Monday, 06 June 2022
Colm Mac Lochlainn imithe uainn
Tá gach duine i nGael Linn croíbhriste go bhfuil Colm Mac Lochlainn imithe uainn. Chaith Colm os cionn 20 bliain ag obair le Gael Linn ar scéimeanna éagsúla, ar na díospóireachtaí agus Slógadh go háirithe. Tar éis dó dul ar scor luath chuaigh sé féin agus a chlann chun cónaí i gCo. an Chláir ach choinnigh sé an ceangal le Gael Linn i gcónaí. Bhíodh sé ar fáil i dtólamh mar mholtóir agus chaith sé tréimhse rathúil mar chathaoirleach ar Bhord stiúrtha Gael Linn. Is breá na cuimhní atá againn go léir ar Cholm mar chara agus mar chomhghlacaí dílis!
Táimid ag smaoineamh inniu ar a bhean chéile Hilda (atá sa phictiúr leis), ar a chlann agus ar a chuid gaolta agus cairde uilig.
Thar ceann Gael Linn gabhann muid comhbhrón ó chroí le muintir Choilm. Suaimhneas síoraí ar a anam uasal.
All in Gael Linn are deeply saddened to learn of the passing of Colm Mac Lochlainn. Colm spent more than 20 years working with Gael Linn on various schemes, Debates and Slógadh in particular. After taking early retirement he moved with his family to Co. Clare but always maintained his connection with Gael Linn. He made himself available to Gael Linn as a regular adjudicator and went on to become the Chairman of Gael Linn’s Board of Directors. We all have the fondest memories of Colm as a friend and a loyal colleague.
Hilda his wife (pictured with him), his family, his relations and friends are in our thoughts at this sad time.
On behalf of Gael Linn we extend our heartfelt condolences to Colm’s family and friends. May his soul rest in peace.