Bréagchúirt Uí Dhálaigh 2025

Reáchtáladh Bréagchúirt Uí Dhálaigh Gael Linn 2025 Dé hAoine 7 Samhain, in Óstaí an Rí agus sna Ceithre Chúirt i mBaile Átha Cliath. Tugann an comórtas seo deis luachmhar do mhic léinn tríú leibhéal ar fud na tíre cleachtadh praiticiúil a fháil ar an dlí trí mheán na Gaeilge, ag forbairt a gcuid scileanna cumarsáide, taighde agus réasúnaíocht  – scileanna riachtanacha do ghairm an dlí sa lá atá inniu ann. 

Bhí mic léinn ó ollscoileanna éagsúla, lena n-áirítear Ollscoil na Gaillimhe, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Óstaí an Rí agus Dlíchumann na hÉireann, páirteach sa chomórtas, ag plé cás achomhairc idir Pádraig Mac Gafraidh agus an nuachtán An Réalta Laethúil. Díríodh ar cheisteanna clúmhillte, saoirse na meán agus leas an phobail — téamaí a bhíonn fíorthábhachtach i ndlí an lae inniu. 

Reáchtáladh réamhbhabhtaí an chomórtais in Óstaí an Rí ar maidin, agus lean an lá leis an gCraobh i gCeithre Chúirt na hÉireann tráthnóna. Bhí triúr breithiúna mór le rá i mbun breithiúnais ar an gCraobh: 

 
An Breitheamh Nuala de Buitléir (Cúirt Achomhairc), An Breitheamh Siobhán de Staic (An Ard-Chúirt), agus Clíona Kimber, Abhcóide Sinsearach, Cathaoirleach ar an gComhshaol – Climate Bar Association. Seo an chéad uair i stair na Bréagchúirte a raibh painéal breithiúna iomlán baineann i gceannas ar éisteacht an cháis – pointe stairiúil in scéal an chomórtais. 

Dúirt Tomás Rua Ó Cadhla, Comhordaitheoir an Chomórtais: 

Is deis iontach í an Bhréagchúirt do mhic léinn dlí úsáid na Gaeilge a fhorbairt i gcomhthéacs gairmiúil, agus muinín a fháil as a gcuid scileanna cainte agus argóna i suíomh cúirte. Le blianta beaga anuas, tá méadú suntasach tagtha ar chaighdeán na n-aighneachtaí agus ar an tsuim i ndlí trí Ghaeilge, rud a léiríonn athbheochan láidir sa réimse seo

Tá an comórtas á reáchtáil ag Gael Linn i gcomhar le baill den Dlí-Chumann agus den Bharra Éireannach, in ómós d’Iar-Uachtarán agus Iar-Phríomh-Bhreitheamh na hÉireann, Cearbhall Ó Dálaigh. Cothaíonn sé cultúr dlí trí Ghaeilge agus cuireann sé le hinniúlacht teanga na nglúnta atá le teacht de dhlíodóirí agus d’abhcóidí. 

Foirne ó Ollscoil na Gaillimhe a bhí ag argóint ar son an dá thaobh den chás sa Chraobh, Cianna Cullen agus Tomás Ó Canáin ar Fhoireann A ar son an Achomharcóir agus Eoin Ó Nuanáin ar Fhoireann C ar son an Fhreagróra. 

Bronnadh buantrófaí Gael Linn agus duais airgid ar Eoin Ó Nuanáin mar aitheantas ar na hargóiní láidre, ardchaighdeán a chur sé in iúl go muiníneach agus é ag cosaint an Freagróra.