The Legacy of Stephen Grier

15.00

This album is available in hard copy only at the moment.

In stock

Description

Ta sé seo ar cheann d’eisiúinti suntasacha na bliana! Cnuasach atá ann roghnaithe ó chnuasach iomráiteach ón 19ú aois nár foilsíodh go fóill.

Sa bhliain 1990, d’eisigh Gael Linn an t-albam cáiliúil An Ríl ar Lár leis an mbeirt oirfideach chéanna, Séamus McGuire (fidil) and John Lee (fliúit).

Mhair an bailitheoir Stephen Grier (1824-1894) ar feadh formhór a shaoil i nDeisceart Liatroma, áit ar bhailigh agus a thras-scriobh sé breis is 1,000 fonn. Ar an mbonn sin, tá Grier ar dhuine de phríomh-bhailitheoirí ceoil na hÉireann, i gcuideachta Bunting, Petrie, O’Neill agus Breathnach.

Tá an-éagsúlacht cheoil sa chnuasach seo ó Planxty No. 12 le Turlough O’Carolan (píosa a bhí caillte go dtí seo), go ceol meidhreach rince, go dtí ceol galánta ar víola. Tugann nótaí cur síos cuimsitheach ar chúlra gach píosa ceoil.

Aoicheoltóirí: Floraine Blancke- cláirseoir, Manus McGuire- fidléir agus Garry O’Briain- giotar/mandocello/pianó.

“Outstanding stuff, indeed.” Daniel Neely , The Irish Echo, New York, July 9th 2018.

‘This distillation of tunes written for big houses and intimate kitchens is a bounteous gift that keeps on giving.’ Siobhán Long, Irish Times, May 2018