chomh maith le maoirseacht a dhéanamh ar oibríochtaí airgeadais uile na heagraíochta. Tá duine fuinniúil de dhíth don ról ardbhainistíochta seo atá in ann a bheith solúbtha de réir mar a thagann athruithe i bhfeidhm, a bheith ag obair i gcomhar le foireann agus a bheith ag cinntiú rialachas láidir airgeadais ó lá go lá. Beidh líofacht sa Ghaeilge ina bhuntáiste mór mar bíonn plé le páirtithe leasmhara i nGaeilge agus i mBéarla mar chuid den ról.
Príomhfhreagrachtaí:
-Maoirseacht a dhéanamh ar oibríochtaí airgeadais uile na heagraíochta lena n-áirítear buiséadú, réamhaisnéisiú, cuntais bainistíochta a ullmhú agus tuairisciú eagraíochtúil agus tuairisciú dár maoinitheoirí a dhéanamh.
-An fhoireann bhainistíochta a stiúradh agus a fhorbairt, ag cothú solúbthachta agus meon an fheabhsaithe leanúnaigh.
-Rialú láidir a dhéanamh ar chúrsaí airgeadais agus costais.
-Comhlíontacht a chinntiú le riachtanais na maoinitheoirí, an Rialaitheoir Charthanachta, An Oifig Um Chlárú Cuideachta agus Cód Rialachais.
-Léargas straitéiseach airgeadais a chur ar fáil don Phríomhfheidhmeannach, don Ardbhainistíocht agus don Bhord chun tacú le cinntí a dhéanamh.
-Cuntais, buiséid agus faisnéis airgeadais a chur i láthair an Bhoird.
-Athbhreithniú a dhéanamh ar phróisis agus córais airgeadais agus iad a fheabhsú de réir mar is gá.
-Obair éifeachtach a dhéanamh mar chuid den Fhoireann Bhainistíochta.
-Cúnamh a thabhairt le próisis cinntithe mar a bhaineann le cúrsaí tráchtála agus oibríochtúla.
-Bheith i gceannas nó ag cabhrú le tionscnaimh ad hoc de réir mar is gá, ag léiriú solúbthachta agus oscailteachta d’athruithe.
Riachtanais:
-Cuntasóir lán-cháilithe (ACA, ACCA, CIMA nó a mhacasamhail).
-5+ bliain de thaithí i ndiaidh a bheith cáilithe i ról ardbhainistíochta airgeadais.
-Taithí ag bainistiú foireann airgeadais agus ag obair go dlúth leis an obair laethúil.
-Tuiscint láidir ar rialacháin agus tuairisciú airgeadais chomh maith le próisis buiséadaithe.
-Scileanna láidre cumarsáide agus bainistíochta ar pháirtithe leasmhara.
-Líofacht sa Ghaeilge (labhairt agus scríobh) ina bhuntáiste mór
-Tá taithí ag plé le hearnálacha na Gaeilge agus/nó na Carthanachta ina bhuntáiste.
-Scileanna láidre eagrúcháin agus cumas cloí le spriocdhátaí dochta.
-Tuiscint/taithí ar rialachas agus comhlíontacht.
-Cumas caidreamh proifisiúnta a fhorbairt agus a chothú, ag cur comhairle ar fáil don fhoireann Bhainistíochta agus don Bhord.
-Cumas dul i ngleic le tosaíochtaí athraitheacha agus a bheith solúbtha ag plé le cúinsí dinimiciúla.
Cuirtear CV & litir chlúdaigh chuig: AD@gael-linn.ie roimh 15:00, 27 Feabhra 2026
Head of Finance
The Role
The Head of Finance will lead the organisation’s financial strategy, management, and oversight of all financial operations. This senior leadership role requires a dynamic individual who can adapt to change, work collaboratively, and ensure robust financial governance from day to day. Fluency in the Irish language is hugely advantageous, as the role involves engagement with stakeholders in both English and Irish.
Key Responsibilities:
-Oversee all financial operations including budgeting, forecasting, management accounts, statutory and funding body reporting.
-Lead and develop the finance team, fostering flexibility and continuous improvement.
-Maintain strong financial and cost controls.
-Ensure compliance with Funding Bodies, the Charities Regulator, CRO and Governance Code.
-Provide strategic financial insight to the CEO, Senior Management and Board to support key decision-making.
-Present Accounts, Budgets and Financial Data to the Board.
-Review and improve internal financial processes and systems where necessary.
-Work effectively as part of the Management Team.
-Contribute to commercial and operational decision-making processes.
-Lead or assist on ad hoc projects as required, demonstrating adaptability and openness to change.
Requirements:
-Fully qualified accountant (ACA, ACCA, CIMA or equivalent).
-5+ years experience post-qualification in a senior finance leadership role.
-Previous experience managing finance teams and working in a hands-on role.
-Strong knowledge of financial controls, reporting, and budgeting processes.
-Excellent communication and stakeholder management skills.
-Fluency in the Irish language (spoken and written) is highly desirable..
-Experience in the Charity or Irish Language based sectors is an advantage.
-Excellent organisational skills and ability to work to tight deadlines.
-Knowledge of governance and regulatory compliance.
-Ability to build and sustain effective and professional working relationships; being a trusted advisor to Board and Management team.
-Ability to adapt to changing priorities and work flexibly in a dynamic environment.
Forward CV & Covering Letter to: AD@gael-linn.ie before 15:00 on 27th February 2026
Cuir isteachCuireann Gael Linn réimse leathan cúrsaí ar fáil do fhoghlaimeoirí de gach aois ó glanthosaitheoirí go daoine a bhfuil ardleibhéal líofachta acu. Bímid i gcónaí ag cur lenár bpainéal teagascoirí do na cúrsaí seo a bhíonn ar siúl ar líne agus in oifigí Gael Linn ar Shráid an Dáma.
Cuirimid cúrsaí cumarsáide ar siúl do dhaltaí idirbhliana i rith na bliana chomh maith. Má tá Gaeilge líofa agat chomh maith le taithí ag plé le scriopt a scríobh, eagarthóireacht a dhéanamh, físeáin a thaifead srl, seol cv chugainn agus cuirfear san áireamh thú le cúrsaí a theagaisc amach anseo.
Cuir isteach




