Abair
Comórtas caint phoiblí is ea abair teoranta do scoileanna 2ú leibhéal i gCúige Uladh agus á reáchtáil ag Gael Linn.
- Iarbhunleibhéal

Comórtas caint phoiblí is ea abair teoranta do scoileanna 2ú leibhéal i gCúige Uladh agus á reáchtáil ag Gael Linn.
Comórtas caint phoiblí is ea abair teoranta do scoileanna 2ú leibhéal i gCúige Uladh agus á reáchtáil ag Gael Linn. Is í aidhm an chomórtais seo ná taithí i labhairt na Gaeilge a thabhairt do scoláirí.
Ceadófar do iomaitheoirí labhairt ar a rogha ábhar ach an t-ábhar a bheith toipiciúil agus suimiúil. Ní mór do gach cainteoir a théann ar aghaidh go dtí an Chraobh ábhar nua a roghnú don bhabhta sin.
Beidh 3 nó 4 réamhbhabhta ar siúl in scoileanna/ ionaid éagsúla ar fud an chúige. Rachaidh cainteoirí in iomaíocht lena chéile bunaithe ar an cheantair/scoil ina bhfuil siad.
Rachaidh buaiteoirí na ranna éagsúla ag na babhtaí áitiúla araghaidh go dtí Craobh Abair. Beidh 4 roinn iomaíochta in Abair agus beidh cead ag gach scoil uasmhéid de cheathrar cainteoir a iontráil i ngach roinn.
Roinn A:
Meánscoileanna faoi GCSE & Teastas Sóisearach
Roinn B:
Faoi GCSE & Teastas Sóisearach- scoileanna ghramadaí, scoileanna ghaeltachta, gaelscoileanna
Roinn C:
Faoi ardteist nó AS/A2
Roinn D:
Faoi ardteist nó AS/A2 in earnáil na gaelscolaíochta nó scoileanna ghaeltachta (mura mbeidh go leor iarratas do Roinn D nascfar le Roinn C é)
Bronnfar céad agus dara duais i ngach roinn ag na babhtaí áitiúla ach na moltóirí a bheith sásta le líon agus caighdeán na gcainteoirí. Bronnfar teastas Gael Linn ar gach cainteoir. Bronnfar plaic agus leath scoláireacht chuig coláiste Mhachaire Rabhartaigh nó Coláiste Bhun an Inbhir don chéad agus dara háit i ngach roinn ag an chraobh.
Labhróidh cainteoirí in roinn A agus i Roinn B ar feadh 3 bhomaite ar a mhéid agus labhróidh cainteoirí i Roinn C agus i Roinn D ar feadh 4 bhomaite ar a mhéid.
Ní bheidh aon dul thar bhreith na moltóirí ag babhtaí Abair agus tá sé mar pholasaí ag Gael Linn gan marcanna na moltóirí a thaispeáint d’éinne.
Beidh 100 marc an duine ag na cainteoirí roinnte mar seo:
Tuairimíocht 40
Teacht i láthair 40
Líofacht 20
Cláraigh ag barr an leathanaigh agus lean na treoracha chun an fhoirm a líonadh agus chun é a sheoladh ar aghaidh chugainn ar líne. An dáta deiridh iontrála is ea 14 Samhain 2025. Beidh táille iontrála de £5.00/€5.00 le híoc ag gach cainteoir.
Eochairscil í an chaint phoiblí agus chonacthas do Gael Linn go raibh gá le deis a bheith ag foghlaimeoirí na Gaeilge i gCúige Uladh faobhar a chur ar a scileanna cumarsáide. Is cinnte go spreagann an chomórtasaíocht daltaí le barr feabhais a bhaint amach. Cuidíonn Abair le daltaí iad féin a ullmhú níos fearr don chur i láthair a bhíonn le déanamh acu sna scrúduithe.
Tuilleadh eolais faoi Abair
Póilín – poilin@gael-linn.ie
Gael Linn, Aonach Mhacha, 74-76 Sráid na nGall, Ard Mhacha, BT61 7LG