‘Siúil, siúil, siúil a rún. Siúil go sochair agus siúil go ciúin. Siúil go doras agus éalaigh liom. Is go dté tú mo mhuirnín slán.’
Is méala mór do Gael Linn bás Mháire Uí Bhraonáin, ball den ghrúpa clúiteach Clannad. Ba mhaith le Bord agus Foireann Gael Linn comhbhrón ó chroí a chur in iúl dá clann agus dá cairde go léir ag an am bhrónach seo.
Bhain Clannad cáil amach go gasta i ndiaidh gur éirigh thar cionn leis an ghrúpa sna 70í i Slógadh, féile a d’eagraíodh Gael Linn. Thaifead Clannad dhá cheirnín le Gael Linn ansin agus Máire leo anois. Léiríonn na hamhráin agus na foinn ar na halbaim luatha seo an cóiriú uathúil a bhíodh Clannad ag déanamh den tseanstíl thraidisiúnta. Bhí ról lárnach ag Máire ag cruthú na fuaime sin agus í ag seinm, ag canadh agus ag cumadh amhrán fosta. Bhí binneas ina glór agus é cumhachtach agus inaitheanta.
Tá ardmheas ag Gael Linn ar ar bhain Máire Ní Bhraonáin amach leis an ghrúpa Clannad agus mar oirfideach aonair le ceol dúchasach na hÉireann a chur ar stáitse anseo in Éirinn agus go hidirnáisiúnta fosta. Le barr feabhais sa cheol a rinne Máire agus a clann cheolmhar na héachtaí go léir. Chuir Máire Ní Bhraonáin agus Clannad comaoin mhór ar phobal na hÉireann agus ar mhuintir na Gaeltachta lena ndearna siad le teanga dhúchais na tíre a chur chun cinn tríd an ealaín shaibhir a bhí acu.
Tá gach gradam a bronnadh ar Mháire Ní Bhraonáin agus ar Clanna tuillte agus tuillte go maith acu.
San fhómhar 2022, bhí áthas ar Gael Linn na halbaim, Clannad 2 (1974) agus Dúlamán (1976) a atáirgeadh ar vinil nuair a bhí Clannad ar chamchuairt cheiliúrtha i ndiaidh 50 bliain rathúil i ngnó an cheoil.
Suaimhneas Síoraí ar a hanam uasal.
