Díospóireachtaí Uí Chadhain

Comórtas díospóireachta náisiúnta do scoileanna a fheidhmhíonn trí mheán na Gaeilge.

Categories
  • Iarbhunleibhéal
Cláraigh

Comórtas díospóireachta náisiúnta do scoileanna a fheidhmhíonn trí mheán na Gaeilge.

Is chun leas na Gaeilge atá an comórtas seo á reáchtáil. Chuige sin is dóigh linn gur féidir na díospóireachtaí a úsáid mar áis chun an teanga a mhúineadh trí rannpháirtíocht an ranga go léir. Is féidir é seo a dhéanamh ar shlite éagsúla, mar shampla: 

  • an rang ar fad a chur i mbun taighde a dhéanamh ar ábhar an rúin  
  • ábhar an rúin a thabhairt mar aiste don rang agus na tuairimí a thagann aníos a phlé sa rang 
  • an rang ar fad a ghríosú le freastal ar na díospóireachtaí 
  • daltaí nach mbeidh ar an bhfoireann a ullmhú roimh ré chun a dtuairimí a thabhairt ón urlár ag deireadh na díospóireachta. 

Bíonn suas le ceithre fhoireann páirteach i ngach díospóireacht. Téann dhá fhoireann ar aghaidh ó gach babhta. 

Cuirfear tús le comórtas na bliana seo an tseachtain dar tús 6 Deireadh Fómhair 2025. Cuirfear liosta na socruithe amach chuig na múinteoirí ar a laghad seachtain roimh ré. Ní athrófar na socruithe seo. 

Má tharraingíonn foireann/foirne siar leanfar ar aghaidh leis an díospóireacht leis an líon foirne a bheidh fágtha. Tar éis an dara nó an tríú babhta (ag brath ar líon na n-iarratas) eagrófar dhá Chraobh Réigiúnacha ag a mbronnfar duaiseanna. 

Is tríd an ríomhphost is mó a choinneofar i dteagmháil leis na múinteoirí a bheidh ag déileáil linn maidir leis an gcomórtas seo. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach seoladh ríomhphoist na scoile agus seoladh ríomhphoist an mhúinteora féin a bheith i gceart ar an bhfoirm iontrála chomh maith leis an uimhir theileafóin póca. Ní roinnfear sonraí pearsanta an mhúinteora le haon tríú páirtí. 

Léigh na rialacha ar fad go cúramach ANSEO. Ansin cliceáil ar CLÁRAIGH ag barr an leathanaigh agus lean na treoracha chun an fhoirm a líonadh agus a sheoladh ar aghaidh chugainn. Beidh táille €15 ar fhoireann a chlárú. An dáta deiridh iontráil  17 Meán Fómhair 2025. 

Triúr a bhíonn ar gach foireann agus bíonn suas le ceithre fhoireann san iomaíocht i ngach babhta díospóireachta. Labhraíonn an triúr ar an taobh céanna den rún. Chomh maith lena chuid pointí féin a dhéanamh, bíonn de dhualgas ar an gCaptaen sainmhíniú a dhéanamh ar an rún agus seasamh a fhoirne ina leith a leagan amach. Ní bheidh ar an gCaptaen labhairt faoi dhó. riachtanach go mbíonn ionadaí ag gach foireann ar eagla nach mbíonn duine den triúr ar fáil ar na díospóireachta. Cuirtear treoracha cuimsitheacha ar fáil do gach múinteoir a iontrálann foireann ar conas tabhairt faoi fhoireann a ullmhú do dhíospóireacht. treoirfhíseán ag bun an leathanaigh seo freisin.

Ó thús an chomórtais íoctar méid áirithe costais taistil leis na foirne a mbíonn orthu turais fhada a dhéanamh. Íoctar suim de €30 le gach foireann a thaistealaíonn níos 50 míle ó bhaile, agus €60 le gach foireann a thaistealaíonn níos 100 míle ó bhaile. Íoctar liúntas taistil speisialta leis na foirne a bhíonn páirteach i gCraobh na hÉireann.

Beidh de cheart ag Gael Linn íomhánna a ghlactar ag imeachtaí Gael Linn a úsáid mar ábhar poiblíochta don eagraíocht amach anseo ach cead grianghraif a ghlacadh a bheith faighte ón scoil roimh . 
 
polasaí árachais dliteanas poiblí ag Gael Linn a chlúdaíonn ár gcuid scéimeanna ar fad. Ag na himeachtaí a eagraítear do dhaltaí scoile áfach, is éascaitheoir é Gael Linn seachas maoirseoir agusmór múinteoir duine fásta a bheith ainmnithe ag gach scoil a bheidh freagrach as sábháilteacht agus maoirseoireacht na ndaltaí.

1. an comórtas oscailte d’iar-bhunscoileanna a ndéantar teagasc iontu trí Ghaeilge. (Maidir le scoileanna a bhfuil sruth Gaeilge iontu, roghnaítear dalta ar bith, fiú duine amháin, atá sa sruth Gaeilge le labhairt ar fhoireann caithfidh an fhoireann sin páirt a ghlacadh i gComórtasChadhain. roghnaítear daltaí nach bhfuil sa sruth Gaeilge féadfaidh an fhoireann páirt a ghlacadh i gComórtas an Phiarsaigh, an comórtas díospóireachta eile a eagraímid do scoileanna nach ndéantar teagasc trí Ghaeilge iontu). 


2. Bíonn dhá roinn sa chomórtasRoinn na Sóisear agus Roinn na Sinsear. 


3. Is do dhaltaí atá i ranganna na Sraithe Sóisearaí Roinn na Sóisear. I gcás scoileanna sna Chontae i dTuaisceart na hÉireannmór do dhaltaí a bheith faoi 16 ar 1 Eanáir 2026. 


4. Is do dhaltaí atá i ranganna na hArdteistiméireachta Roinn na Sinsear (an Idirbhliain san áireamh). I gcás scoileanna sna Chontae i dTuaisceart na hÉireannmór do dhaltaí a bheith faoi 19 ar 1 Eanáir 2026. 


5. Ní ceadmhach d’aon scoil níos foireann amháin a chur isteach ar Roinn na Sóisear agus foireann amháin ar Roinn na Sinsear. 


6. Beidh táille iontrála €15.00 le híoc ag gach foireann.

 
7. Ní bheidh aon dul thar bhreith na moltóirí ag na babhtaí díospóireachta aguschuirtear marcanna ar fáil. 


8. Déantar iarracht amanna agus ionaid a roghnú a fheileann do na hiomaitheoirí ach caithfidh múinteoirí glacadh leis na socruithe a dhéanann Gael Linn. Bíonn formhór na mbabhtaí ar siúl ar 4.30 p.m. 5 p.m.

Réiteach don Díospóireacht 
9. Tugtar an rún do na foirne seachtain ar a laghad roimh gach babhta díospóireachta. 
 
Am agus Ord na gCainteoirí 
10. Labhraíonn Captaen gach foireann ar dtús, ansin Cainteoir 2 ó gach foireann agus ar deireadh Cainteoir 3 ó gach foireann (A1, B1, C1, D1, A2, B2, C2, D2, A3, B3, C3, D3) 


11. Roinn na SóisearTugtar trí nóiméad do gach cainteoir. Roinn na SinsearTugtar ceithre nóiméad do gach cainteoir. 


12. Buailtear an clog nuair a bhíonn nóiméad amháin fágtha ag cainteoir agus arís nuair a bhíonn an t-am istigh. Ní thugtar marcanna ar aon chaint a dhéanfar tar éis an dara clog agus féadtar marcanna a bhaint de dhuine a théann thar fóir ar fad. 
 
Stiúradh na Díospóireachta 
13. Labhraítear tríd an gcathaoirleach i gcónaí agus caithfear géilleadh údarás.

 
14. Ní ceadmhach cur isteach ar chainteoir, ach, nuair a bhíonn an comórtas thart, féadann an cathaoirleach an díospóireacht a oscailt don urlár.

Bronnfar suas le 100 marc an duine ar na cainteoirí roinnte mar seo: 

Sainmhíniú & Leagan Amach (25) (Captaen na Foirne)

Beidh sé mar dhualgas ar an gCaptaen sainmhíniú a thabhairt ar an rún agus seasamh a fhoirne ina leith a leagan amach.

Tuairimíocht (45)

  1. Dhá nó trí phointe a roghnú agus iad a fhorbairt go maith
  2. Cloígh leis an rún an t-am ar fad – ní miste foclaíocht an rúin a lua am éigin sa chaint.
  3. Níor chóir go mbeadh an pointe céanna ag aon bheirt chainteoirí ar aon fhoireann amháin.
  4. Fáilteofar go speisialta roimh thuairimíocht úr mhacánta ar cheisteanna seachas dearcadh atá seanchaite. 

Bréagnú (25) (Cainteoir 2 & 3)

  1. B’fhearr gan an fhreagairt ar fad a dhéanamh ag an tús ná deireadh, is fearr í a shníomh isteach sa chaint. 
  2. Tá sé tábhachtach go n-éistfí go cúramach le tuairimí an fhreasúra agus nach ndéanfaí iarracht pointí nach ndearnadh in aon chor a fhreagairt. 
  3. Ní leor a rá go bhfuil pointe éigin ag an bhfreasúra mícheart agus an scéal a fhágáil mar sin.
  4. Caithfear a léiriú go soiléir, trí fhíricí nó trí shamplaí a úsáid, cén fáth, i dtuairim an chainteora, a bhfuil an pointe mícheart. 
  5. Is leor pointe a bhréagnú uair amháin. Ná bíodh an pointe céanna á bhréagnú ag baill éagsúla den fhoireann. 
  6. Níor chóir aon bhréagnú a dhéanamh ar phointí a dhéanfaidh foireann eile atá ag labhairt ar an taobh céanna den rún. 

Teacht i láthair & Líofacht (30)

  1. Is cóir seasamh mórán san áit chéanna an t-am ar fad agus úsáid a bhaint as an léachtán. Ní maith an rud é a bheith ag siúl timpeall na háite. Cailleann na hargóintí a n-éifeacht má bhíonn ar an lucht éisteachta an cainteoir a leanúint ó áit go háit. 
  2. Is maith an rud na lámha, an aghaidh agus na súile a úsáid le béim a chur ar phointe más féidir leis an gcainteoir é seo a dhéanamh go nádúrtha. 
  3. Níor cheart an chaint ar fad a scríobh roimh ré mar go bhfuil an baol ann go léifí amach ar fad í. Is fearr úsáid a bhaint as cártaí beaga le ceannteidil orthu. Beidh na moltóirí an-dian ar iomaitheoirí a léifidh amach a gcuid cainte ó script atá réamhscríofa. 
  4. Is cóir labhairt amach go breá soiléir agus an guth a ardú agus a ísliú de réir mar is gá.
  5. Is leis an lucht féachana a labhraíonn gach cainteoir, fiú agus bréagnú a dhéanamh. Is cóir tagairt a dhéanamh den duine atá a bhréagnú seachas casadh timpeall agus labhairt go díreach leis. 
  6. Is ar an bhfocal labhartha atá an bhéim i ndíospóireachtaí agus, dá bhrí sin, muna n-úsáidtear go han-éifeachtach iad, ní haon bhuntáiste é frapaí (ar nós pictiúirí, ailt, ó nuachtáin, etc.) a thaispeáint don lucht féachana.
  7. Ba chóir labhairt i nGaeilge chruinn shimplí. Is díospóireachtaí trí mheán na Gaeilge atá i gceist, ní comórtas teanga.
  

Bronnfar duaiseanna aonair i bhfoirm plaiceanna ar na cainteoirí ar fad ag na Craobhacha Réigiúnacha. Ag Craobh na hÉireann bronnfar Corn Uisne agus duais de luach €1,000 ar churaidh na hÉireann i Roinn na Sóisear agus bronnfar Corn Gael Linn agus duais de luach €1,000 ar churaidh na hÉireann i Roinn na Sinsear. Bronnfar duaiseanna de luach €250 an fhoireann ar na foirne eile sa Chraobh. Bronnfar teastais ar bhaill na bhfoirne ar fad a ghlacfaidh páirt sa chomórtas ag an mbabhta deireanach ina mbíonn siad páirteach. Bronnfar teastas speisialta ar na cainteoirí ar fad sa Chraobh.

Tuilleadh eolais faoi Díospóireachtaí Uí Chadhain

Sinéad Ní Mhaidín

sinead@gael-linn.ie

0870578801