Abair 2027

Categories
  • Iarbhunleibhéal
Cláraigh

Is í aidhm an chomórtas seo ná taithí a chur ar fáil do dhaltaí an Ghaeilge a labhairt

Ceadaítear do gach scoil suas le ceathrar cainteoirí a bheith páirteach sna ceithre rannóg den chomórtas. Rachaidh buaiteoirí na mbabhtaí cáilithe ar aghaidh chuig an bhabhta ceannais, a bheidh ar siúl san Earrach 2027. Beidh cead ag na hiomaitheoirí labhairt ar ábhar dá rogha féin, ar an choinníoll go bhfuil an t-ábhar tráthúil agus suimiúil. Caithfidh gach cainteoir a théann ar aghaidh chuig an bhabhta ceannais ábhar nua a roghnú don bhabhta sin.

De ghnáth, bíonn cúig nó sé bhabhta cáilithe áitiúla ar siúl le linn uaireanta scoile ar fud chúige Uladh. Socraítear na hionaid nuair a bhíonn na foirmeacha iontrála go léir faighte.

Rachaidh buaiteoirí na rannán éagsúil sna babhtaí áitiúla ar aghaidh chuig Craobhchomórtas Abair. Beidh ceithre rannán san iomaíocht in Abair, agus ceadófar do gach scoil uasmhéid de cheithre chainteoir a chur isteach i ngach rannán.

Roinn A:

Meánscoileanna faoi GCSE & Teastas Sóisearach

Roinn B:

Faoi GCSE & Teastas Sóisearach- scoileanna ghramadaí, scoileanna ghaeltachta, gaelscoileanna

Roinn C:

Faoi ardteist nó AS/A2

Roinn D:

Faoi ardteist nó AS/A2 in earnáil na gaelscolaíochta nó scoileanna ghaeltachta(mura mbeidh go leor iarratas do Roinn D nascfar le Roinn C é)

Bronnfar an chéad duais agus an dara duais i ngach catagóir sna babhtaí áitiúla, ar choinníoll go mbeidh na moltóirí sásta le líon agus le cáilíocht na gcainteoirí.

Gheobhaidh gach cainteoir teastas ó Gael Linn. Ag na babhtaí ceannais, bronnfar plaic agus leath-scholaráireacht chuig Coláiste Mhachaire Rabhartaigh nó chuig Coláiste Bun an Inbhir ar an té a thiocfaidh sa chéad áit agus ar an té a thiocfaidh sa dara háit i ngach catagóir.

Labhróidh cainteoirí i ranna A agus B ar feadh uasmhéid 3 nóiméad, agus labhróidh cainteoirí i ranna C agus D ar feadh uasmhéid 4 nóiméad.

Beidh cinneadh na moltóirí cinntitheach ag babhtaí ‘Abair’, agus is polasaí de chuid Gael Linn é gan marcanna na moltóirí a thaispeáint d’aon duine.

Gheobhaidh gach cainteoir 100 marc san iomlán, roinnte mar seo a leanas:

Machnamh 40
Cur i láthair 40
Líofacht 20

Cláraigh ag barr an leathanaigh agus lean na treoracha chun an fhoirm a líonadh isteach agus a chur isteach ar líne. Is é an 14 Samhain 2026 an dáta deiridh le haghaidh iontrálacha. Beidh táille iontrála £5.00/€5.00 i gceist do gach cainteoir.

Public speaking is a key skill and Gael Linn saw the need for an opportunity for Irish language learners in Ulster to hone their communication skills. The competition certainly encourages students to excel. Abair helps students better prepare themselves for the presentations they have to make in exams.

Tuilleadh eolais faoi Abair 2027

Póilín  – poilin@gael-linn.ie  

Gael Linn, Aonach Mhacha, 74-76 Sráid na nGall, Ard Mhacha, BT61 7LG