Scléip
Is comórtas tallainne agus spraíúil é Scléip atá oscailte do na hiarbhunscoileanna lán-Ghaeilge amháin, le béim ar na healaíona comhaimseartha. Tugtar deis do dhaltaí iarbhunscoile ceol agus amhráin a chur ar stáitse os comhair lucht féachana agus moltóirí proifisiúnta, in amharclanna ó cheann ceann na tíre.
- Iarbhunleibhéal

Is comórtas tallainne agus spraíúil é Scléip atá oscailte do na hiarbhunscoileanna lán-Ghaeilge amháin, le béim ar na healaíona comhaimseartha. Tugtar deis do dhaltaí iarbhunscoile ceol agus amhráin a chur ar stáitse os comhair lucht féachana agus moltóirí proifisiúnta, in amharclanna ó cheann ceann na tíre.
Tar éis duit na rialacha/coinníollacha ginearálta thíos ar fad a léamh go cúramach, líon isteach an fhoirm iontrála ag barr an leathanaigh, agus seol ar aghaidh chugainn í, leis an táille chuí roimh an dáta deiridh iontrála
(Má tá ceist agat, déan teagmháil le Tomás Rua Ó Cadhla, tomasrua@gael-linn.ie / 087 7474 927).
Tá an comórtas oscailte do dhaltaí sna hiarbhunscoileanna Gaeltachta, Gaelcholáistí agus aonaid lán-Ghaeilge amháin. Caithfidh gach iomaitheoir a bheith ag freastal go lánaimseartha ar cheann de na scoileanna sin agus is gá fianaise a thabhairt go bhfuil daltaí ag freastal ar an aonad lán-Ghaeilge más cuí.
Is do dhaltaí sna ranganna teastas sóisearaigh Rannóg na Sóisear agus is do dhaltaí sna ranganna ardteistiméireachta Rannóg na Sinsear. Áirítear daltaí na hidirbhliana mar dhaltaí sinsearacha. I dTuaisceart na hÉireann, beidh an rannóg shóisearach oscailte do dhaltaí GCSE agus an rannóg shinsearach do dhaltaí A-Leibhéal. Rannóg amháin (i.e. Daltaí Sóisearacha nó Daltaí Sinsearacha, nó meascán de na haoisghrúpaí seo) a bheidh sa chomórtas Slua-Amhránaíochta.
Ceadaítear d’aon scoil suas le beirt iomaitheoir/dhá ghrúpa a iontráil i ngach comórtas (i.e. 2 Sóisear/2 Sinsear/2 ghrúpa). Ní féidir le duine atá páirteach i gcomórtas aonair shóisearach a bheith páirteach sa chomórtas sinsearach freisin.
Sna comórtais do ghrúpaí ina bhfuil dhá rannóg iontu i.e. Sóisear agus Sinsear, beidh cead ag duine ó rang sóisearach a bheith i ngrúpa sinsearach, fad is nach mbíonn an duine sin páirteach sa chomórtas céanna sa rannóg shóisearach le grúpa eile. In aon chomórtas do ghrúpaí ní bheidh cead ag aon duine a bheith páirteach sa chomórtas céanna le dhá ghrúpa dhifriúla. Dar ndóigh, ní féidir le dalta sinsearach páirt a ghlacadh in aon chomórtas shóisearach.
Is gá múinteoir ón scoil a bheith luaite mar theagmhálaí ar an bhfoirm iontrála. Is féidir le caomhnóir freastal ar an gcomórtas leis an iomaitheoir sa chás nach bhfuil an múinteoir ainmnithe ar fáil.
Is tríd an ríomhphost is mó a choinneofar i dteagmháil leis na múinteoirí a bheidh ag déileáil linn maidir le Scléip. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach seoladh ríomhphoist na scoile agus seoladh ríomhphoist an mhúinteora féin a bheith soiléir ar an bhfoirm iontrála. Ní roinnfear aon sonraí pearsanta le haon tríú páirtí.
Glacfar le téama ar bith ach caithfidh liricí na n-amhrán a bheith in oiriúint do chomórtas scoile (ní cheadaítear píosaí ciníocha, díobhálacha, nimhneacha srl).
Beidh sé de cheart ag Gael Linn íomhánna a ghlactar ag imeachtaí Gael Linn a úsáid mar ábhar poiblíochta don eagraíocht amach anseo ach an cead sin a bheith faighte againn roimh ré ó scoileanna.
Tá an comórtas seo á reáchtáil trí mheán na Gaeilge agus is í an Ghaeilge teanga na cumarsáide agus teanga fheidhmeach an chomórtais. Ní ghlacfar ach le míreanna trí Ghaeilge. Iarrtar ar mhúinteoirí agus ar chaomhnóirí a chinntiú go bhfuil Gaeilge á labhairt ag na rannpháirtithe le linn imeachtaí Scléip.
Moltar go ndéanfadh múinteoirí léamh profaí ar liricí.
Déanfar dícháiliú ar aon duine a úsáideann fuaimriain le liricí in aon teanga seachas i nGaeilge. Moltar leagan ‘karaoke’ a úsáid mura bhfuil ceol le liricí i nGaeilge oiriúnach.
Is gá cloí le hord reatha an lae.
Caithfidh gach mír a bheith laistigh den am atá ceadaithe.
Iarrtar ar gach scoil bheith i láthair don chomórtas iomlán, oiread agus is féidir, agus a bheith mar lucht féachana nuair nach bhfuil siad ar stáitse.
Ní cheadófar rannpháirtíocht tuismitheoirí nó múinteoirí ar an stáitse féin.
Tá cead éide scoile nó gnáthéadaí a chaitheamh. Faoin scoil atá sé an cinneadh sin a dhéanamh.
Is faoi na hiomaitheoirí atá sé aon fheisteas, uirlis cheoil, aimplitheoirí nó taca atá de dhíth orthu a eagrú.
Má tá fuaimrian taca in úsáid ag iomaitheoirí, tá sé tábhachtach an ceol a sheoladh ag úsáid wetransfer.com chuig tomasrua@gael-linn.ie ar a laghad seachtain roimh réamhbhabhta/craobh.
Tógfaidh na moltóirí san áireamh an luach siamsaíochta a bhaineann le gach mír agus iad i mbun oibre. Mar threoir dóibh féin agus do na hiomaitheoirí, áfach, beidh an córas marcála thíos in úsáid acu. Ní chuirfear marcanna na moltóirí ar fáil d’aon duine.
Is féidir go mbainfear marcanna d’aon mhír a théann thar an uasmhéid ama atá luaite le gach comórtas.
Luíonn an cinneadh deiridh maidir le buaiteoir(í) an chomórtais leis na moltóirí. Ní cheadófar aon chomhfhreagras leis na moltóirí maidir lena gcinneadh.
Bronnfar áit sa chraobh ar bhuaiteoirí na réamhbhabhtaí.
Beidh cead ag iomaitheoirí athruithe a dhéanamh ina léiriú ón réamhbhabhta, go háirithe má bhí siad molta ag an moltóir, ach a bheith cinnte go bhfuiltear fós ag cloí le rialacha an chomórtais.
Bronnfar plaiceanna comórtha ar dhuaiseoirí na craoibhe.
Bronnfar Gradam Scléip ar an mhír is fearr ag an gCraobh agus bronnfar Gradam NÓS.ie ar an amhrán nuachumtha is fearr ag an gCraobh.
Cuirfidh Gael Linn fáilte roimh aiseolas i leith an chomórtais i ndiaidh na craoibhe.

Tá polasaí árachas dliteanas poiblí ag Gael Linn a chlúdaíonn ár gcuid scéimeanna ar fad. Ag na himeachtaí a eagraítear do dhaltaí scoile, áfach, is éascaitheoir é Gael Linn seachas maoirseoir, agus ní mór múinteoir nó duine fásta a bheith ainmnithe ag gach grúpa a bheidh freagrach as sábháilteacht agus maoirseacht na ndaltaí.
Tá Scléip ag spreagadh daoine óga le bheith cruthaitheach trí Ghaeilge. Spreagann sé scileanna maidir le ceol a chumadh, a aistriú agus a chur i láthair.