Chruinnigh foireann agus cairde Gael Linn le chéile le fáilte a chur roimh Ambasadóir na Palaistíne, Dr Wahba Abdalmajid, agus í ar cuairt chuig oifigí na heagraíochta ar Shráid an Dáma, Baile ÁthCliath. Tharla an ócáid ar lá cinniúnach do mhuintir Gaza agus é fógraithe goraibh glactha leis an chéad chuid de phlean síochána. Chuir an tAmbasadóir fáilte roimh an nuacht go bhfuil an chuma ag teacht ar chúrsaí go mbeidh comhaontú ar shos comhraic agus céimeanna glactha i dtreo síochána. Dúirt Dr Wahba Abdalmajid, go raibh Muintir na Palaistíne i dteideal dóchas éigin a bheith acu i ndiaidh ar mhair siad fríd le dhá bhliain anuas ach go háirithe. Mhínigh sí gur spreag radharcanna na bpáistí beaga ag rince ar na sráideanna i nGaza an mhaidin sin a croí.
Bhí téama an chneasaithe agus an gá le síocháin do chách go mór chun tosaigh san imeacht. Luaigh An tAmbasadóir fosta an grá atá aici do chultúr na hÉireann; don cheol, don rince agus don teanga. Mar chuid den ócáid bhí ceol, dánta agus amhráin.
‘Cúis ár linne í cúis shaoránaigh na Palaistíne agus muintir Gaza agus an daonnacht í féin sa mheá,’
Príomhfheidhmeannach Gael Linn, Réamonn Ó Ciaráin
Bhronn Anne Hart píosa ealaíne ó scuab an ealaíontóra chlúitigh Dara Vallely ar an ambasadóir mar chuid den ócáid. Tugadh ardmholadh do Dermot Kelly, ó Áth an Mhuilinn, Co. Ard Mhacha, a bhí sa chuideachta, as a raibh déanta aige ar son mhuintir na Palaistíne ó go luath sna 1970í.
Ar na hoirfidigh abhí páirteach bhí; JJ Ó Dochartaigh ón rap-ghrúpa Kneecap a sheol físteachtaireacht ag cur grá chuig muintir na Palaistíne. Léigh Antaine Ó Donnaile dán dá chuid le haistriúcháin i mBéarla agus san Araibis ar an scáileán. Chan Étáin Ní Churraoin ó An Chéad Ghlúin Eile, Ian Mac Gabhann (Gael Linn) agus Ciara Bhreathnach agus Evan Ó Gríofa amhráin chumhachtacha a spreag croíthe. Rinne Faye Ní Raghallaigh (Gael Linn) agus Réamonn Ó Ciaráin cur i láthair fileata ar an chlaontacht mhíchothrom a bhain le cuid mhór de na meáin idirnáisiúnta maidir le tuairisciú ar an chinedhíothú i nGaza.
Chuir bia na Palaistíne ó Shaku Maku go mór leis an ócáid.
Tomás Ó Cadhla (Gael Linn) a bhí ina fhear tí agus ghabh sé buíochas le gach duine,
‘Beidh cuimhne againn ar an ócáid chumhachtach seo go ceann i bhfad agus é ag titim amach ar lá stairiúil don Phalaistín. Tá muid ag súil go dtiocfadh síocháin agus cothromas do mhuintir na Palaistíne anois.’
Agus í ag gabháil buíochas le Gael Linn as an ócáid a reáchtáil, d’aithin an tAmbasadóir gur na daoine i gcumhacht a ghlac leis an phlean síochána do Gaza ar deireadh ach bhí sí go mór den bharúil go raibh guthanna na milliún thart ar an domhan, anseo in Éirinn, agus ag ócáidí mar seo taobh thiar den chinneadh fosta.’
Grianghraif: James Mone
