
Beidh sé mar rogha ag an iomaitheora idir 7-8 nóiméad tráchtaireachta a dhéanamh ar ceann do na cluichí thíos:
Cluiche Ceannais Iomána na Mumhan 2025 – Luimneach v An Clár
Fiseán le Tráchtaireacht ANSEO
Fiseán gan Tráchtaireach ANSEO
Foirne agus Clár ANSEO
Cluiche Ceannais Peile (Club) na Mumhan 2025 – An Daingean v Naomh Fionbarra
Fiseán le Tráchtaireacht ANSEO
Fiseán gan Tráchtaireach ANSEO
Foirne agus Clár ANSEO
Cluiche Ceathrú Ceannais Peile na mBan 2025 – An Gaillimh v Átha Cliath
Fiseán le Tráchtaireacht ANSEO
Fiseán gan Tráchtaireach ANSEO
Foirne agus Clár ANSEO
Do na daoine óga ar fad amuigh ansin, idir bhuachaillí agus chailíní, a bhíonn ag déanamh aithris ar Bhrian Tyers, Mac Dara Mac Donnchadha nó Marty Morrissey, tá Gael Linn ag tabhairt seans daoibh bhur dtráchtaireacht féin a chur os comhar an phobail trí pháirt a ghlacadh sa chomórtas seo atá ainmnithe i gcuimhne ar an dtráchtaire cáiliúil Micheál Ó Muircheartaigh a thug an-tacaíocht d’obair Gael Linn i gcónaí.
I gcomhar le Nemeton, an comhlacht léiriúcháin teilifíse a bhíonn i mbun craolta ar chluichí CLG, agus Oifigeach na Gaeilge, Páirc an Chrócaigh, cuirfear físeán ar fáil den 8 nóiméad deireanach de chluiche peile nó iománaíochta cáiliúil, ach ní bheidh aon fhuaim leis an bhfíseán.
Cuirtear ainmneacha na n-imreoirí ar fáil agus fágfar faoin iomaitheoir a thráchtaireacht féin a thaifeadadh, bunaithe ar an aicsean a tharlaíonn san 8 nóiméad deireanach sin (5 nóiméad dóibh siúd atá cláraithe i Rannóg A)
Tosóidh gach píosa tráchtaireachta leis na focail ‘Fáilte romhaibh isteach a dhaoine uaisle, agus tagann sibh chugainn le 8/5 nóiméad fágtha sa chluiche seo idir A agus B’ Leanfaidh an tráchtaire ar aghaidh go dtí deireadh an chluiche.
Cuirtear an nasc chuig an fhíseán a roghnófar agus tabharfar treoir d’iomaitheoirí conas a dtaifid a cheangal leis an bhfíseán sin tar éis dóibh an fhoirm iontrála a líonadh.
Sinsear: 7- 8 nóiméad
Sóisear: 5 nóiméad
Rannóg A: Bunscoil
Rannóg B: Ranganna na Sraithe Sóisearaí
& GCSE
Rannóg C: Ranganna Ardteiste, Idirbhliain san áireamh, agus Ranganna A leibhéal
*NB*: Is comórtas aonarach é an Comórtas Tráchtaireachta.
Is féidir le daoine aonair cur isteach ar an gcomórtas ach ní mór do dhuine fásta i.e. múinteoir nó tuismitheoir/caomhnóir a bheith ag tacú leis an iarratas agus a bheith sásta a bheith mar theagmhálaí ag Gael Linn.
Is féidir le scoileanna nó le clubanna roinnt iarratais a dhéanamh le chéile do dhaltaí ach ní mór do mhúinteoir ón scoil nó duine fásta ón gclub a bheith ag tacú leis na hiarratais agus a bheith sásta a bheith mar theagmhálaí ag Gael Linn.
- Taifeadadh Scáileáin (Screen Recording) – Oscail an físeán GAN TRÁCHTAIREACHTA den chluiche atá roghnaithe, brú ar ‘screen record’ agus is féidir leis an iomaitheoir a bheith ag déanamh an tráchtaireacht agus é/í ag féachaint ar an gcluiche. Nuair a chríochnaíonn an cluiche, sábháil an comhad físe faoi ainm an tráchtaire.
- Aip ‘Voice Over’ – Déan íoslódáil ar aip ‘Voice Over’ ón Appstore (iOS) nó Google Play (Android). Is féidir taifeadadh gutha a dhéanamh thar an físeán é féin ag úsáid an aip seo agus ansin sábháil an comhad físe faoi ainm an tráchtaire.
- Taifeadadh Fuaime – Is féidir an tráchtaireacht a thaifeadadh ag baint úsáid as aon trealamh nó bogearra a dhéanamh taifeadadh fuaime. Nuair atá taifeadadh déanta ag an tráchtaire, is féidir an píosa fuaime sin a thógáil agus é a nascadh leis an bhfíseáin le go mbeadh tráchtaireacht ‘beo’ le cloisteáil. Déan cinnte an comhad físe a shábháil faoi ainm an tráchtaire nuair atá sé críochnaithe.
Nuair atá an taifeadadh déanta agaibh agus sibh sásta leis, is féidir na comhaid a chur chuig tomasrua@gael-linn.ie ag úsáid https://wetransfer.com/ . Níl aon chostas ar WeTransfer agus ní theastaíonn aon chuntas le húsáid a bhaint as. Ní ghlacfar le haon iontrálacha tríd ríomhphost ná ar WhatsApp.
BUAITEOIR NÁISIÚNTA
Bronnfar an duais seo don iarracht is fearr as na hiontrálacha ar fad, beag beann ar an rannóg atá i gceist.
-Duais Airgid
- Seal a chaitheamh i mbosca tráchtaireachta TG4 ag cluiche le linn Sraith Peile/Iomána 2025.
- 4 thicéad do Mhúsaem Pháirc an Chrócaigh agus do thuras na staide.
- 5 ticéad iontrála do chluiche sraithe peile nó iománaíochta 2026 de rogha an bhuaiteora.
Chomh maith leis sin, beidh duaiseanna don 3 iarracht is fearr i ngach rannóg:
An 1ú Áit i ngach rannóg:
- Duais Airgid.
- 4 ticéid do Mhúsaem Pháirc an Chrócaigh agus do thuras na staide.
- 5 ticéid iontrála do chluiche Sraithe peile nó iománaíochta 2026 de rogha an bhuaiteora.
An 2ú hÁit i ngach rannóg:
- Duais Airgid.
- 4 thicéad do Mhúsaem Pháirc an Chrócaigh agus do thuras na staide.
- 5 thicéad iontrála do chluiche sraithe peile nó iománaíochta 2026 de rogha an bhuaiteora.
An 3ú hÁit i ngach rannóg:
- Duais Airgid.
- 5 thicéad iontrála do chluiche sraithe peile nó iománaíochta 2026 de rogha an bhuaiteora.
Tá comórtais den chineál seo thar a bheith tábhachtach do dhaoine óga an lae inniu go háirithe agus an suim a chuireann siad i gcluichí Chumann Lúthchleas Gaeil!