Oidhreacht

Bíonn toradh ar obair Gael Linn

D’oibrigh bunaitheoirí Gael Linn amach go luath nach raibh rath ar chultúr na ngearán. B’fhearr leo an chéad chéim a ghlacadh iad féin agus an chéim eile ina dhiaidh sin. Bíonn toradh ar obair Gael Linn an mana a bhí acu. Tá oidhreacht shaibhir chultúrtha a bhfuil tábhacht náisiúnta agus idirnáisiúnta ag baint léi tiomsaithe ag Gael Linn ón bhliain 1953.

Stair Gael Linn

Achoimre ar bhuaicphointí i scéal na heagraíochta

1953
Grúpa de iarchéimithe ón eagraíocht An Comhchaidreamh, agus Dónall Ó Móráin agus Riobárd Mac Góráin ina measc, a bhunaigh Gael Linn i 1953. Ceapadh Riobard mar an chéad bhainisteoir lánaimseartha. Chaith an bheirt acu a saol ag obair leis an eagraíocht ina dhiaidh sin. (fch. Pic.) >> Bhí smaointe cinnte ag na bunaitheoirí faoi cad ba ghá a dhéanamh chun an Ghaeilge a chur ar bhonn slán agus, thairis sin, bhí barúil láidir acu faoi conas a d'fhéadfaí teacht thar an tseanchonstaic - ganntanas airgid. Cuireadh tús le Linnte Peile, bunaithe ar chluichí Gaelacha. >> Craoladh clár raidió seachtainiúil urraithe ar Raidió Éireann, mar a tugadh ar an Stáisiún Náisiúnta Raidió an tráth sin. D’fhógair an clár torthaí na linnte gach seachtain agus chuir sé imeachtaí Gaeilge chun cinn ar fud na tíre. >> Síníodh Gníomhas Iontaobhais idir An Comhchaidreamh agus seisear a ceapadh ina gCaomhnóirí (Iontaobhaithe). Ba iad seo, i ndáiríre, an chéad Bhord de chuid Gael‑Linn.
1954
Ag Ollchruinniú an Chomhchaidrimh mí Iúil 1954, mhaígh Ceannasaí Gael-Linn, Dónall Ó Móráin, go raibh timirí ag an eagraíocht i ngach cearn den tír. Mar sin féin, ba bheag brabús a rinne na linnte sa chéad dá bhliain agus ní raibh d’acmhainn ag na Caomhnóirí ach deontais bheaga a bhronnadh. Tugadh airgead le haghaidh scoláireachtaí Gaeltachta Ógra Éireann agus an Gharda Síochána, agus do chraobhacha áirithe de chuid Chonradh na Gaeilge, go mór mhór na craobhacha sin a bhí gníomhach ag leathnú na linnte ar nós Craobh Aonach Urmhumhan, Craobh Luimnigh agus Craobh Inse Chór i mBaile Átha Cliath. Faoi dheireadh 1954, áfach, bhí £3,000 sa bhanc ag Gael Linn agus measadh gur leor é chun tabhairt faoi scéimeanna dá gcuid féin.
1955
Cuireadh tús le scéim scoláireachtaí Gaeltachta trí mhí do pháistí bunscoile. Chaith 32 páiste an téarma ón gCáisc go dtí an samhradh i gceantair éagsúla Gaeltachta. (fch pic.) >> Bunaíodh amharclann Ghaeilge i Halla an Damer, ar Fhaiche Stiabhna i mBaile Átha Cliath. Amharclann leath‑ghairmiúil/amaitéarach, bunaithe ar obair dheonach a bhí inti. >> Cuireadh tús le scéim laghdú luacha faoina bhfaigheadh baill Gael-Linn laghdú ar earraí de dhéantús na hEireann i siopaí áirithe. Bhíodh liosta de na siopaí sin ar na bileoga a thugadh na timirí do na baill gach seachtain.
1956
Cuireadh Oícheanta Seanchais ar bun i mBaile Átha Cliath mar chuid d’fhéile An Tóstal. Bhí scéalaíocht traidisiúnta agus amhránaíocht sean‑nóis ag croílár na n‑imeachtaí seo. Reáchtáladh na hoícheanta seo go bliantúil go dtí 1960. (fch. pic.) >> D’oscail Gael-Linn oifig ar Shráid an Chapaill Bhuí i gCorcaigh.
1957
Tá ceirníní Gael-Linn ar na seoda is mó i gcoróin na heagraíochta. Sa bhliain 1957 chuir Gael Linn na ceirníní tosaigh amach - seancheirníní 78 c.s.n. Bhí amhrán ar an sean-nós ar thaobh amháin de gach ceirnín agus ceol uirlise traidisiúnta ar an taobh eile. Agus bhí clúdaigh deá dheartha orthu, maille le focail na n-amhrán, rud a bhí neamh-choitianta ag an am (fch pic.) >> Cuireadh tús le sraith féilte drámaíochta Gaeilge. Mar thoradh air sin, bunaíodh An Chomhairle Náisiúnta Drámaíochta, eagraíocht a bhí dírithe ar dhrámaíocht Ghaeilge a chur chun cinn ar bhonn náisiúnta. >> Rinneadh cinneadh ionad próiseála éisc agus glasraí a bhunú i gCama, i nGaeltacht na Gaillimhe. Ceannaíodh cúig bhád iascaigh chósta, a tugadh ar léas ceannacháin do na hiascairí áitiúla i gCarna.
1958
Ceannaíodh eastát 135 acra i dTeileann i ndeisceart Dhún na nGall, ina raibh feirm chaorach/muc agus cearta iascaireachta chuig aibhneacha agus lochanna áitiúla agus Bá Theileann, go príomha chun slí bheatha na n-iascairí bradán áitiúla a chosaint. Díoladh an fheirm ina dhiaidh sin, agus díoladh na cearta iascaireachta le hÚdarás na Gaeltachta chun leasa comharchumann áitiúil. >> Bunaíodh institiúid teagaisc Gaeilge, Foras na Gaeilge, chun cúrsaí Gaeilge a eagrú do dhaoine fásta agus do dhaoine óga. >> Léiríodh dráma cáiliúil Bhreandáin Uí Bheacháin, 'An Giall', den chéad uair riamh i Halla an Damer. (fch. pic.) >> Cheannaigh ​​Gael-Linn bloc oifigí trí stór ag barr Shráid Grafton, Baile Átha Cliath, le húsáid mar a gceanncheathrú nua.
1959
Cuireadh Amharc Éireann, nuachtscannán seachtainiúil le tráchtaireacht Ghaeilge, ar fáil i bpictiúrlanna Rank ar fud na tíre, in áit na ndoiciméad gearr coicísiúil a bhíodh ann. Taispeánadh breis agus 260 eagrán thar thréimhse cúig bliana. (fch. Pic.) >> Rinne Gael‑Linn aighneachtaí chuig an gCoimisiún Teilifíse, a bunaíodh chun moltaí a dhéanamh maidir le bunú na chéad stáisiúin teilifíse in Éirinn. Níor éirigh le hiarratas Gael‑Linn. Chinn an Rialtas comhlacht leathstáit a bhunú chun an tseirbhís nua a reáchtáil, Teilifís Éireann. >> Bunaíodh Cabaret Gael‑Linn, clár siamsaíochta d’ardchaighdeáin ina raibh ceol, amhránaíocht agus damhsa traidisiúnta. Cuireadh léirithe ar stáitse in óstáin agus in ionaid turasóireachta ar fud na tíre. >> Bunaíodh Coláiste Chomáin, iar‑bhunscoil i Ros Dumhach, i nGaeltacht iarthuaisceart Mhaigh Eo. >> Cuireadh comórtas díospóireachta trí Ghaeilge ar bun do scoileanna dara leibhéal sa bhliain acadúil 1959–1960.
1960
D’eisíodh Mise Éire, an chéad scannán lánfhada riamh i nGaeilge, agus an chéad scannán dá leithéid bunaithe ar phíosaí fíorthábhachtacha de nuachtchláracha cartlainne. Bhí ceol a bhfuil cáil mhór air anois le Seán Ó Riada mar thionlacan ann. Dhírigh an scannán ar throid na hÉireann ar son neamhspleáchais ón luath‑naoú haois déag go 1917. (fch. pic.) >> Rinneadh cinneadh infheistíocht a dhéanamh i monarcha próiseála feamainne, Tora Toinne Teoranta, ar an gCeathrú Rua, i nGaeltacht na Gaillimhe. >> Bhuaigh foireann ó Chlochar Loreto, Leitir Ceanainn an chéad Chraobh den gcomórtas díospóireachta nua do scoileanna dara leibhéal. >> D’oscail Gael-Linn oifig i Sráid na nGall in Ard Mhacha.
1961
Tháinig an scannán Saoirse? amach, ag leanúint Mise Éire, scannán lánfhada eile a chlúdaigh an tréimhse ó 1917 go 1922. (fch. Pic.) >> Cuireadh scéim bheachaireachta ar bun i nGaeltacht Chúil Aodha in iarthar Chorcaí agus i nGaeltacht Chorca Dhuibhne in iarthar Chiarraí. >> I measc na gceirníní a tháinig amach ar lipéad Gael-Linn bhí fadcheirnín leis an bpíobaire Séamus Ennis. >> D’fhoilsigh 'The Sunday Review' cartún i mí an Mheithimh 1961 ina raibh fear ag cáineadh a chuid compánach óil sa teach tábhairne, agus an ceannlíne seo leis: ‘Mura bhfuil Gael-Linn in ann fear a chur chuig an ngealach, ní bheidh aon duine eile in ann é a dhéanamh!'
1962
Ceannaíodh leapacha oisrí i mBá Chill Chiaráin, chun próiseáil éisc i gCarna a threisiú. >> Ceannaíodh áitribh i mBaile an Fheirtéaraigh agus i nDún Chaoin, i nGaeltacht Chorca Dhuibhne, chun laethanta saoire Gaeltachta a fhorbairt. >> Ghlac Gael‑Linn cúram agus bainistíocht ar shiopa chomharchumainn sa Rinn, i nGaeltacht Phort Láirge. >> Ionchorpraíodh an eagraíocht mar Gael‑Linn Teoranta, comhlacht faoi theorainn ráthaíochta gan scairchaipiteal.>> I measc na gceirníní a tháinig amach ar lipéad Gael-Linn bhí dhá cheann le Seán Ó Riada agus Ceoltóirí Chualann, ‘Reachaireacht an Riadaigh’ agus ‘The Playboy of the Western World’.(fch. pic.)
1963
Ceannaíodh Inisfree Handknits Teoranta, comhlacht a tháirg éadaí láimhe cniotáilte traidisiúnta, chomh maith le siopa miondíola i mBaile Átha Cliath — The Donegal Shop, suite sa Creation Arcade ar Shráid Grafton. (fch. pic.) >> D’eisíodh scannán teagaisc gearr ar scileanna peile Gaelaí, Peil. >> Mar fhiontar nua tiomsaithe airgid, cuireadh Biongó ar bun in áiteanna éagsúla i mBaile Átha Cliath agus in ionaid eile ar fud na tíre. Reáchtáladh an chéad seisiún riamh de Bingo Gael –Linn i gcathair Chorcaí! >> Bunaíodh club óige do scoláirí a bhain tairbhe as scoláireachtaí Gaeltachta de chuid Gael‑Linn roimhe sin. >>>> Ceapadh Dónall Ó Móráin ina Cheannasaí ar Gael-linn agus ceapadh Riobard Mac Góráin ina Cheannasaí Cúnta.
1964
Glacadh mór‑scair i gcomhlacht déantúsaíochta troscáin, John Hogg & Co. Ltd., a bhí ag trádáil faoin ainm Crannac, san Uaimh, Contae na Mí. >> D’eisíodh scannán teagaisc gearr ar scileanna iománaíochta le laoch na hiomána ag an am, Christy Ring. (fch. pic.)
1965
Bunaíodh Coláiste Mhac Dara, coláiste samhraidh do scoláirí a ghnóthaigh scoláireachtaí trí mhí Gaeltachta ó Gael‑Linn roimhe sin, sa Cheathrú Rua, i nGaeltacht na Gaillimhe. (fch. pic.) >> Taispeánadh an gearrscannán Rhapsody of a River, a dhírigh ar fhorbairt shóisialta in Éirinn agus a ndearna An Roinn Gnóthaí Eachtracha comisiúiniú air, ag Féile Scannán Chorcaí.
1966
D’eisíodh An Tine Bheo, scannán cuimhneacháin speisialta ar Éirí Amach 1916, a choimisiúnaigh Coiste Iubhaile 1916, agus taispeánadh é i bpictiúrlanna ar fud na hÉireann. (fch. pic.) >> Bunaíodh Irlandia, comhlacht margaíochta speisialta chun troscán Crannac agus táirgí Éireannacha eile a chur ar an margadh sa Ríocht Aontaithe. >> Bunaíodh Miotalra, gnólacht miotalóireachta i gCarna, i gcomhpháirtíocht le comhlacht i mBaile Átha Cliath, a tharraing siar ón ghnó ina dhiaidh sin.
1967
D'eisíodh gearrscannán ar an fhéile cheoil thraidisiúnta, Fleá Ceoil, a ghnóthaigh gradam ag Féile Scannán Bheirlín. >> Bunaíodh Cara‑Chumann Gael‑Linn, cumann cairdiúil a d’fheidhmigh mar uirlis infheistíochta don eagraíocht. >> Ceannaíodh mór‑scair i Glens of Antrim Tweed Co. Ltd., i gCushendall, Contae Aontroma. >> Mar iarracht tacú leis an teanga, d’ullmhaigh an Roinn Oideachais leabhrán chun cabhrú le lucht féachana sraith teilifíse nua dar teideal ‘Buntús Cainte’, agus d’ullmhaigh Gael Linn taifead agus téipeanna fuaime chun cur leis an tsraith. Bhí ‘Buntús Cainte’ dírithe ar thosaitheoirí agus ar dhaoine fásta a raibh páistí ar scoil acu agus a bhí ag iarraidh a gcuid Gaeilge féin a fheabhsú chun go mbeidís ábalta cabhrú leis na páistí ina gcuid oibre scoile. (fch pic.)
1968
Ceannaíodh agus athchóiríodh Ósta John Devoy, teach tábhairne agus bialann cheadúnaithe i mBaile Eoin, Co. Chill Dara. (fch. pic.) >> Ar iarratas ó Chlann na hÉireann, ghlac Gael‑Linn cúram ar bhrú, darbh ainm Brú na Mí, i nGaeltacht Bhaile Ghib i gCo. na Mí. Reáchtáladh cúrsaí samhraidh ann ar feadh dhá bhliain. >> Bhí Gael‑Linn lárnach i mbunú comhfhiontair le Gaeltarra Éireann agus trí pháirtí eile i dtionscal na n‑óstán. Bunaíodh Gaeltearmann Teoranta leis an aidhm sraith óstán ardchaighdeáin a fhorbairt i gceantair Ghaeltachta, ag tosú le Cathair Uí Dhónaill, i gCiarraí. >> D’eisíodh Capallology, gearrscannán greannmhar faoi spóirt eachaíochta in Éirinn, a bhuaigh Gradam “Monaco” ag Féile Scannán na Bruiséile.
1969
Bunaíodh Slógadh, féile ealaíne don aos óg bunaithe ar chomórtas, ina raibh babhtaí cáilithe áitiúla agus craobh‑chomórtas náisiúnta mar bhuaicphointe. Bhí réimse leathan comórtais i Slógadh a bhain le gach gné de na healaíona, drámaíocht, ceol, amhránaíocht, seanchas agus na healaíona físe. >> Dúnadh siopa an chomharchumainn sa Rinn, agus rinneadh iarrachtaí cabhrú leis an bpobal coiste forbartha áitiúil a bhunú. >> I Márta 1969, i gcomhar le S. Ó Riada agus Ceoltóirí Chualann chuir Gael-Linn ceolcoirm ar stáitse sa Gaeity i gcuimhne ar an bhfile Ultach, Peadar Ó Doirnín. Is clasaic ag lucht ceoil an lae inniu an taifeadadh a rinneadh ar an cheolchoirm agus breathnaítear ar an ócáid féin mar chlochmhíle i nua-stair an cheoil thraidisiúnta. (fch. pic.) >> Díoladh na háitribh a bhí ag Gael-Linn i mBaile an Fheirtéaraigh agus i nDún Chaoin le fear gnó áitiúil.
1970
Reáchtáladh an chéad Slógadh Náisiúnta i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, agus thug Gael Linn fadcheirnín amach ina dhiaidh sin le roinnt de na ceoltóiri agus amhránaithe a bhí tar éis páirt a ghlacadh. I measc na mbuaiteoirí ag an gcéad Slógadh Náisiúnta bhí an grúpa Clannad ó Ghaoth Dobhair i nGaeltacht Thír Chonaill.
1971
Tháinig an gearrscannán Pobal amach, scannán a bhí bunaithe ar shaol mhuintir na hÉireann. >> Bunaíodh Eachtra, cúrsa samhraidh eachtraíochta do dhéagóirí Gaeilge, sa Cheathrú Rua, i gConamara. I measc na ngníomhaíochtaí bhí snámh, tarrtháil uisce, rianadóireacht, cadhcáil agus bádóireacht. (fch. pic.) >> Díoladh scaireanna Gael‑Linn i gCrannac.
1972
Díoladh Ósta John Devoy, an teach tábhairne agus bialann i mBaile Eoin, Co. Chill Dara. (fch. pic.) >> Rinneadh socrú leis an Roinn Oideachais agus le Coiste Gairmoideachais Chontae Mhaigh Eo, lena nglacfadh an Coiste freagracht as feidhmiú agus maoiniú Choláiste Chomáin mar ghairmscoil. Bunaíodh coiste bainistíochta, ina raibh ionadaithe ón Roinn, ón gCoiste Gairmoideachais agus ó Ghael‑Linn. >> Rinneadh socrú comhpháirtíochta nua le Gaeltarra Éireann agus le Portarlington Engineering Products Ltd. maidir leis an ngnó miotalóireachta Miotalra, i gCarna.
1973
D’eisíodh 'Mótar mo Chroí', gearrscannán ar iompar in Éirinn. >> Taispeánadh gearrscannán eile 'Páistí ag Obair' ag Féile Scannán Chorcaí, áit ar bhuaigh sé Gradam na Léirmheastóirí. Tugadh cuireadh ina dhiaidh sin don scannán páirt a ghlacadh i bhFéile Scannán Londain, agus fuair sé ainmniúchán Oscar ina dhiaidh sin. >> Aistríodh an coláiste samhraidh Coláiste Mhac Dara go Machaire Rabhartaigh i nGaeltacht Dhún na nGall. (fch. Pic.) >> Aistríodh Eachtra, an cúrsa eachtraíochta do dhéagóirí go Gort a’ Choirce i nDún na nGall freisin. >> Rinneadh athchóiriú ar The Donegal Shop, an siopa miondíola i Creation Arcade / Sráid Grafton, Baile Átha Cliath, agus osclaíodh siopa ceoil nua, Fónódisc ar an láthair céanna.
1974
D’eisíodh go poiblí dhá ghearrscannán: Páistí ag Obair, a bhuaigh gradaim, agus Poc ar Buile, scannán greannmhar faoi ghalf le tráchtaireacht ó Niall Tóibín. >> Chomh maith leis an gcúrsa Eachtra i nGaeltacht Dhún na nGall, eagraíodh an dara cúrsa i gCorca Dhuibhne, i nGaeltacht Chiarraí. >> Is i 1974 a tháinig an t-albam Clannad 2 amach, an chéad albam ag an ngrúpa ar lipéad Gael-Linn. >> Rinne Gael-Linn ceiliúradh ar 21 bliain a bhunaithe le roinnt imeachtaí, ceann acu a bhí ar siúl in Ireland House, Baile Átha Cliath, áit ar tugadh suntas don méid a bhí bainte amach ag an eagraíocht go dtí sin. (fch. pic.) >> Tháinig Banc Aontas Éireann (AIB) ar bord mar urraitheoir ar an gcomórtas díospóireachta d'iarbhunscoileanna, urraíocht a lean go dtí 1998.
1975
Mar thoradh ar chomhfhiontar le Linguaphone, forbraíodh agus seoladh cúrsa nua féin‑fhoghlama Gaeilge. >> Osclaíodh coláiste samhraidh i nGaeltacht Bhaile Bhuirne, in iarthar Chorcaí. Bhíodh an coláiste lonnaithel i bhfoirgneamh Choláiste Íosagáin, tógtha ar chíos ó Bhráithre de la Salle, ach i 1986 bhog sé go dtí an mheánscoil áitiúil Coláiste Ghobnatan. >> Ceannaíodh ceithre sheanphictiúrlann i mBaile Átha Cliath: The Cabra Grand, The Whitehall Grand, The Deluxe agus The Strand. Bhí trí cinn díobh seo ar cíos ag Gael‑Linn mar ionaid biongó le blianta fada roimhe sin. (fch. pic.) >> Bhronn Ollscoil na hÉireann dochtúireacht oinigh ar Dhónall Ó Móráin.
1976
Cuireadh comórtas díospóireachta trí Ghaeilge ar bun do mhic léinn tríú leibhéal, le h-urraíocht ó The Irish Times. Foireann ón gColáiste Tráchtála, Rath Maoinis a bhuaigh an chéad chraobh. >> (fch. pic.) I measc na gceoltóirí agus na n-amhránaithe ar eisíodh a gcuid ceirníní ar lipéad Gael-Linn i 1976 bhí Micheál Ó Súilleabháin, Aodh Ó Duibheannaigh, Seán Bán Mac Grianna, Mick Mulcahy, agus Seosamh Ó hÉanaí. Eisíodh albam leis an chuid is fearr de Shlógadh ’76 dar teideal ‘Bualadh Bos’ agus albam le Ceoltóirí Laighean dar teideal ‘The Star of Munster’ freisin.
1977
Ceannaíodh uimhreacha 26 agus 27 Cearnóg Mhuirfean, mar cheanncheathrú nua Gael‑Linn. (fch. pic.) >>Tar éis trí bliana taighde, arna chur i gcrích i gcomhar le hOllscoil na Gaillimhe, rinneadh cinneadh tús a chur le forbairt na leapacha oisrí i mBá Chill Chiaráin, gar do Ros Muc i gConamara, a ceannaíodh ar dtús i 1962. >> Díoladh Pictiúrlann an Deluxe. >> I measc na gceoltóirí agus na n-amhránaithe ar eisíodh a gcuid ceirníní ar lipéad Gael-Linn i 1977 bhí Mairéad Ní Dhomhnaill, Jackie Daly agus Séamus Creagh, Pádraig Ó Carra, Paddy Glackin, Dermot O’ Brien, M Ó Súilleabháin agus Nóirín Ní Riain, agus Clannad leis an t-albam ‘Dúlamán’.
1978
I dtreo dheireadh na bliana, cuireadh deireadh le cur chuige na linnte peile mar a bhí, agus bunaíodh struchtúr nua, Cairde Gael‑Linn, mar bhunús do chrannchur míosúil do bhaill. (fch. pic.) >> I measc na gceoltóirí agus na n-amhránaithe ar eisíodh a dtaifid ar lipéad Gael-Linn i 1978 bhí Nioclás Tóibín, Seán de hÓra, P.J. Hernon, Nóirín Ní Riain, mar aon le halbam leis an chuid is fearr de Slógadh ‘78 agus albam curtha le chéile ag Ciarán Mac Mathúna dar teideal ‘Mo Cheol Thú’.
1979
Chuir an comhlacht teicstílí, Glens of Antrim Tweed Co. Ltd., i gCushendall, Contae Aontroma, deireadh lena thrádáil. (fch. pic.) >> Aistríodh siopa ceoil Gael‑Linn, Fónódisc, go háitribh nua ar Shráid an Diúc, i mBaile Átha Cliath.
1980
Tar éis leachtú Irish Record Factors, rinne Gael‑Linn cinneadh gníomhaireacht dáilte nua a bhunú i gcomhar le Mulligan Records. >> Bunaíodh An Coláiste Ard‑Rúnaíochta, coláiste rúnaíochta trí Ghaeilge, le soláthar a dhéanamh de rúnaithe oilte a bhí in ann feidhmiú trí mheán na Gaeilge. >> Dúnadh The Donegal Shop, an siopa i Creation Arcade ar Shráid Grafton, agus díoladh an léas ar an áitreabh. >> De réir chinneadh Údarás RTÉ deireadh a chur le cláir urraithe, craoladh clár raidió seachtainiúil Gael‑Linn don uair dheireanach ar an 29 Nollaig. >> Bhí Slógadh tagtha chun cinn mar fhéile ollmhór le deich mbliana anuas agus bhí Slógadh Náisiúnta 1980 ar siúl i nGaillimh. (fch. pic.)
1981
Dúnadh siopa ceoil Gael‑Linn, Fónódisc, agus díoladh an léas ar na háitribh ar Shráid an Diúc, i mBaile Átha Cliath. ( fch. pic.) >> Ionchorpraíodh an eagraíocht tacaíochta Cairde Gael‑Linn mar chomhlacht. >> D’eagraigh Gael‑Linn seimineár i mBaile Átha Cliath ar staid na dteangacha neamhfhorleathana san Eoraip, go háirithe i gcomhthéacs tuarascála a cuireadh faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa go gairid roimhe sin. >> I measc na gceirníní a tháinig amach ar lipéad Gael-Linn i 1981 bhí ‘Rince Gréagach’ (Philip King agus Peter Browne), ‘Farewell but Whenever’ (Treasa O’ Driscoll), ‘Tommy Peoples’, agus ‘Cry of the Mountain’ (Micheál Ó Súilleabháin).
1982
Foilsíodh doiciméad ar an oideachas dar teideal 'The Future of the Irish Language in the Irish Education System'. >> Thar thréimhse roinnt blianta, bhí an eagraíocht an‑ghníomhach i gcur chun cinn na dteangacha Eorpacha mionlaigh, agus bhí baill foirne de chuid Ghael‑Linn lárnach i mbunú An Bhiúró Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathana. (fch. pic.) >> Foilsíodh doiciméad eile ar raidió áitiúil, The Future of Irish Local Radio. >> Tharraing Mulligan Records siar ón socrú dáilte ceirníní le Gael‑Linn. Lean Gael‑Linn ar aghaidh ag dáileadh a lipéid féin agus lipéid eile.
1983
I measc na gceirníní a tháinig amach ar lipéad Gael-Linn i 1983 bhí an ceirnín Sail Óg Rua leis an amhránaí iomráiteach Dolores Keane, in éineacht le John Faulkner. Seoladh freisin an t-albam Ceol Aduaidh le Mairéad Ní Mhaonaigh agus Frankie Kennedy a aithnítear mar albam ceannródaíoch i gceol traidisiúnta na hÉireann.
1984
Bhunaigh Gael-Linn nuachtán seachtainiúil nua, Anois. Ba é seo an chéad nuachtán Gaeilge i bhformáid tablóide agus an chéad cheann a d’úsáid cló lándaite. Dáileadh an foilseachán nua ag Newspread Ltd., mórdháileoir náisiúnta nuachtán agus irisí. Bunaíodh agus ionchorpraíodh comhlacht ar leith, Anois Teo., chun an foilseachán a riar. (fch. pic.) >> Díoladh an fheirm mhuc i dTeilinn, Co. Dhún na nGall. >> Reáchtáladh an cúrsa Eachtra deireanach ar Oileán Acla. Bhí costas na gcúrsaí sin ró‑ard don mhargadh sa timpeallacht eacnamaíoch chrua a bhí i réim ag an am. Dúnadh An Coláiste Ard‑Rúnaíochta, an coláiste rúnaíochta trí Ghaeilge, tar éis athrú beartais ag AnCO, an ghníomhaireacht stáit um oiliúint scileanna fostaíochta.
1985
Drochbhliain a bhí ann d'fhoireann Gael-Linn mar gur bhásaigh ball foirne a raibh an-chion ag gach duine air. Maraíodh Pól Mac Giolla, a bhí ag obair do Slógadh, i dtimpist bóthar i mBaile Átha Cliath agus gan é ach ina thríochaidí. (fch. Pic.) >> I measc na gceirníni a tháing amach ar lipéad Gael-Linn i 1985 bhí 'I gCnoc na gCraí', (Noel Hill agus Tony McMahon), 'Jimmy mo mhíle stór', (Jimmy Crowley) agus 'Deora an Deoraí' (F. Gavin, P. Brock, C. Lennon).
1986
I measc na gceirníní a tháinig amach ar lipeád Gael-Linn i 1986 bhí 'Omós do Joe Cooley', 'Mary O' Hara sa Ghaileirí Náisiúnta', 'Bruach na Beirtri' (Seán Mac Donnchadha, Johnny Mháirtín Learaí), 'Sin Mar A Bhíonn' (Na Fíréin), agus 'Sing Along Linn' (Máirtín Ó Díomsaigh) (fch. pic.)
1987
Seoladh foilseachán nua chun tacú le daltaí Ardleibhéil Ardteistiméireachta na Gaeilge, dar teideal Dréimire. Foilsíodh é i sé chuid thar an mbliain acadúil i gcomhar le Anois. (fch. pic.) >> Díoladh na leapacha oisrí i mBá Chill Chiaráin, gar do Ros Muc i gConamara, le hÚdarás na Gaeltachta.
1988
Ceapadh Dónall Ó Móráin, duine de bhunaitheoirí Gael‑Linn agus Ceannasaí lánaimseartha ón mbliain 1963, ina Chathaoirleach ar an gcomhlacht. Ceapadh Brian Mac Aonghusa ina Phríomhfheidhmeannach nua. (fch. pic.) >> I measc na gcéirníní a tháinig amach i 1988 bhí 'Na Saighneáin' (Kevin and Séamus Glackin), 'Portráid' (Seán Maguire), agus 'Cruit' (Patrick Cassidy).
1989
Díoladh an iar‑phictiúrlann The Strand, a bhí in úsáid mar ionad biongó ag Gael‑Linn. >> Ag teacht le spéis leanúnach Gael‑Linn maidir le cur chun cinn na Gaeilge sna meáin chraolta, ceannaíodh scaireanna i Clare FM agus i Raidió Pobail Chiarraí. Bunaíodh na stáisiúin tráchtála seo mar thoradh ar reachtaíocht nua a rinne libearálú ar an earnáil chraolta in Éirinn. Mar thoradh ar seo tugadh suíocháin ar Bhord an dá stáisiúin do Gael‑Linn. (fch. pic.) >> Bunaíodh Gradam Gael‑Linn, duais bhliantúil don scoláire a ghnóthaíonn na torthaí is airde sa scrúdú Ardleibhéil (A‑Level) Gaeilge i dTuaisceart Éireann.
1990
Cuireadh tús le cúrsa samhraidh Gaeltachta do dhaoine fásta i nGaoth Dobhair, i nGaeltacht Dhún na nGall. >> Reáchtáladh an 20ú Slógadh Náisiúnta i nDurlas Éile, Co. Thiobraid Árann. Tar éis dó a bheith ag tacú go mór le Slógadh ar feadh na mblianta ba í 1990 an bhliain dheireanach don Uachtarán Pádraig Ó hIrghile a bheith i láthair le haghaidh shearmanais Bhronnta na nDuaiseanna. Chun an ócáid ​​a chomóradh bhronn Cathaoirleach Gael-Linn, Dónall Ó Móráin, duais dá chuid féin ar an Uachtarán Ó hIrghile.
1991
Bhí Baile Átha Cliath mar Chathair Chultúir na hEorpa don bhliain. Mar chuid de chlár imeachtaí na bliana, d’eagraigh Gael‑Linn ceolchoirm mhór san Olympia i mí Aibreáin. I measc na rannpháirtithe bhí Clannad, The Hothouse Flowers, Dónal Lunny agus a chairde, chomh maith le daoine óga a bhí pairteach i Slógadh. >> Eagraíodh freisin Éigse / scoil deireadh seachtaine, Féile Zozimus, i gceantar na Liberties i mBaile Átha Cliath, dírithe ar chultúr thraidisiúnta na cathrach san ochtú agus sa naoú haois déag. Reáchtáladh an fhéile seo go bliantúil ar feadh ceithre bliana ina dhiaidh sin. >> Cuireadh tús le scéim nua - Tráth na gCeist Gael‑Linn - sraith quizboird trí Ghaeilge do dhaltaí iar‑bhunscoile ar fud Thuaisceart Éireann, agus tá an-rath ar an scéim ó shin. (fch. pic.) >> D'eisíodh an scannán Mise Éire i bhformáid físe VHS.
1992
Craoladh Fios, tráth na gceist raidió trí Ghaeilge do scoileanna iar‑bhunscoile i dTuaisceart Éireann, arna eagrú ag Gael‑Linn, ar BBC Radio Ulster. >> Díoladh na cearta iascaigh i gCuan Theilinne agus sna haibhneacha agus lochanna áitiúla le hÚdarás na Gaeltachta. >> Ghlac Gael‑Linn cúram ar choláiste samhraidh Gaeltachta do dhéagóirí, Coláiste Ríocaird Bairéid, in Eachléim, i nGaeltacht thuaisceart Mhaigh Eo. (fch. pic.)
1993
Craoladh sraith de chláir thráth na gceist raidió trí Ghaeilge do dhaoine fásta ar RTÉ Radio 1, arna eagrú ag Gael‑Linn, faoin teideal Ceist Agam Ort. Mhair sé ar feadh roinnt blianta ina dhiaidh sin. (fch. pic.) >> Craoladh tráth na gceist raidió den chineál céanna do dhaoine fásta ar BBC Radio Ulster, arna eagrú ag Gael‑Linn, faoin teideal Freagair. >> Cuireadh sraith quizboird trí Ghaeilge ar bun do dhaltaí bunscoile sinsearaí sa Phoblacht. Eagraíodh na himeachtaí seo sna blianta ina dhiaidh sin faoin teideal Spraoicheist. >> Ceannaíodh iar‑phictiúrlann mhór i mBaile Átha Cliath, The Crumlin Superbowl agus deineadh athchóiriú uirthi mar ionad biongó. >> Chuir Gael‑Linn trealamh stiúideo ar fáil do stáisiún nua raidió Gaeilge i mBaile Átha Cliath, Raidió na Life. >> Bhronn Comhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais dochtúireacht ar Riobard Mac Góráin.
1994
Seoladh Staighre, foilseachán nua chun tacú le scoláirí an Teastas Shóisearaigh. Foilsíodh é i sé chuid thar an mbliain acadúil, ar an múnla céanna le Dréimire. (fch. pic.) >> Foilsíodh leabhrán dátheangach, Irish Works : An Ghaeilge ar do Shonsa, a mhínigh buntáistí na Gaeilge do dhaoine óga ó thaobh oideachais, fostaíochta agus féiniúlachta de. >> I gcomhar le ‘Gradaim Scannán agus Físe na nÍosánach’ do dhéantóirí óga scannán, bhronn Gael‑Linn duaiseanna speisialta don scannán is fearr i nGaeilge agus don úsáid is fearr de cheol traidisiúnta Gaeilge i bhfuaimrian scannáin.
1995
Ceannaíodh dhá áitreabh in aice lena chéile ar Shráid Cecilia, i mBarra an Teampaill, Baile Átha Cliath, leis an aidhm ionad cultúir Ghaeilge a fhorbairt. >> Cuireadh clár speisialta ar fáil dar teideal An Enrichment Programme in Gaelic Studies, mar mhodúl roghnach do dhaltaí sinsearacha i scoileanna iar‑bhunscoile i dTuaisceart Éireann, áit nach raibh Gaeilge ar fáil de ghnáth. Bhí ocht léacht i mBéarla sa chlár ar ábhair ar nós: logainmneacha, sloinnte, traidisiún amhránaíochta Uladh, traidisiún Gaelach Protastúnach, agus forléargas ar stair na Gaeilge. Foilsíodh na léachtanna seo i 1997 agus i 2015 foilsíodh leagan uasdátaithe faoin teidil Aspects of a Shared Heritage. >> Díoladh Inisfree Handknits Teo., an comhlacht a tháirg éadaí cniotáilte láimhe traidisiúnta.
1996
D’éirigh Brian Mac Aongusa as oifig an Phríomhfheidhmeannaigh, agus ceapadh Herman Ó Briain ina ionad. (fch. pic.) >> Seoladh foilseachán nua, Céim, do dhaltaí a rinne staidéar ar Ghaeilge na hArdteistiméireachta gnáthleibhéal agus do dhaltaí na hIdirbhliana. Ba é seo an tríú teideal i sraith a foilsíodh i sé chuid gach bliain acadúil. >> Tar éis gur theip ar an nuachtán Anois conradh nua agus deontas gaolmhar a ghnóthú faoi phróiseas tairisceana arna riar ag Bord na Gaeilge, tháinig deireadh lena fhoilsiú. Lean na foilseacháin oideachais Dréimire, Staighre agus Céim ar aghaidh. >> Ar iarratas ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta, bunaíodh cúrsa Gaeilge speisialta do mhúinteoirí bunscoile a bhí oilte lasmuigh den Stát.
1997
De dheasca easpa tacaíochta stáit don ionad Gaeilge beartaithe i mBarra an Teampaill, díoladh na háitribh ar Shráid Cecilia mar chuid de chomhfhiontar le Óstlann Dhuibhlinne Teo., chun óstán agus ionad siamsaíochta Gaeilge a bhunú ansin. >> Cuireadh tús le scéim nua - Abair, comórtas cainte poiblí trí Ghaeilge - do dhaltaí iarbhunscoile i dTuaisceart Éireann, mar rogha eile seachas díospóireachtaí foirne. (fch. Pic.) >> Atheagraíodh an córas tiomsaithe airgid Cairde Gael‑Linn, agus cuireadh líonra dlúth gníomhairí féinfhostaithe ar bun ar fud na tíre.
1998
Cuireadh Féile Peile Gael‑Linn ar bun le féile trialach i Ráth Chairn, Co. Na Mí thar trí lá, féile do dhaltaí ó bhunscoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna. Reáchtáladh comórtas sraithe sa pheil agus neart imeachtaí spraíúla san oíche. Sna blianta ina dhiaidh sin, d’fhorbair an scéim agus eagraíodh cúig fhéile dhá lá ar leith ar fud na tíre, ceann i ngach cúige, ach dhá cheann i gCúige Mumhan. (fch. pic.) >> Cuireadh cúrsa bunscileanna sna meáin, Tús na Cumarsáide, ar fáil do dhaltaí Idirbhliana. Chlúdaigh an cúrsa eolas bhunúsach faoin bpreas clóite agus faoin gcraoltóireacht, chomh maith le bunghnéithe léiriúcháin clár raidió. >> I gcomhar le Údarás na Gaeltachta agus le Cumas Teo., rinne Gael‑Linn chomh-urraíocht ar chúrsa drámaíochta do chlubanna óige Gaeltachta. >> Tháinig deireadh le hurraíocht Bhanc AIB ar na comórtais díospóireachta ach lean na comórtais ar aghaidh.
1999
Ceannaíodh léas ar 3 Sráid Dásain, Baile Átha Cliath, leis an aidhm ionad Gaeilge le caifé agus seomraí ranga a oscailt ann. Osclaíodh an bhliain ina dhiaidh sin é faoin ainm TríD ( fch. pic.). >> I mí Bealtaine bhunaigh an Coimisiún Raidió agus Teilifíse Neamhspleách, i gcomhar le Bord na Gaeilge/Foras na Gaeilge, Coiste Comhairleach um Chláir Ghaeilge. Bhí ionadaithe ón IRTC, ó Bhord na Gaeilge/Foras na Gaeilge, ó Gael Linn agus ó chúig stáisiún neamhspleácha ar an gcoiste. >> Chuir Gael Linn deireadh lena gcuid seisiúin biongó, agus ligeadh na trí halla ar léas gearrthéarmach le comhlacht biongó gairmiúil. >> Eagraíodh Lethanta Eolaíochta trí Ghaeilge do dhaltaí scoileanna lán‑Ghaeilge, i gcomhar leis an bPláinéadlann i gCathair Ard Mhacha. Soláthraíodh fuaimrian Gaeilge do cheann de na taispeántais closamhairc.
2000
Foilsíodh doiciméad pholasai nua oideachais, ina raibh moltaí suntasacha chun feabhas a chur ar theagasc na Gaeilge sna bunscoileanna. >> Mar chuid de chomhfhiontar le Granada Learning, seoladh clár scríbhneoireachta idirghníomhach ar CD‑Róm, An Scríbhneoir Óg / Young Writer’s Workshop. >> Thug Gael‑Linn aistriúchán Gaeilge ar dhráma Martin McDonagh, The Beauty Queen of Leenane, chuig Amharclann Samuel Beckett, Coláiste na Tríonóide, BÁC, áit ar léiríodh é do lucht féachana lán‑tí thar chúig léiriú. >> Iarradh ar Gael Linn cúram a ghlacadh de Bhréagchúirt Uí Dhálaigh, comórtas cúirte bhréige trí Ghaeilge do mhic léinn dlí, agus tá sé mar cheann de scéimeanna Gael Linn ó shin. (fch. pic.) >> Tharraing Gael Linn siar ó Bhord Bhainistíochta Choláiste Chomáin, i Ros Dumhach, Co. Mhaigh Eo.
2001
Fuair iar-Cheannasaí agus ​​duine de bhunaitheoirí Gael Linn, Dónall Ó Móráin, bás ar 11 Eanáir, in aois a 77 bliain. >> Eagraíodh sraith laethanta eolaíochta Gaeilge, cosúil leis na cinn i bPláinéadlann Ard Mhacha, ag Ionad Fionnachtana Loch nEathach ar Oileán Oxford. >> Foilsíodh polasaí nua Gaeltachta. >> Bhog an eagraíocht isteach ina ceanncheathrú nua i 35 Sráid an Dáma, BÁC (fch. pic) >> Tháinig deireadh leis an bhféile ealaíona don aos óg, Slógadh, agus seoladh imeachtaí ealaíona nua Siansa, Seoid, Comórtas Clár Raidió, agus Coirm ina measc, chun cur leis na scéimeanna eile a bhí á gcur ar fáil cheana féin. >> Go luath sa bhliain, b’éigean go leor de ghníomhaíochtaí Gael Linn a chur ar ceal de bharr ráig den ghalar crúibe agus béil.
2002
Tháinig Antoine Ó Coileáin i gcomharbacht ar Herman Ó Briain mar phríomhfheidhmeannach ar Gael Linn. (fch. pic.) >> An grúpa ‘Seansúil’, Craobh Sheáin Uí Threasaigh de CCÉ, Baile Átha Cliath a bhuaigh an chéad Chraobh de Siansa Gael LInn a reáchtáladh in Amharclann na Cathrach, Gaillimh. Taobh istigh de chúpla bliain bhí an Chraobh á eagrú sa Cheoláras Náisiunta mar go raibh an oiread sin tóir air. >> Déirigh go han-mhaith leis na scéimeanna nua ar fad ar cuireadh tús leo le linn na scoilbhliana sin. >> De bharr fás na gaelscolaíochta tháinig deireadh le scéim na scoláireachtaí Gaeltachta trí mhi ar cuireadh tús leis i 1955.
2003
D’eagraigh Gael Linn neart imeachtaí ceiliúrtha agus an eagraíocht ag comóradh caoga bliain ar an saol. Reáchtáladh an príomhócáid ​​i gCaisleán Bhaile Átha Cliath agus d’fhreastail Uachtarán na hÉireann, Mary McAleese, uirthi, mar aon le go leor daoine ó saol na Gaeilge agus cairde de chuid na heagraíochta. Ba dheis iontach í freisin don fhoireann a bhí ann ag an am agus don iar-fhoireann teacht le chéile chun a gcuid éachtaí a cheiliúradh. Bhí clúdach cuimsitheach ar na h-ócáidí ceiliúrtha ar fad ar na meán cumarsáide éagsúla i rith na bliana >> I gcomhar leis an gCoimisiún Neamhspleách Raidió agus Teilifíse, rinneadh dlúthdhiosca le frásaí gearra Gaeilge dar teideal ‘Blúiriní Gaeilge Gael Linn’ a thaifeadadh agus a scaipeadh ar gach stáisiún raidió áitiúil ar fud na tíre le craoladh go laethúil. Na craoltóirí Mairéad Ní Ghormáin agus Hector Ó hEochagáin a bhí le cloisteáil ar an dlúthdhiosca agus bhí an-tóir ag roinnt de na staisiúin air.
2004
Seoladh cnuasach d’ábhar na gcéirníní 78 a eisíodh idir 1957 agus 1961 ar dhá dhlúthdhiosca maraon le leabhrán eolais faoin teideal ‘Seoltaí Séidte’ (fch. pic.) >> Arna eagrú ag Gael Linn agus Comunn na Gaidhlig agus le maoiniú ó Colmcille, tharla an chéad fhéile den scéim ‘Ri Chéile’ thar 3 lá i nDún Éadainn. Ar feadh roinnt blianta thug an ócáid ​​le chéile buaiteoirí chomórtais díospóireachta agus óráidíochta Gael Linn agus buaiteoirí chomórtais díospóireachta Chomunn na Gàidhlig in Albain. Rinne na scoláirí díospóireacht lena chéile sa dá theanga agus ghlac siad páirt i réimse gníomhaíochtaí cultúrtha agus spraíúla eile.
2005
Tar éis comhráití le RTÉ Raidió 1 socraíodh ar quizchlár i nGaeilge a chraoladh sa bhfómhar, sraith a bheadh eagraithe ag Gael Linn, le RTÉ i mbun léiriúcháin. Cathal Póirtéir a bhí mar léiritheoir agus mar láithreoir. Cuireadh foirne le chéile ó 16 de chlubanna agus cumainn éagsúla ar fud na tíre agus déanadh formhór na mbabhtaí a thaifeadadh le linn an tsamhraidh, ach amháin an dá leathchraobh agus an Chraobh. Déanadh taifeadadh orthu sin ag ócáid ag Oireachtas na Samhna agus lean an nós sin ar feadh roinnt blianta.
2006
Déanadh cinneadh an comórtas díospóireachta d’iarbhunscoileanna a roinnt ina dhá chuid, Comórtas Uí Chadhain do na scoileanna lán-Ghaeilge agus Comórtas an Phiarsaigh do na scoileanna eile.
2007
Bhásaigh Riobard Mac Góráin, iar-Cheannasaí agus duine de bhunaitheoirí Gael Linn. >> Ghlac Gael Linn le tairiscint chun coláiste Gaeilge nua a chur ar bun i mBun an Inbhir i dTír Chonaill. D’fhreastail 122 dalta ar an gcéad chúrsa agus tá an-rath ar an gcoláiste ó shin. (fch. pic.)
2008
Mar chomóradh 50 bliain ar an gcéad léiriú de dhráma Bhreandáin Uí Bheacháin, An Giall, sa Damer i 1958, rinne Aisteoiri Bulfin léiriú ar an dráma sa Damer ón 13 go 15 Meitheamh. Chomh maith leis sin d'fhoilsigh Gael Linn an leabhar 'An Damer – Stair Amharclainne' le Mairéad Ní Chinnéide. >> Cuireadh tús le Bewleys@6!, seisiún míosúil i mBewley’s ar Shráid Ghrafton a thug ardán do cheoltóirí agus amhránaithe, idir óg agus aosta, agus a reáchtáladh go hiomlán i nGaeilge. (fch. pic.) >> Reáchtáladh deireadh seachtaine chultúrtha do dhaoine fásta i Ráth Chairn.
2009
Don dara bhliain as a chéile reáchtáladh an deireadh seachtaine chultúrtha do dhaoine fásta i Ráth Chairn. D'fhreastail c. 25 duine air agus d'éirigh chomh maith sin leis gur bheartaigh Gael Linn ócáid bhliantúil a dhéanamh de.
2010
Tháinig deireadh leis an tsraith cláir 'Buille Faoi Thuairim' tar éis cúig bliana nuair a chinn RTÉ Raidió 1 gan dul ar aghaidh leis. >> Sa chéad leath de 2010, eagraíodh cúig chúrsa scannánaíochta seachtaine san Eachléim le grúpaí ó Bhaile an Mhóta, ó Bhéal a’ Mhuirthid, ón Spidéal agus ón gCeathrú Rua. Chomh maith leis sin reáchtáladh modúl scannánaíochta ar an dá chúrsa samhraidh i gColáiste Riocaird Bairéid. (fch. pic.) >> Maidir leis na cúrsaí do dhaoine fásta a eagraítear gach bliain, eagraíodh 11 chúrsa sa Cheannáras le linn na bliana 2010 agus cuireadh sainchúrsaí ar fáil do Choláiste na Tríonóide, do Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus don Údarás um Shábháilteacht Bóithre.
2011
Reáchtáladh féile 'Ri Chéile 2011' i gCluain Dolcáin, Co. Átha Cliath, agus chuir na cuairteoirí as Albain, idir mhúinteoirí agus dhaltaí, an-spéis sna hiarrachtaí atá ar bun ag an bpobal ansin chun an Ghaeilge a chur chun cinn. (fch. pic.)
2012
Ceann de na comórtais a bhíodh á reáchtáil ag Gael Linn ná comórtas Clár Raidió dírithe ar scoláirí na hIdirbhliana. I mí Aibreán, ghlac ionadaithe ó na trí scoil a bhí san iomaíocht do na duaiseanna náisiúnta páirt sa chlár SBB Tráthnóna le Seán Bán Breathnach in Óstán Galway Bay i nGaillimh. Le linn an chláir, d’fhógair Seán Ó hÉanaigh, Ceannasaí na gClár, RTÉ Raidió na Gaeltachta, buaiteoirí náisiúnta 2012.
2013
Mar chuid de cheiliúradh 60 bliain Gael Linn foilsíodh an leabhar Scéal Ghael Linn, le Mairéad Ní Chinnéide (fch pic.). >> Cuireadh tús le scéim phíolóiteach do scéim nua a thabharfadh aitheantas do bhunscoileanna T2 as a gcuid iarrachtaí an Ghaeilge labhartha a chur chun cinn i gcomharsanacht na scoile, bunaithe ar an nósmhaireacht brat a bhronnadh ar scoileanna ag deireadh na bliana mar a bhí á dhéanamh ag dreamanna eile ar nós An Brat Glas.
2014
Seoladh an scéim Gaelbhratach do bhunscoileanna go hoifigiúil i ndiaidh scéim phíolótach an-rathúil, le ball foirne lánaimseartha amháin, maoinithe ag Foras na Gaeilge. (fch. pic.) >> Mar thoradh ar phróiseas ar cuireadh tús leis in 2008 le comhordú agus atheagrú a dhéanamh ar obair na 19 n-eagraíocht Ghaeilge a bhí á maoiniú acu ar bhonn bliantúil d’fhógair Foras na Gaeilge ar an 17 Eanáir 2014, na sé cheanneagraíocht a ghlacfadh freagracht as sé mhór-réimse oibre. Ainmníodh Gael Linn mar cheanneagraíocht agus ‘Oideachas in earnáil an Bhéarla agus d’aosaigh, agus deiseanna úsáide do dhaltaí scoile’ faoina chúram. >> Bhí ceiliúradh mhór i Machaire Rabhartaigh agus an coláiste ag comóradh 40 bliain ar an bhfód. >> Reáchtaladh an fhéile 'Ri Chéile' deireanach i nGlascú tar éis do Chomunn na Gaidhlig tarraingt amach as an socrú de bharr fadhbanna maoinithe. Thosnaigh an scéim i 2004.
2015
Ceapadh an dara duine ar fhoireann Gaelbhratach le cúram a dhéanamh den scéim ag an dara leibhéal. Bronnadh an chéad bhratach riamh faoin scéim ar S.N. Dhroichead an Bhuitléaraigh, Co. an Chabháin i mí Márta agus i mí Aibreán bhronn an Taoiseach, Éanna Ó Cionnaith bratacha ar c. 40 scoil ag ócáid mhór i nDún Mhic Aoidh (McKee Barracks) i mBaile Átha Cliath. > > Tharla an chéad Chraobh de 'Scléip' i mí Eanáir tar éis gur bhronn Foras na Gaeilge an cúram reáchtála ar Gael Linn. Rinneadh athraithe ar leagan amach na gcomórtas chun go mbeadh an bhéim ar an gceol agus an amhránaíocht chomhaimseartha. (fch. pic.) >> Eagraíodh 'Galf as Gaeilge', comhfhiontar idir Gael Linn agus Oireachtas na Gaeilge, ar ghalfchúrsa Thobar Dhún Mhuire i gCill Dara. >> Reáchtáladh ócáid cheiliúrtha i mBaile Bhúirne ag comóradh 40 bliain de Choláiste Bhaile Bhúirne.
2016
I gcomhar le hOireachtas na Gaeilge reáchtáladh 'Galf as Gaeilge' don dara bliain as a chéile ar ghalfchúrsa Thobar Dhún Mhuire i gCill Dara. Bhí sé ar siúl ar ghalfchúrsa Esker Hills sa Tulach Mhór i 2017 agus 2018 ach níor eagraíodh ina dhiaidh sin é.
2017
Ba ócáid stairiúil í Craobh na hÉireann de Chomórtas Díospóireachta an Phiarsaigh 2017. Eagraíodh an Chraobh in Áth Luain ar an 15 Márta tar éis c. 40 réamhbhabhta ar fud na tíre roimhe sin. I gCraobh na Sinsear, bhuaigh Coláiste Pobail Átha Luain den chéad uair riamh tar éis dóibh a bheith páirteach sa chomórtas le níos mó ná fiche bliain, agus cúpla chraobh caillte acu le linn na mblianta sin freisin! Bhí ríméad an domhain orthu agus lean an cheiliúradh ar feadh seachtaine! Bhí an bua ag Scoil Sandford, Raghnallach, BÁC, i gCraobh na Sóisear. Ba é Rónán Ó Domhnaill, An Coimisinéir Teanga, an tAoichainteoir. (fch. pic.) >> I gcomhar le Coláiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste, Foras na Gaeilge, CCEA agus NICILT reáchtaladh ceardlann do mhúinteoirí bunscoile ó thuaidh i mí na Samhna. D’fhreastail 22 múinteoir agus bhíodar lán sásta leis an dtacaíocht.
2018
Bhunaigh Gael Linn 'An Gréasán', gréasán do mhúinteoirí Gaeilge ag leibhéal iarbhunscoile, le tacaíocht a chur ar fáil maidir le teagasc agus foghlaim na Gaeilge. (fch. pic.) >> Baineadh triail as sraith cainteanna a chur ar fáil sa cheannáras, dírithe ar fhoghlaimeoirí fásta agus lucht na Gaeilge san ardchathair faoin teidil 'Mo Scéal Féin - Caint agus Comhrá'. Ina measc siúd a ghlac páirt bhí Osgur Ó Ciardha, Sinéad Ní Uallacháin, Niamh Ní Riain agus Máirtín Mac an Iomaire. Cé nach raibh sluaite móra i láthair bhí na cainteanna féin ar fheabhas agus aontaíodh ar deireadh gur chóir féachaint ar a leithéid a reáchtáil arís amach anseo.
2019
De bharr dea-thuairiscí óna gcuid cigirí thoiligh An Roinn Oideachais agus Eolaíochta maoiniú a chur ar fáil do Gaelbhratach a chuir ar chumas Gael Linn beirt eile a cheapadh ar an bhfoireann, ag cur leis an mbeirt a bhí ann cheana féin. >> Don chéad uair riamh, mar thacaíocht dóibh siúd atá ar a ndícheall ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn sa Ghaeltacht bheag seo, thug Gael Linn ceann de fhéilte peile na Mumhan go hUíbh Ráthach i gCiarraí Theas agus d'éirigh go hiontach leis. (fch. Pic.)
2020
Osclaíodh an cultúrlann 'Aonach Mhacha' i gcathair Ard Mhacha. Gael Linn, i gcomhar le Cairde Teo. a bhunaigh 'Aonach Mhacha' agus is ann atá oifigí Gael Linn (Tuaisceart Éireann) ó shin. (fch. pic.). >> Tháinig Covid 19 i mí an Mhárta agus cuireadh formhór ghníomhaíochtaí na heagraíochta ar ceal. D'oibrigh an fhoireann ón mbaile agus bhí siad an-nuálach maidir le himeachtaí a chruthú ar líne ar nós ceolchoirmeacha seachtainiúla le ceoltóirí, amhránaithe agus seanchaithe aitheanta, tráth na gceist ar líne do pháistí bunscoile srl. Reáchtáladh Bréagchúirt Uí Dhálaigh agus ceann nó dhó eile d'imeachtaí bliantúla Gael Linn ar líne freisin agus d'éirigh go maith leo.
2021
De bharr Covid, lean an treocht i dtreo gníomhaíochtaí ar líne ar aghaidh i 2021 agus bhí an-tóir ar chuid acu. Bhí an t-ádh ar an eagraíocht go raibh baill foirne ann a raibh scileanna ar leith acu i réimsí na craoltóireachta, na meán ar líne agus na teicneolaíochta i gcoitinne. Déanadh forbairt ar na scileanna sin le linn Covid agus tá siad á n-úsáid ó shin i leith. I measc na scéimeanna nua bhí an comórtas tráchtaireachta a bunaíodh i gcomhar le Páirc an Chrócaigh, agus leis an gcomhlacht Nemeton a chuir cóipeanna de chluichí a craoladh beo ar an dteilifís ar fáil gan fuaim ionas go bhféadfadh na hiomaitheoiri óga a gcuid tráchtaireachtaí féin a chur leo.
2022
Chuaigh Príomhfheidhmeannach Gael Linn Antoine Ó Coileáin ar scor tar éis 20 bliain seirbhíse agus tháinig Réamonn Ó Ciaráin, iarbhainisteoir ar Gael Linn i dTuaisceart Éireann ina áit.
2023
Mar chuid den gceiliúradh a bhain le comóradh 70 bliain Gael Linn eagraíodh ceolchoirm den scoth sa Sugar Club i mBÁC. D'fhoilsigh an iris Comhar eagrán speisialta ag ceiliúradh na heagraíochta freisin. Rinne an comhlacht Aniar clár teilifíse ar stair na heagraíochta do TG4 agus chraol RTÉ RnaG clár speisialta freisin. Bhí réamhléirithe den gclár teilifíse san IFI agus ag Oireachtas na Samhna agus craoladh um Nollaig é. (fch. pic.) >> Thoiligh An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta airgead mhór a chur ar fáil do Gael Linn chun forbairt a dhéanamh ar an scéim Gaelbhratach ag an dá leibhéal. Fostaíodh deichniúir sa bhreis agus iad lonnaithe i réigiúin éagsúla timpeall na tíre.
2024
Cuireadh tús le scéim phíolótach i dTuaisceart Éireann faoin teideal 'Scoil Spreagtha'. Tá an scéim ar aon dul le Gaelbhratach agus é dírithe ar tacaíocht a thabhairt do mhúinteoirí i mbunscoileanna i dTuaisceart Éireann an Ghaeilge a chur ar fáil dá gcuid daltaí. >> Fuair ​​iar-Phríomhfheidhmeannach Gael Linn, Herman Ó Briain bás i mí na Nollag. >> Rinne Coláiste Mhachaire Rabhartaigh ceiliúradh ar an 50 bliain a bhí bainte amach acu le hócáid ​​an-taitneamhach i nGort a' Choirce. >> Ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne seoladh Cartlann Ghrianghraif Gael Linn, bailiúchán de na mílte ghrianghraif a tógadh ag imeachtaí agus ócáidí éagsúla sna blianta ó bunaíodh an eagraíocht. Tá an chartlann le feiceáil ar shuíomh gréasáin Gael Linn. (fch. pic.)
2025
I mí Mheán Fómhair ghlac Gael Linn páirt i Mórshiúl na Gaeilge in éineacht leis na heagraíochtaí móra Gaeilge eile, ag éileamh tuilleadh tacaíochta don Ghaeilge. (fch pic.). >> Déanadh ath-bhrandáil ar an gcomórtas tráchtaireachta do dhaoine óga faoin ainm 'Comórtas Tráchtaireachta Mhichíl Uí Mhuircheartaigh', in ómós don dtráchtaire cáiliúil a rinne a chuid féin ar son cur chun cinn na Gaeilge agus a bhí ina chara dhílis ag Gael Linn.
2026
Fuarthas maoiniú buan ón Roinn Oideachais i dTuaisceart Éireann don scéim ‘Scoil Spreagtha’. Chuir sé seo ar chumas Gael Linn beirt eile a fhostú chun an scéim a reáchtáil, agus tá cúram ‘An Gréasán’, an gréasán tacaíochta do mhúinteoirí Gaeilge ag an dara leibhéal fud fad na tíre, ar na fostaithe breise seo freisin.

Ceol

Tá breis agus 300 foilseachán ceoil i gcatalóg Gael Linn. I measc na gceoltóirí a thaifead le Gael Linn tá Seán Ó Riada, Skara Brae, Mary Bergin, Dolores Keane, Clannad, Micheál Ó Súilleabháin, Peadar Ó Riada, Aoife Ní Fhearraigh srl.

Tá céatadán ard den cheol seo ar fáil anois ar ardáin dhigiteacha ar fud na cruinne. Tá cuid dó le digitiú go fóill.

Imeachtaí

Ar cheann de na gnéithe is tábhachtaí den oidhreacht a bhaineann le Gael Linn is é an líon ard daoine a bhí páirteach in imeachtaí Gael Linn agus a chuaigh ar aghaidh le héachtaí a dhéanamh sa saol poiblí agus sa saol príobháideach. Is cinnte go raibh, go mbíonn agus go mbeidh rath ar obair Gael Linn.

Ábhar Teagaisc

Gael Linn a rinne na taifid don chúrsa teagaisc Buntús Cainte agus cé gur foilsíodh mar chuid de chlár teilifíse ar RTÉ i lár na 60í den chéad seo caite tá rath ar na taifid seo go fóill agus iad ar fáil ar ardáin dhigiteacha ag Gael Linn.

Leanann obair Gael Linn ag tiomsú oidhreachta a thacaíonn le láidriú agus leathnú na Gaeilge. Tá sé seo déanta againn trí leabhair a fhoilsiú, ceol a thaifead, closleabhar a choimisiúnú, foilseacháin oideachasúla a fhorbairt agus ár láithreacht a mhéadú ar na meáin shóisialta.

Scannánaíocht

Tá traidisiún fada ag Gael Linn maidir le scannáin a fhorbairt. Tá 3 phríomhscannán úrnua, 34 gearrscannán agus os cionn 264 scéal nuachta ar fáil go sábháilte i gCartlann Institiúid Scannán Éireann (IFI). Bhí an-chlú ar Mise Éire, an chéad fadscannáin i nGaeilge a léirigh Gael Linn leis an stiúrthóir, George Morrison. I gcomhar le IFI beidh bailiúchán Amharc Éireann á chur ar fáil ar fud na cruinne i nGaeilge agus i mBéarla go luath. Tá an tábhacht ag ceannródaíocht Gael Linn sa scannánaíocht ó thaobh stair shóisialta na hÉireann ó 50í agus 60í an chéid seo caite ar aghaidh.

D’oibrigh Gael Linn le roinnt de mhórphearsana scannánaíochta na hÉireann ar nós George Morrison, Louis Marcus agus Colm Ó Laoighre.

Amharc Éireann