Faoi Gael Linn

Tríd an obair a dhéanaimid le scoileanna, le heagraíochtaí eile agus an pobal teanga i gcoitinne, tugtar deiseanna do dhaoine foghlaim, forbairt agus fás.

Bunaithe in 1953, is eagraíocht neamhbhrábúsach í Gael Linn a chuireann an Ghaeilge agus a hoidhreacht chun cinn. Tá stair fhada ag an eagraíocht ag tacú le ceoltóirí traidisiúnta agus ag cur an ceol chun cinn. Tá bailiúchán suntasach de thaifid ceoil ag Gael Linn agus tá ról lárnach againn ag cothú agus ag spreagadh an chéad ghlúin eile trí chomórtais agus deiseanna cur i láthair.

Gné thábhachtach eile dár ngníomhaíochtaí ná tacaíocht a chur ar fáil do theagascóirí Gaeilge trí ábhar foghlamtha, fóraim tacaíochta agus comhairle ar pholasaí a sholáthar.

Aidhm

Tá sé mar aidhm ag Gael Linn taithí dhearfach a spreagadh i leith na Gaeilge do dhaoine de gach aois. Éascaítear an bealach dóibh chun teacht ar an iliomad deiseanna a bhaineann leis an teanga, go sóisialta agus go proifisiúnta.

Fís
Taithí dhearfach i leith na Gaeilge a éascú do chách
Misean
An bealach a éascú i dtreo sochaí ilteangaí ina mbíonn deiseanna nádúrtha ag daoine an Ghaeilge a úsáid go sóisialta agus go proifisiúnta mar is mian leo.
Luachanna
A bheith ábhartha, tuisceanach, dóchasach, ag foghlaim i gcónaí agus a bheith dearfach.

Tuilleadh fúinn

Bíonn Gael Linn ag plé le daoine ar líne agus i bpearsa fud fad na hÉireann (agus i gcéin!) Tá 2 phríomhionad againn ina gcuirtear an obair luachmhar seo i gcrích – Ceannoifig na heagraíochta ar Shráid an Dáma i lár Chathair Bhaile Átha Cliath agus an Lárionad Cultúrtha, Aonach Mhacha i gCathair Ard Mhacha.

Bíonn rannpháirtíocht ghníomhach ag croílár ár gcleachtais, agus le blianta fada táimid ag déanamh uasdátú agus leasú ar ár gclár imeachtaí agus gníomhaíochtaí le cinntiú go bhfuilimid san áit cheart chun tacú lenár bpobal. Tá ról lárnach ag Gael Linn ag tacú le teagascóirí agus le foghlaimeoirí na teanga trí ghníomhaíochtaí ‘fíor-shaol’ a sholáthar a thugann deiseanna dóibh an Ghaeilge atá acu a fhorbairt. Tacaimid le ceoltóirí trí ardán a chur ar fáil dóibh chun iad féin a chur i láthair, a gcuid scileanna a fhorbairt agus an tuiscint atá acu ar thraidisiún na tíre seo a neartú.

 

Cartlann

Is liosta le háireamh iad na tionscnaimh uile ar thug an eagraíocht fúthu ó bunaíodh í sa bhliain 1953, roinnt mhaith acu dírithe ar dhaoine óga.

Baineann go leor de na grianghraif leis na comórtais díospóireachta, Slógadh, Siansa, Scoláireachtaí Trí Mhí agus eile.

Tugann na gailearaithe éagsúla léargas ar obair na heagraíochta le blianta anuas agus léiríonn siad freisin an oiread daoine a bhfuil cáil bainte amach acu i réimsí éagsúla den saol, a thosnaigh amach le scéimeanna Gael Linn. Ábhar mórtais do Gael Linn é go bhfuil an-chuid acu seo fós ag plé le cúrsaí Gaeilge.

Tabhair cuairt ar an suíomh anseo.

Líonraíocht & Rialachas

Oibrímid i gcomhpháirt le dreamanna eile lena bhfuil luachanna comónta againn chun eolas agus acmhainní a roinnt. Cruthaítear deiseanna líonraíochta chun comhroinnt eolais, piarathacaíocht agus forbairt ghairmiúil a éascú. Rialaíonn bord deonach Gael Linn, toghtar na daoine seo do théarma 5 bliain, suas go huasmhéid de 10 bliain. Tá grúpa tánaisteach eile ann as a dtoghtar baill an bhoird, dárbh ainm ‘Cuideachta Gael Linn’. Ainmnítear daoine don ghrúpa seo chomh maith agus tagann siad le chéile cúpla uair sa bhliain chun gníomhaíochtaí na heagraíochta a phlé.

 

Cuireann sárfhoireann aidhmeanna Gael Linn i gcrích le díograis, le fuinneamh agus le tiomántas. Ag stiúradh na hoibre seo, tá an Príomhfheidhmeannach, a bhfuil freagracht fhoriomlán air maidir le scéimeanna agus bainistiú chorparáideach na heagraíochta.

Buíochas lenár maoinitheoirí

Tá go leor de scéimeanna Gael Linn maoinithe ag gníomhaireachtaí seachtracha ar nós Foras na Gaeilge, An Roinn Oideachais, An Roinn Forbartha Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Gan an tacaíocht leanúnach seo, ní fhéadfaimis ár gcuid oibre thábhachtach a chur i gcrích.

Ag obair linn

Bímid i gcónaí sa tóir ar dhaoine paiseanta a roinneann ár luachanna agus a bhfuil fonn orthu cur le spriocanna Gael Linn. Le chéile, is féidir linn tionchar dearfach agus tairbheach a imirt chun saibhreas teanga agus chultúr na tíre seo a chur chun cinn.

Foireann Gael Linn