Friday, 20 December 2024

Iarphríomhfheidhmeannach Gael Linn, Herman Ó Briain, imithe ar shlí na fírinne

Iarphríomhfheidhmeannach Gael Linn, Herman Ó Briain, imithe ar shlí na fírinne

English Translation below)

 

Is mór an méala é do Bhord agus d’fhoireann Gael Linn bás iar-phríomhfheidhmeannach na heagraíochta, Herman Ó Briain. Cuireann muid ár gcomhbhrón ó chroí in iúl dá theaghlach agus dá chairde agus iad faoi bhrón i láthair na huaire. 

 

Chaith Herman ocht mbliana ina phríomhfheidhmeannach ar Gael Linn. Dar le baill d’fhoireann Gael Linn bhí scileanna gnó den chalabra is airde ag Herman. Rinne sé cinntí móra a chuaigh go mór chun leas na heagraíochta. Bhí meas ar a chumas agus ar a chur chuige mar cheannasaí fadradharcach agus pragmatach. Bhí gean ag foireann Gael Linn air mar chomhghleacaí. Sa bhliain 1994 a ceapadh ina phríomhfheidhmeannach é agus lean sé sa ról go 2002. Nuair a d’fhág sé Gael Linn bhí rath ar an eagraíocht agus dóchas don am a bhí le teacht. Tá Gael Linn ag breith buntáiste inniu ar na cinntí gnó a rinne Herman agus é i gceannas. 

 

Bhí sé i gcuideachta chairde Gael Linn i Mí an Mhárta 2023 sa Sugar Club, Baile Átha Cliath, agus an eagraíocht ag comóradh 70 bliain ar an fhód. Cainteoir dúchais a bhí ann ó Chonamara.

 

Dúirt, Wayne Mac Feilimí, Cathaoirleach Bhord Gael Linn, ‘Tá ardmheas againn uilig ar Herman agus á ndearna sé don chomhlacht. Bhí uaisleacht agus éirimiúlacht ag baint leis agus thóg sé taithí mhór agus scileanna gnó leis ón earnáil phríobháideach chuig earnáil dheonach na Gaeilge. Chuidigh é seo go mór le Gael Linn. Tá muid faoi chomaoin mhór aige as a dhíograis mar cheannasaí fadradharcach. Duine séimh agus lách a bhí ann le scileanna tomhaiste ceannaireachta de réir a iar-chomhglacaithe. Chuir a thiomantas le forbairt na heagraíochta i dtréimhse chinniúnach.’

 

Agus Gael Linn ag comóradh 70 bliain a mbunaithe anuraidh luadh ainm Herman Uí Bhriain go mion is go minic orthu siúd a d’imir tionchar an-dearfach ar chur chun cinn misean agus luachanna na heagraíochta. 

 

Suaimhneas síoraí ar a anam uasal https://rip.ie/death-notice/herman-obrien-dublin-dalkey-578662 

 

The Board and staff of Gael Linn are deeply saddened by the death of the former CEO, Herman Ó Briain. We send our heartfelt condolences to his family and friends at this time of grief.

 

Herman spent eight years as CEO of Gael Linn. According to Gael Linn staff members, Herman possessed business skills of the highest calibre. He made determinations that paid great dividends to the organization. His approach was forward seeing and pragmatic and he was greatly respected as a leader. His colleagues retain a fondness for him. In 1994 he was appointed chief executive and held the position until 2002. When he left, the organisation was in a strong position allowing it to build towards a firm future. Gael Linn is benefiting today because of significant changes introduced by Herman during his tenure. 

 

As Gael Linn celebrated the 70th anniversary of its founding last year the name of Herman Ó Briain was mentioned often as being among those who played a very positive influence on the promotion of the organization's mission and values. He attended the 70th anniversary event in March at the Sugar Club, Dublin.

 

Wayne Mac Felimí, Chairman of the Gael Linn Board, said, “We all have great respect for Herman and what he did for the company. He was a true gentleman and possessed tremendous business acumen. He brought huge experience and a skill set in business with him from the private sector to the Irish language voluntary sector. This helped Gael in no small measure. We are greatly indebted to him for his zeal as a far-sighted leader. He was a friendly and kind person according to his former colleagues with a measured approach to leadership. His commitment contributed greatly to the development of the organization at a crucial period.”

 

 

Suaimhneas síoraí ar a anam uasal https://rip.ie/death-notice/herman-obrien-dublin-dalkey-578662