Thursday, 29 August 2019

Slán le Niamh

Slán le Niamh
Scéal mór na seachtaine seo i nGael Linn ná go bhfuil Niamh de Búrca ag dul ar luathscor ón eagraíocht tar éis di 43 bliain a chaitheamh ag obair linn. Tá sé deacair an áit a shamhlú gan Niamh a bheith timpeall agus is cailliúint mhór í cinnte. Ní féidir cur síos ar an obair uilig atá déanta aici thar na mblianta ach go háirithe i réimse na hóige agus i réimse an cheoil, Cúrsaí do Dhaoine Fásta, Díospóireachtaí, Cúrsaí Samhraidh, Cúrsaí Eachtraíochta, Slógadh, Cúrsaí Trí Mhí sa Ghaeltacht, agus le blianta beaga anuas le Scléip, Féilte Peile, Coirm, agus Bewley’s@6 . Thar aon scéim eile, áfach, níl aon dabht ach go mbeidh sí luaite go deo leis an gcomórtas Siansa Gael Linn a bhí faoina stiúir ó cuireadh tús leis sa bhliain 2001. D’fhás an comórtas le linn an ama sin ó chomórtas bheag eadarscoile agus an Chraobh ar siúl in halla beag le cúpla céad duine go dtí an comórtas ceoil traidisiúnta is mó cáil sa tír do cheoltóirí óga agus An Ceolaras Náisiúnta lán go béal don Chraobh gach bliain. Chinntigh Niamh gur ar na ceoltóirí féin a bhíonn an bhéim i gcónaí ag Siansa agus go bhfaigheann siad an comhairle agus an cabhair is fearr gur féidir a fháil ó cheoltóirí móra na tíre a bhíonn ag plé leis an gcomórtas.
Dar ndóigh is amhránaí den scoth í Niamh í féin a bhfuil albam aici ar lipéad Gael Linn agus tá súil againn go mbeidh deis aici anois níos mó ama a chaitheamh leis an gceol.
Guíonn gach duine i nGael Linn agus i saol na Gaeilge agus i saol an cheoil gach rath ar Niamh ina saol nua agus beidh fáilte agus fiche roimpi bualadh isteach chugainn i Sráid an Dáma chun comhairle a chur orainn agus muid ag iarraidh brú ar aghaidh lenár gcuid oibre gan í. Ní bheidh sé éasca!